Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 1 Feb 2023

Fís TG4 agus na dúshláin atá roimhe: Plé

Is é ábhar an lae inniu ná fís TG4 agus na dúshláin atá roimhe. Is é sin atá á phlé againn le hionadaithe thar ceann TG4. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. más gá.

Is mian liom fáilte a fhearadh roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhalta eile atá ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe a labhróidh os ár gcomhair inniu, roimh ár lucht féachana ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais, agus dár ndóigh, roimh ard-stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, agus cathaoirleach an bhoird nua atá ag TG4, Anna Ní Ghallachair. Tá siad anseo thar ceann TG4 ina iomláine. Ar dtús, ar mo shon féin agus ar son na gcomhaltaí eile, is mian liom comhghairdeas ó chroí a ghabháil leis an gcathaoirleach nua. Bhí ról againn i gcuidiú le ceapachán na gcomhaltaí a mbeidh faona stiúir amach anseo. Tá súil againn go líonfar an folúntas deireanach chomh luath agus is féidir ionas gur féidir foireann nó boird iomlán a bheith acu. Tá obair mhór rompu amach anseo.

Sula leanaim ar aghaidh le hábhar na cruinnithe inniu, caithfidh mé dul tríd na rialacha agus na treoracha seo a leanas agus iad a leagann faoi bhráid na finnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú seo.

Meabhraím do chomhaltaí, d'finnéithe agus do bhaill na foirne a cinntiú go bhfuil a gcuid gutháin shoghluaiste múchta le linn na cruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú seo go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe poiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Feicim go bhfuil an Seanadóir Barry Ward, an Teachta Fergus O’Dowd, agus an Teachta Aindrias Ó Muimhneacháin linn. Má tá comhaltaí ag freastal ar an gcruinniú agus ag glacadh páirt ann, is gá go mbeadh an físeán ar siúl agus gur féidir iad a fheiceáil ar an scáthlán. Meabhraím dóibh a chinntiú de go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint. Ba chóir dúinn cloí leis na moltaí sin ach go háirithe.

Cuirim ina luí ar na finnéithe go bhfuil siad, de bhua Bunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Agus an fhianaise sin á thabhairt acu, is fíric é nach bhfuil finnéithe in ann braith ar an gcosaint sin má tá siad á tabhairt ó thaobh amuigh. Ní gá dúinn déileáil leis sin inniu. Molaim d’fhinnéithe, go mór mhór iad siúd atá ag freastal ar an gcruinniú lasmuigh, a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu agus má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaigh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don choiste má eisítear ordú dá leithéid.

Cuirfimid tús anois leis an scrúdú ar ábhar an chruinnithe seo agus iarraim ar chathaoirleach TG4, Anna Ní Ghallachair, ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Ms Anna Ní Ghallachair

Ar dtús, sula dtosaimíd, guím beannachtaí na Féile Bríde oraibh ar fad.

Is iad seo na rudaí gur mhaith liom a rá inniu. Is maith is cuimhin linn uilig an oíche a dtáinig TG4 ar an tsaol. Oíche Shamhna 1996 a bhí ann nuair a lasadh tine an dóchais i gcroíthe na daoine a bhí báúil leis an Ghaeilge, ba chuma ar chainteoirí ó dhúchas nó cainteoirí cumasacha iad, taobh amuigh nó taobh istigh den Ghaeltacht, foghlaimeoirí óga ag streachailt ar an scoil leis an teanga a thabhairt leo, nó daoine fásta a raibh díomá agus náire orthu nach raibh siad in ann “a dteanga féin”, mar a thugann siad uirthi, a labhairt. Ócáid speisialta a bhí ann; ócáid spleodrach nua-aimseartha uaillmhianach a bhí inchurtha le rud ar bith ar an stáisiún ba shaibhre ar domhan, ina raibh óige na hÉireann chun tosaigh. Go dtí an lá inniu, is iomaí duine, go háirithe foghlaimeoirí Gaeilge, a déarfadh gurb é bunú Theilifís na Gaeilge an gníomh ba thábhachtaí i slánú na Gaeilge ó bhunú an Stáit.

Ní raibh an bóthar a bhí roimh an stáisiún gan chastaí áfach. Ní ligeadh an buiséad don fheidhmeannas leagan amach an chéad oíche sin a leanúint agus rinneadh cinntí díriú isteach ar ábhar nideoige a bhí, agus atá go fóill, ar ard-chaighdeán. Smaoiním go háirithe ar na cláracha faisnéise, ar chláracha na bpáistí, ar na cláracha spóirt, ar an sobaldráma a thugann léiriú ar shaol na Gaeltachta, agus ar an tionscal dúchasach closamhairc a d’fhás aníos le freastal ar an treo sin. Coinníonn an ganntanas airgid srian ar an uaillmhian ach níor phlúch sé í.

Ag teacht le spriocanna na seirbhíse craoltóireachta poiblí, comhlíonann an stáisiún a chuid dualgais uilig maidir le eolas, oideachas agus siamsa a chur ar fáil do phobal na hÉireann; féiniúlacht agus ilchineálacht na sochaí a léiriú; cultúr, spórt agus teanga nó teangacha na hÉireann a chur chun tosaigh; guth a thabhairt do réimse leathan léargais; agus tuairimí agus cuntas a iarraidh orthu siúd a bhfuil an chumhacht acu sa tír.

Tá tagairt déanta do na craoltaí faisnéise. Ina dteannta siúd, tá foinse leitheadach ábhar foghlama ar fáil ar shuíomh an stáisiúin a chuimsíonn gach leibhéal ón bhunscoil go dtí an tríú leibhéal. Tá raon leathan ábhar siamsaíochta á chraoladh ar TG4; drámaí, scannáin, ceol traidisiúnta agus ceol tíre, damhsa, gan ach cúpla rud a lua. Ar ndóigh, níor chóir dearmad a dhéanamh de Ghradam Ceoil TG4 a aithníonn agus a spreagann plúr na gceoltóirí ar bhonn bliantúil, ócáid fíorthábhachtach i bhféilire an cheoltóra, ná dearmad a dhéanamh ar an chraoladh ar Oireachtas na Gaeilge an áit a dtéann go leor de mhórcheoltóirí an ama atá le theacht ar stáitse don chéad uair.

D'éirigh le TG4 go leor oibre a dhéanamh maidir le súil eile ar an tsaol agus ar an tsochaí a léiriú. Tugtar léargas ar an tsaol taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, rud atá iontach tábhachtach agus a thaitníonn go mór leis na hÉireannaigh nua go háirithe. Freagraíonn na cláracha a thugtar isteach ó thíortha eile, cuid acu dubáilte agus cuid eile le fotheidil, do ilchineálacht na tíre. Sa daonáireamh deireanach, rinneadh cur síos ar 212 teanga ar thalamh na hÉireann agus tuairiscíodh go raibh os cionn 612,000 duine, nó os cionn 13% den daonra, a labhraíonn teanga seachas an Ghaeilge nó an Béarla sa bhaile. Mar bhallstát ilteangach den Aontas Eorpach, ba mhaith liomsa go mbeadh na hacmhainní againn tógáil ar an ghné seo den obair. Cuireann saineolas ó thíortha nach tíortha an Bhéarla iad go mór le cláracha faisnéise fosta. Cuidíonn sé go mór le gné na súile eile.

Ní gá a rá go leagtar béim ar leith ar chúrsaí spóirt ar TG4 agus ar an ilchineálacht sa réimse seo, cluichí Chumann Lúthchleas Gael, leadóg, rugbaí agus an Tour de France ina measc. Tagann an ilchineálacht sin leis an ilchineálacht sna réimsí eile.

Ar ndóigh, tá an Ghaeilge i gcroílár na hoibre. Ceann de na deacrachtaí is mó a bhíonn ag mionteangacha ná laghdú fearann nó “domain shrinkage” mar a thugtar sa Bhéarla air, nuair nach gcruthaítear nó nach n-úsáidtear sa mhionteanga an téarmaíocht a bhaineann le gnéithe nua-aimseartha den tsaol. Is rud é seo atá le sárú fiú sna mórtheangacha anois, a bhuí do fhorlámhas an Bhéarla. Sa lá atá inniu ann, is ó na meáin a thagann an chuid is mó den téarmaíocht úr anuas chugainn. Tá sé tábhachtach mar sin go mbeidh an téarmaíocht sin le cloisteáil go rialta i nGaeilge agus déanann TG4 cuid mhór le dul i ngleic leis an dúshlán seo.

Tá ról eile ag an chraoladh trí mheán na Gaeilge i sochtheangeolaíocht na teanga. Le tuairim is 30 bliain anuas, tá taighdeoirí, agus smaoiním ar obair an ollaimh emeritus Phádraig Ó Riagáin ach go háirithe, ag tabhairt le fios gurb é ceann de na deacrachtaí is mó maidir le buanú na Gaeilge ná an easpa deiseanna an teanga a chleachtadh taobh amuigh den scoil. Cé nach gcruthaíonn craoladh na Gaeilge deiseanna díreacha labhartha, cruthaíonn sé deiseanna clostuisceana chomh maith le taithí ar réimeanna agus canúintí eile Gaeilge.

Cuireann na cláracha cúrsaí reatha réimse leathan léargas ar fáil dúinn. Ba chóir go ndéanfadh an clár nuachta an rud céanna. Tá ár gcéad cheannaire nuachta agus cúrsaí reatha ceaptha anois agus tá muid ag tnúth leis an neamhspleáchas agus leis an iolrachas a bhaint amach inár seirbhís nuachta mar atá molta ag Coimisiún um Thodhchaí na Meán.

Maidir leis an ghlacadh atá leis seo uilig, tá muid iontach bródúil as an méid atá bainte amach againn le cúpla bliain anuas. Sa chraoltóireacht líneach, tá dul chun cinn seasta déanta againn ar ár sciar den lucht féachana agus, sna meáin neamhlíneacha, tá dhá ardán nuathógtha againn, BLOC agus MOLSCÉAL, agus tá pearsantacht thaitneamhach aitheanta forbartha ag TG4 ar Twitter. Mar atá ráite, tá ábhar Cúla4 á chur ar fáil againn mar acmhainn luachmhar Ghaeilge do scoileanna agus, sa tsuirbhé deireanach a rinne muid, tá 44% de mhúinteoirí bunscoile iomlána na tíre ag baint úsáide as Cúla4 nó as seinnteoir TG4 sa seomra ranga.

Bunaíodh Cine4 in 2017 “le deis a thabhairt do 'genius' cruthaitheach na Gaeilge teacht faoi bhláth” mar a scríobh an tard-stiúrthóir in iris Comhar i mí na Samhna na bliana sin. Le tacaíocht láidir ó Screen Ireland Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann, BAI, tá fíorú na físe sin tar éis ár dtír, ár dteanga agus scéal ár ndaoine a thabhairt isteach i bpictiúrlanna ar fud an domhain. Tá an scannán an-speisialta, “An Cailín Ciúin” roghnaithe do ghearrliosta Oscar don 5 scannán idirnáisiúnta is fearr in 2022 agus is éacht iontach é seo do scannán fada Gaeilge a rinneadh ar bhuiséad beag.

Seolfaidh TG4 cainéal Cúla4 i mí Meán Fómhair seo chugainn, togra a chuirfidh go mór le normalú ábhar Gaeilge do pháistí in Éirinn. Tá i bhfad níos mó infheistíochta ag teastáil áfach. San áireamh tá infheistíocht i ndrámaíocht Ghaeilge do lucht féachana níos óige agus mol oideachais nua le hábhar a chuideoidh agus a thabharfaidh tacaíocht do mhúinteoirí a mhúineann an Ghaeilge nó a mhúineann trí mheán na Gaeilge.

Is é moladh 7-2 ón Choimisiún um Thodhchaí na Meán ná ba chóir don BAI, nó do Choimisiún na Meán:

athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí agus ábhair Ghaeilge ar fud chóras na meán ina leagfar béim ar struchtúir institiúideacha agus deiseanna maidir le nuálaíocht agus comhoibriú... Ba chóir go mbeadh moltaí san athbhreithniú seo, atá le tabhairt chun críche laistigh de 18 mí, maidir le soláthar seirbhísí Gaeilge a fheabhsú.

Molann TG4 go láidir go ndéanfaí an t-athbhreithniú cuimsitheach seo go tráthúil ag toiseacht go luath in 2023 agus go ndéanfaí an t-athbhreithniú a fhrámú i gcomhthéacs straitéisí eolaíochta teanga agus pleanála teanga a bhfuil sé mar aidhm acu cur in aghaidh athrú teanga agus ár dtimpeallacht éagsúlachta teanga in Éirinn a chaomhnú don ghlúin seo agus do na glúnta atá le teacht.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire, an Teachta Catherine Martin, as mé a ainmniú mar chathaoirleach ar TG4. Is onóir agus pribhléid é agus bhéarfaidh mé faoi mo chuid cúramaí agus mo chuid oibre leis an bhord agus leis an fheidhmeannas le fonn, le díograis, le tuiscint agus le huaillmhian. Gabhaim buíochas leis an Chathaoirleach agus le baill an chomhchoiste as a n-éisteacht agus as a dtacaíocht.

Mr. Alan Esslemont

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an gcoiste as an gcuireadh teacht chun labhairt inniu. Ba mhaith linn buíochas ó chroí freisin a ghlacadh leis an gcoiste as an taca láidir a léirigh an coiste do TG4 agus dár bhfís, "Fís TG4 tar éis Covid". Go háirithe ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus leis an Rialtas as a dtacaíocht thar na trí cháinaisnéis deiridh. Mar sin féin, tá TG4 fós i bhfad chun deiridh ar chraoltóirí mionteangacha Eorpacha eile ó thaobh maoinithe agus scála de, ar nós S4C sa Bhreatain Bheag nó EITB i dTír na mBascach. Is é S4C an cainéal mionteanga is cosúla le TG4 ach tá a bhuiséad iomlán faoi dhó níos mó ná buiséad TG4. Ina dtuarascáil, déanann an Coimisiún um Thodhchaí na Meáin moladh gur cheart na meáin seirbhíse poiblí a shainmhíniú mar “ghné chinniúnach den bhonneagar poiblí” nó "critical public infrastructure" agus tá an-áthas orainn gur ghlac an Rialtas leis an moladh seo. Creideann muidne go bhfuil na meáin Ghaeilge mar bhonneagar criticiúil poiblí do thodhchaí na Gaeilge.

Ainneoin a seasamh bunreachtúil, feidhmíonn an Ghaeilge mar mhionteanga agus, cosúil le gach mionteanga, tá sí i mbaol language shift nó athrú teanga, an próiseas trína n-aistríonn pobal labhartha teanga ó theanga amháin go dtí teanga eile. I gcomhthéacs athrú teanga, rangaíonn UNESCO anois an Ghaeilge mar theanga atá definitely endangered. Léiríonn eolaíocht teanga dúinn gur féidir dul i ngleic le hathrú teanga. Ní mór straitéisí bainistiú nó pleanáil teanga a úsáid le brí agus le fuinneamh i dtrí réimse chun tacú leis seo. Is iad na réimsí seo ná bainistíocht ar chorpas teanga, bainistíocht ar shealbhú teanga agus bainistíocht ar stádas teanga. Creideann muid, inár ndomhan digiteach agus comhnasctha, go bhfuil ról an-tábhachtach ag TG4 sna trí réimse seo, go háirithe i bhforbairt bhainistíocht stádais don Ghaeilge. Tá sé sin feicthe againn leis an moladh atá tugtha do "An Cailín Ciúin". Is gné lárnach agus criticiúil iad na meáin Ghaeilge sa chomhrac in aghaidh athrú teanga.

I mbliana, i gcomhthéacs “Fís TG4 tar éis Covid”, beidh TG4 ag cur aighneacht réamh-cháinaisnéis eile ag an Roinn agus ag an Rialtas. Leanfaidh muid leis an mbéim atá muid ag cur ar ábhar siamsúil don óige. Freisin beidh muid ag moladh forbairt shuntasach a dhéanamh ar an ábhar oideachasúil atá TG4 ag cur ar fáil do na scoileanna, bunscoileanna agus meánscoileanna. Molfaidh muid go mbeidh ábhar físe nua ann do na scoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge, chomh maith le hábhar físe nua do scoileanna atá ag múineadh na Gaeilge mar dara teanga. Chuirfeadh muid fáilte roimh an deis tuilleadh eolais a thabhairt don chomhchoiste nuair a fhoilseofar an aighneacht réamh-cháinaisnéis an samhradh seo.

Creideann muid freisin gur féidir leis an gcomhchoiste seo a bheith lárnach i gcur chun cinn dhá thionscnamh reachtaíochta atá, dar linne, an-tábhachtach don Ghaeilge agus don earnáil chlosamhairc Ghaeilge. An chéad cheann ná go mbeidh deireadh leis an gcreidmheas cánach réigiúnach section 481 ag deireadh na bliana seo. Cé go n-aithníonn muid nach bhfuil aon tiomantas tugtha ag an Rialtas do thacú le leanúint den ardú réigiúnach section 481 théis dheireadh 2023, creideann muid go bhfuil cás teanga ar leith ann, chomh maith le hargóint eacnamaíoch agus chultúrtha, chun tacú go sonrach le hardú alt 481 don Ghaeltacht. Tá páipéar curtha ar fáil againn don chomhchoiste a mhíníonn ár gcás agus bheinn an-sásta é sin a phlé leis an gcoiste.

Luaim an tionscnamh eile seo a leanas. Faoi rialacha an Aontais Eorpaigh, tugtar cead do na ballstáit imeachtaí spóirt agus imeachtaí cultúir áirithe a ainmniú mar imeachtaí atá fíorthábhachtach don tsochaí; sin na rialacha do designation of major events. Ceadaítear do na ballstáit a chinntiú go ndéantar na himeachtaí seo a shaorchraoladh ar an teilifís. Déantar athbhreithniú ar an liosta gach trí bliana. Creideann TG4 gur cheart gur cheart go mbeadh cúinsí teanga agus cúinsí stádais teanga san áireamh sa chéad liosta eile agus gur cheart go mbeadh leithéidí na cluichí ceannais craoibhe sinsir CLG ar fáil beo i nGaeilge leis an leibhéal céanna léiriúcháin agus a chuirtear ar fáil don léiriúchán i mBéarla.

Arís, bheinn an-sásta labhairt leis an gcoiste faoi sin. Cuirfidh an bheirt againn fáilte roimh cheisteanna agus roimh mholtaí na mball.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus déanaim comhghairdeas leo as a nomination. Tá cúpla ceist againn agus fuaireamar na details mar gheall ar an regional uplift chomh maith. Cad atá á lorg ag TG4 mar gheall air sin? Cé mhéad atá á lorg mar chreidmheas cánach? An gceapann TG4 go mbeidh aon choinníollacha teanga ag baint leis sin chun a chinntiú nach bhfuil na scannáin ag déanamh Béarlú ar cheantair Ghaeltachta chun fostaíocht a chruthú trí Ghaelainn? An bhfuil TG4 ag lorg go mbeidh ardú Gaeltachta agus ardú réigiúnacha le chéile? Tá sé curtha in iúl dúinn gur féidir maoiniú Stáit ar leith atá curtha ar leataoibh don Ghaeilge le fáil don déantús closamhairc, faoi mar a bhfuil, ach 30% de chomhrá sa scannáin nó sa clár teilifíse a bheith i nGaeilge. An bhfuil eolas ag na finnéithe ó TG4 faoi sin? An bhfuil an 30% seo sásúil? An féidir linn aon rud a dhéanamh chun é sin a ardú?

Mr. Alan Esslemont

Tagraím don ardú réigiúnach, atá ag imeacht i mbliana agus nach mbeidh ann níos mó. An tseachtain seo, tugadh os cionn €3 mhilliún d'Fhís Éireann, Screen Ireland, chun deontais réigiúnacha a chur ar fáil.

Is rud maith é sin. Leis an seanscéim, ní rabhthar in ann an t-ardú a fháil, cuir i gcás, i gContae Chorcaí, agus níl aon chiall leis sin. Tuigtear dom go bhfuil Fís Éireann ag obair ar scéim chun deontais a chur ar fáil do chomhlachtaí atá ag iarraidh léiriú taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus de Chill Mhantáin. Is rud maith é sin agus creidimid gur cheart leanúint ar an mbealach sin. B'fhéidir gur cheart an méid airgid atá acu a ardú de réir a chéile, más féidir a léiriú go bhfuil éileamh ar deontais réigiúnach, agus ansin ardú de réir a chéile a dhéanamh. Creidimid go láidir go bhfuil sé sin tábhachtach.

Tagraím d'fhorbairt a dhéanamh ar chomhlachtaí Gaeilge, go háirithe comhlachtaí atá sa Ghaeltacht. Tá sé tugtha faoi deara againn go bhfuil sé níos éasca ag cuid de comhlachtaí atá ag obair linne ach atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Tá siadsan in ann scála a chur lena gcuid ghnó níos éasca ná mar atá na comhlachtaí atá ag obair linn sa Ghaeltacht. D'fhéadfadh ardú Gaeltachta a bheith lárnach ó thaobh tionscnaimh agus intellectual property dúchasach a fhorbairt trí na comhlachtaí atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht. Deis iontach a bheadh ansin. Má táthar ag obair sa tionscnamh s'againne sa Ghaeltacht táthar faoi mhíbhuntáiste. Go pointe, thabharfadh an t-ardú réigiúnach seo don Ghaeltacht cuid de na buntáistí ar ais ag an nGaeltacht, má tá na comhlachtaí cáilithe dóibh. Mar a deirim, tá na comhlachtaí i mBaile Átha Cliath atá ag obair linn in ann scála a dhéanamh níos fearr ná na comhlachtaí eile. Bheadh sé cabhrach dá mbeadh scéim ag Fís Éireann le deontais réigiúnacha a chur ar fáil d'aon áit sa Stát taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus de Chill Mhantáin. Ba rud mhaith é sin agus b'fhiú cur leis an scéim sin. Tá Údarás na Gaeltachta théis a bheith ag obair ar an ardú réigiúnach a choinneáil, ach an Ghaeltacht a bheith mar an réigiún.

D'fhiafraigh an Teachta cén tionchar a bhféadfadh sé seo a imirt ar an nGaeltacht ó thaobh an Bhéarla de, agus bheadh tionchar dearfach ann tríd is tríd. Cuir i gcás bheadh comhlacht mór ann a thugann service againne ag teacht as Sasana nó as Meiriceá agus ag iarraidh a bheith ag feidhmiú tríd an deontas seo. Tá na comhlachtaí seo isteach agus amach agus seans go mbeadh siad ag obair le comhlacht neamhspleách le Gaeilge a bheadh lonnaithe sa Ghaeltacht. Feictear domsa go bhféadfadh sé seo a bheith an-tábhachtach ó thaobh an tionscadail a fhorbairt sa Ghaeltacht.

Tagraím do Ghaeilge sna cláir. Tríd is tríd, tá an moladh seo ann gur cheart go mbeadh muid ag dul ag an muintir. Má tá rud tábhachtach le rá ag duine agus nach bhfuil Gaeilge aige nó aici, creideann muid gur cheart go mbeadh sé sin sa chlár, ach cuireann muid béime agus iallacha ar na léiritheoirí déanamh cinnte go bhfuil an méid is mó de Ghaeilge sna cláir. Léiríonn na staitisticí gur cláir Gaeilge is mó a mheallann lucht fhéachana. Ní mhealltar lucht féachana do Bhéarla i gcláir. An t-aon fáth go bhfeictear Béarla i gcláir ná mar gheall go raibh finné ann nach raibh in ann fianaise a thabhairt ach amháin trí Bhéarla. Tugann sé sin stádas do chláir mar tá an lucht féachana ag fáil na foinse, an source. Coinníonn muid súil air sin an t-am ar fad agus tugaimid aiseolas do na léiritheoirí faoi.

Feicimid an cumas atá ag cláir agus físeanna trí mheán na Gaeilge le leithéidí "An Cailín Ciúin".

Mr. Alan Esslemont

An fáth go mbeadh muid ag plé le cinema ná go gcruthaíonn sé stádas. Tá ceangal idir an nGaeilge agus Hollywood agus téann sé sin i bhfeidhm ar an aos óg go láidir.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair agus déanaim comhghairdeas leo. Tá an-chuid bainte amach ag TG4 trí na blianta. Tá an lucht leanúna láidir aige agus cloisim ó dhaoine go mbaineann siad taitnimh as na cláir éagsúla.

Tá athrú ar an tslí go bhfuil daoine ag teacht ar chláir, ní ag am faoi leith i rith an lae ach b'fhéidir um thráthnóna nuair atá sé oiriúnach dóibh féin binge de box set nó pé rud a dhéanamh. Tá daoine ag druidim ar an Idirlíon níos mó chomh maith. Bheadh suim agam a chloisteáil conas mar a bhraitheann na finnéithe go bhfuil said chun tabhairt faoin dúshlán sin amach anseo leis an tslí go bhfuil daoine ag teacht ar chláir theilifíse. Mar an gcéanna, tagraím don bhfógraíocht agus an caiteachas a bhaineann leis sin. Tá níos mó de sin ag druidim ar an Idirlíon seachas na meáin traidisiúnta chomh maith agus baineann sé sin leis na nuachtáin, leis an teilifís agus le gach aon rud eile. Bheadh suim agam tuairimí na bhfinnéithe a fháil air sin agus go ndéanfadh siad é sin a láimhseáil.

Tagraím do mhír 481. Braitheann a lán daoine go mbaineann sin leis na scannáin. Tá na finnéithe ag rá go n-úsáidfeadh TG4 é i gcomhair scannán a dhéanamh nó cad go díreach a bheadh ann? An box sets nó Netflix series nó mar sin de a bheadh ann? Tagraím do na daoine a bheadh lonnaithe i mBéal Átha an Ghaorthaidh, i nGaoth Dobhair nó pé áit. Conas a bhfeictear go mbeadh siad ábalta tairbhe a bhaint as seo?

Mr. Alan Esslemont

Luaim rud nach dtuigeann daoine faoi TG4. An chéad player a bhí ar na hoileáin seo, an Bhreatain agus Éire, is ag TG4 a bhí sé. An duine atá i gceannas ar chúrsaí digiteach do TG4, Peadar Ó Flatharta, tháinig sé isteach agus bhunaigh sé player sula raibh ceann ag Channel 4, BBC nó RTÉ. Is rud é go bhfuilimid ag smaoineamh air an t-am ar fad, go háirithe mar gheall gur chraoltóir domhanda muid. Mar gheall ar na cearta atá againn le cláir coimisiúnaithe, táthar in ann breathnú ar chláir TG4 ar fud an domhain má tá siad coimisiúnaithe againn. Thuig muid, an-luath, an tábhacht a bhain le player. Ó shin, bhí an meon againn go raibh muid ag forbairt an t-am ar fad.

Deirim rud faoi chúrsaí líneacha i gcónaí. Tá lucht féachana an-ard i gcónaí le haghaidh teilifís líneach. An rud a deirim le mo chuid comhghleacaithe i gcónaí ná gan aon dochar a dhéanamh ansin, rud atá an-tábhachtach. Go háirithe leis an gcúnamh atáimid ag fáil ón Rialtas seo, tá ag éirí linn forbairtí ar an taobh neamhlíneach a dhéanamh. Tá go leor forbartha déanta ar an player agus tá player againn do pháistí. Tá ardán againn le haghaidh daoine óga le BLOC agus tá ardán sóisialta againn le haghaidh phobal labhartha na Gaeilge, ach go háirithe le haghaidh phobal na Gaeltachta. Tá ag éirí thar cionn leis na hardáin sin.

Níl na figiúirí foilsithe againn fós - beidh siad ag teacht ag an Oireachtas - ach tá ardú thar cuimse ar video views den ábhar atá TG4 ag déanamh. Táim sásta go bhfuil muid ag déanamh go maith sa spás sin. Is cuid de DNA TG4 é a bheith ag díriú ar an taobh digiteach. Táim an-soiléir freisin nár cheart dúinn dochar a dhéanamh do sheirbhís líneach TG4. Tá sé an-tábhachtach. Chonaic muid é sin sa phaindéim. Labhair an Coimisiún um Thodhchaí na Meán faoi "critical public infrastructure". Feictear dom gurb é sin an chaoi ina n-oibríonn na meáin seirbhíse poiblí agus tá sé níos tábhachtaí arís i leith na Gaeilge.

Maidir le fógraíocht, tá go leor scéalta chailleach an uafáis faoi seo ach ní bheidh muid riamh ag saothrú an méid airgid a shaothraíonn na meáin Bhéarla. Má fhaigheann RTÉ euro ón Rialtas, tá sé in ann euro a dhéanamh tríd an bhfógraíocht mar gheall go bhfuil sé ag craoladh i mBéarla. Má fhaigheann muid féin euro ón Rialtas, táimid in ann thart ar 10 cent a shaothrú tríd an bhfógraíocht. Is é sin an spás ina bhfuil muid le mionteanga. Tá an méid atáimid ag saothrú tríd an bhfógraíocht ag ardú. Feictear dom go bhfuil sé ag ardú mar go bhfeiceann daoine go bhfuil go leor fós ag teacht le chéile le teilifís líneach. Táimid ag coinneáil súil air an t-am ar fad ach, le roinnt blianta anuas, mar gheall go bhfuil ardú ag teacht ar lucht féachana TG4 ar aon nós, tá ardú ag teacht ar an méid atáimid in ann saothrú tríd an bhfógraíocht. Táimid ag súil go dtiocfaidh sé seo ar aghaidh ar an mbealach sin. Athraíonn an saol agus athraíonn rudaí ach, faoi láthair, tá mé sásta.

Maidir leis an maoiniú faoi section 481, is rud an-mhaith a bhí san ardú réigiúnach ach bhí lochtanna air. Aontaím leis an Rialtas go raibh lochtanna air. Mar a dúirt mé, sílim gurb é an bealach ar aghaidh ná deontais réigiúnacha gur féidir iad a chur ar fáil aon áit sa Stát agus ardú Gaeltachta a thabharfadh deis do na comhlachtaí atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht. Tá clusters sa Ghaeltacht nach bhfuil in aon áit eile ach amháin Baile Átha Cliath agus Cill Mhantáin. Is sa Ghaeltacht amháin atá na clusters closamhairc i ndáiríre. Tá bunús ansin le tionscal láidir a bhunú. Faoi láthair, tá siad faoi mhíbhuntáiste. Rinne Olsberg SPI tuairisc píosa ar ais inar tugadh "metro-centricity" air sin. Tá sé sin fós ag feidhmiú. Thabharfadh an t-ardú Gaeltachta seo deis do na comhlachtaí atá ag iarraidh feidhmiú as an nGaeltacht láidriú. Is é an rud atá mise ag cuardach ná scála, is é sin, go mbeidh na comhlachtaí atá againn ag obair go hidirnáisiúnta. Tá cuid acu, mar Telegael, ag obair go hidirnáisiúnta. Nuair a thosaigh muide, bhí muid mar 95% de turnover Telegael. Ní dóigh liom go dtagann 5% dá turnover uainn anois. Léiríonn sé sin cad is féidir a dhéanamh ach caithfear tacaíocht a chur ar fáil. Tá comhlachtaí sa Ghaeltacht faoi mhíbhuntáiste faoi láthair.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus gabhaim buíochas leo as ucht teacht isteach. Déanaim comhghairdeas leo ar "An Cailín Ciúin". Bhí sé go hiontach ar fad. Bhí seans agam é a fheiceáil buíochas le Trevor Ó Clochartaigh, a thug cuireadh dúinn teacht go dtí an Irish Film Institute chun é a fheiceáil. Mar dhuine a d'fhoghlaim a chuid Gaeilge i gColáiste na Rinne sa Rinn, bhí an-áthas orm an Ghaeilge sin a chloisteáil sa scannán. Bhí sé go hiontach ar fad agus déanaim comhghairdeas leis na finnéithe.

Cuirfidh mé ceist ghairid faoi fhógraíocht ar TG4. Bhí na finnéithe ag labhairt faoin méid atá déanta ag TG4 do mhuintir na hÉireann agus ag rá gur taisce cultúrtha atá i gceist leis. Táim 100% leo ar an ábhar sin. Tá sé go hiontach. Aontaím go hiomlán leo faoin méid a dhéanann sé do dhaoine atá taobh amuigh den Ghaeltacht. I mo cheantar féin i nDún Laoghaire, tá a lán Gaeilgeoirí ann a labhraíonn an Ghaeilge gach lá. Tá Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí againn. Is iontach an rud é do na daoine sin go bhfuil an tseirbhís ann. Tá an tseirbhís go hiontach. Ag an am céanna, má táimid ag labhairt faoi thaisce cultúrtha, is é an cheist atá agam ná cén fáth a bhfuil fógraíocht i mBéarla agus fógraíocht ón mBreatain agus tíortha eile á taispeáint. Más é jab TG4 an cultúr sin a chur i bhfeidhm dúinn, ní cheart dó an fhógraíocht sin i mBéarla nó ó thíortha eile a bheith aige. Tuigim go gcaithfear íoc as an tseirbhís agus go bhfuil rudaí eacnamaíochta ann, rudaí atá cinnte tábhachtach, ach, más gá fógraíocht a dhéanamh trí Bhéarla, nach féidir fotheidil a chur uirthi chun an balance sin a dhéanamh idir an dá rud? Fiú maidir leis an bhfógraíocht Bhéarla, bíonn fadhb agam nuair atá blas Sasanaigh le cloisteáil inti. Níor mhaith liom a bheith anti-Sasanach agus níl mé ag iarraidh aon rud mar sin a rá ach, má táimid ag labhairt faoi thaisce cultúrtha maidir le TG4, tá jab ag na finnéithe é sin a fheabhsú. Cad is féidir a dhéanamh faoin bhfógraíocht sin ón mBreatain agus faoin bhfógraíocht i mBéarla?

Mr. Alan Esslemont

Ó thaobh "An Cailín Ciúin", is é an fáth gur thug muid faoi ná go raibh muid ag iarraidh stádas a bhaint amach. Tá an-mholadh ag dul don stiúrthóir, Colm Bairéad, don léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi agus do Catherine Clinch agus na haisteoirí eile. Rinne siad an scannán i rith na paindéime Covid ar bhuiséad de €1.2 milliún. Is airgead mór é sin ach airgead an-bheag sa tionscal atá againn. Tá sé mar chuid de Cine4. Is é an aidhm le Cine4 ná an Ghaeilge a chur sna pictiúrlanna arís agus arís eile agus normalú a dhéanamh ar an eispéireas sin, a bheith ag dul ag an bpictiúrlann. Aontaím leis an Seanadóir. Tá sé ag cothú atmaisféar an-dearfach don Ghaeilge ar fad.

Ó thaobh na fógraíochta de, bhí mise mar chuid den ardbhainistíocht a sheol TG4. Is cuimhin liom go ndúirt muid ag an am go mbeadh an fhógraíocht uilig sa Ghaeilge. Theip orainn go dona. Go pointe, theip ar TnaG freisin. Níor éirigh linn an lucht féachana a fháil. Ansin, níor éirigh linn na fógraí a mhealladh. Suas go dtí trí bliana ó shin, bhí airgead TG4 ag leibhéal an-íseal. Bhí muid ag cuartú airgid aon áit ina gcuirfí airgead ar fáil agus ghlac muid le fógraí i mBéarla. Tá an obair atá déanta ag an Oireachtas ó thaobh béim a chur ar fhógraí Gaeilge an-tábhachtach sa tionscal. Feictear níos mó agus níos mó fógraí Stáit atá i nGaeilge ar na cainéil ar fad. Tá sé sin ag dul i bhfeidhm ar na fógróirí féin. Feiceann siad na fógraí ag dul amach ar TG4 agus aithníonn siad gur rud an-dearfach í an Ghaeilge. Labhraíonn siad faoi "An Cailín Ciúin". Sílim go bhfuil ag éirí linn é sin a athrú de réir a chéile. Aontaím leis an Seanadóir go hiomlán. B'fhearr liom go raibh an fhógraíocht ar fad i nGaeilge. Ba mhaith liom go leanfadh muid ar an mbealach chun é sin a bhaint amach. Sílim go mbainfimid amach é tríd íomhá na Gaeilge a chur chun cinn mar rud dearfach gur mhaith le fógróirí a n-ainmneacha a chur léi.

Is tuiscint nua in Éirinn atá ann. Sílim go bhfuil an tuiscint sin ag teacht tríd an obair atá TG4 ag déanamh faoi láthair. Creidim go ndéanfaimid dul chun cinn ó thaobh na bhfógraí.

Aontaím leis an Seanadóir ó thaobh fógraí ó thíortha eile ach, i ndáiríre, is ceist do na comhlachtaí atá ag déanamh fógraíochta í. Má chreideann siad gurb é sin an bealach is fearr leis an rud atá acu a chur ar aghaidh, beidh siad ag úsáid na fógraí sin. Tá fógraí daor. Má tá ceann déanta i Sasana, tá sé i bhfad níos éasca é a chur amach anseo ná ceann eile a dhéanamh.

Ag an am céanna, nach bhfuil dualgas ar TG4? Cé go bhfuil sé níos éasca fógra a thógáil ón mBreatain, an bhfuil dualgas ar TG4 rud éigin a dhéanamh faoi sin nó insint do na comhlachtaí sin gur cheart dóibh rud éigin a dhéanamh? Tá comhlachtaí Éireannacha i mBaile Átha Cliath agus áiteanna eile atá in ann na fógraí a dhéanamh. An bhfuil dualgas ar TG4?

Mr. Alan Esslemont

Sílim go bhfuil. Is comhlacht neamhspleách atá mar chuid den Business Post Group a dhíolann na fógraí dúinn. Níl aon áisíneacht taobh istigh de TG4. Nuair a labhraíonn muid leis an gcomhlacht sin, deir muid i gcónaí gur b'fhearr linn fógraí i nGaeilge nó, más urraíocht atá i gceist, go mbeidh píosa i nGaeilge ann. Feictear dom go bhfuil muid ag déanamh dul chun cinn. Bainfimid amach é seo de réir a chéile. Ní dóigh liom gur féidir linn a rá nach bhfuil muid chun glacadh le fógraí i mBéarla. Ní dóigh liom go n-oibreodh sé sin ag an bpointe seo. Déanfaimid dul chun cinn de réir a chéile má choinníonn muid brú ar na comhlachtaí.

Déanaim comhghairdeas leis an gCathaoirleach as a chuid gruaige. Tá sé go hálainn.

Rinne mé é sin ar son na carthanachta, LauraLynn. Chuir m'iníon ina luí orm é seo a dhéanamh.

Fair play don Chathaoirleach. Is faisean nua dúinn go léir é.

Ghearr sí a gruaig féin agus chuir sí ar aghaidh chuig áit a dhéanamh bréagfhoilt do pháistí a bhfuil ailse acu í. Rinne mé do charthanacht é ach tá sé difriúil dom.

Cuirim fáilte ar ais roimh na finnéithe. Déanaim comhghairdeas le hAnna Ní Ghallachair as a ról nua. Tá na ráitis tosaigh léite agam ach níl an rud eile léite agam fós. Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe as a gcuid oibre. Tá éacht amach agus amach déanta acu in ainneoin go bhfuil lochtanna fós ann. Déanaim comhghairdeas leo. Is tábhachtach é sin a rá.

Chun leanúint ar aghaidh ar an ábhar a d'ardaigh an Seanadóir, cúrsaí fógraíochta, níl a fhios agam cá bhfuil an tAcht nua atá i bhfeidhm tar éis troda. An bhfuil torthaí le feiceáil ó thaobh comharthaíochta Stáit agus fógraí ón Stát? An bhfuil sé sin le feiceáil?

Chonaic mé "An Cailín Ciúin". Déanaim comhghairdeas leis an bhfoireann uilig. Don chéad uair i mo shaol, cheap mé go raibh scannán chomh maith leis an leabhar. Is rud iontach é nuair atá an leabhar agus an scannán ar an leibhéal céanna. Is rud thar a bheith neamhghnách é sin. Thug an scannán sin, "Arracht" agus na scannáin eile ardú meanma dúinn. Tá sé an-tábhachtach.

Ag dul ar ais go dtí na ráitis tosaigh, cheap mé go raibh mé ar an eolas ach ní raibh a fhios agam go bhfuil 200 teanga in Éirinn. Is iontach an rud é sin. Ní raibh a fhios agam. Tá súil eile i gceist le TG4 i gcónaí, nach bhfuil? Tá ceannaire nua ó thaobh nuachta agus cúrsaí reatha ann. An bhfuil Anna Ní Ghallachair in ann cúpla focal a rá faoi sin agus faoin fhís atá ag TG4 leis an gceannaire nua sin agus ó thaobh na hilghnéitheachta de?

Maidir le Cúla4, tá 44% de mhúinteoirí scoile ag baint úsáid as laistigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. An bhfuil sprioc ann go mbeidh 100% ag déanamh amhlaidh? Cad é an sprioc atá ag TG4 ansin?

Beidh an t-athbhreithniú thar a bheith tábhachtach. Ba chóir go mbeadh sé críochnaithe laistigh de 18 mí. Tá na finnéithe ag rá go mba chóir tús a chur leis anois díreach gan aon mhoill.

Tá ceist amháin eile agam d'Alan Esslemont. Bhí mé déanach ag teacht isteach so b'fhéidir go bhfuil an cheist seo freagartha cheana. Maidir leis an stádas nó teideal seo faoi mír 481, a mbeidh deireadh leis in 2023, an bhfuil na finnéithe ag rá go bhfuil gá leis arís? Cad atá siad ag rá dúinn? Tá dhá mholadh anseo dírithe ar pholaiteoirí. An féidir díriú isteach ar na moltaí sin dom? Sa dara moladh, táthar ag caint faoi imeachtaí cultúrtha áirithe a ainmniú agus a bheith ar liosta. Athraíonn an liosta sin gach trí bliana. Cá bhfuil muid sa cycle sin? An bhfuil sé thart? Cén t-am atá fágtha? Cén ról atá againn, mar pholaiteoirí, maidir leis seo?

Ms Anna Ní Ghallachair

B'fhéidir go dtosóidh mise. Níl mé sa ról ach le tuairim is dhá mhí ag an phointe seo. Ar ndóigh, níl achan rud ar eolas orm go fóill.

Is tréimhse thar a bheith fada é sin sa bhfoirgneamh seo.

Ms Anna Ní Ghallachair

Is dóigh é. Agus muid ag caint ar "An Cailín Ciúin", is maith liom gur luaigh an Teachta na scannáin eile mar tá siad ar fheabhas fosta. Chonaic mé "Róise agus Frank" mé féin agus tá "Arracht" agus an ceann faoi Joe Éinniú ann freisin. Cén teideal a bhí air? Bhí baint aige le clocha.

“Song of Granite”.

Agus “Foscadh".

Ms Anna Ní Ghallachair

Agus "Foscadh". Tá siad uilig dochreidte maith. Tá súil agam go dtapóidh daoine an deis iad a fheiceáil. Tá "Foscadh" ar fáil ar an seinnteoir go ceann seachtaine eile ag an phointe seo. Is rud amháin é sin.

Maidir le cúrsaí teanga, mar a dúirt an Teachta, tá 212 teanga á labhairt ar thalamh na hÉireann faoi láthair. De ghnáth, nuair a bhíonn daoine ag déanamh suirbhé nó taighde ar bith faoi theangacha, bíonn an figiúr a thagann amach sa deireadh níos ísle ná an fíorfhigiúr. Tá ar a laghad 212 teanga á labhairt in Éirinn. Mar atá ráite agam, ón phíosa sin agus ón méid a tháinig amach sa daonáireamh in 2016 - mar atá a fhios ag an gcoiste, níl torthaí an daonáirimh is déanaí faighte againn go fóill - tá a fhios againn go bhfuil 714,000 duine in Éirinn a labhraíonn teanga seachas an Ghaeilge agus an Béarla sa bhaile. Is tír ilteangach muid. Go minic, smaoinímid orainn féin mar thír ina labhraítear an Béarla den chuid is mó agus, ansin, go labhraítear an Ghaeilge fosta in áiteanna agus pobail áirithe.

Tá sé tábhachtach teacht ar ais ag an phointe a d'ardaigh an Seanadóir Ward nuair a bhí sé ag caint faoin phobal amuigh i nDún Laoghaire. Mar atá a fhios againn, tá méadú as cuimse tagtha ar líon na nGaelscoileanna sa tír. Tá toradh na hoibre sin le feiceáil anois agus is ag dul i méid a bheidh sé, rud a chiallaíonn go mbeidh pobal ann taobh amuigh den Ghaeltacht a thuigeann cúrsaí Gaeilge go maith agus a bhfuil suim sa Ghaeilge agus dílseacht di acu fosta. Is ag dul i méid atá agus a bheidh sé sin de réir mar atá an t-am ag dul ar aghaidh. Tá sé tábhachtach go ndéanfaimid freastal ar na daoine sin chomh maith le muintir na Gaeltachta taobh amuigh agus taobh istigh den Ghaeltacht.

Maidir le cúrsaí nuachta, ní rabhamar ró-shásta leis an gcclár nuachta a bhí ann, go raibh easpa téagair ann go pointe áirithe ach ní ar TG4 a bhí an locht faoi sin. Rinneamar ár ndícheall leis na laincisí a bhí ann. Tá athrú suntasach i gceist ansin agus b'fhéidir go labhróidh an t-ard-stiúrthóir go díreach faoi sin agus faoi céard atá i gceist agus a bheidh i gceist leis sin.

Mr. Alan Esslemont

Sa bhfreagra atá ag an Rialtas don tuarascáil ag an gCoimisiún do Thodhchaí na Meán, deir sé gur cheart go mbeadh smacht iomlán eagarthóireachta ag TG4 ar an nuacht. Faoi láthair, is iad foireann RTÉ atá á cur ar fáil. Is é an chéad chéim a ghlacamar nó gur fhostaíomar Deirdre Ní Choistín mar cheannaire nuachta. Tá sí ag comhoibriú le RTÉ agus ag iarraidh an t-athrú seo a chur i bhfeidhm. Ba léir ón taighde a rinne Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil ardmheas ag an lucht féachana ar “Nuacht TG4” ach nach bhfuilimid ag déanamh ár ndóthain de agus ní seirbhís iomlán atá ann. Is é an nuacht an chéad áit chun seirbhís iomlán a cur ar fáil do gach duine. Is é seo an chéad áit a fhaigheann daoine an nuacht. Níl sé sin déanta againn. Is é an cur chuige atá ag Deirdre Ní Choistín sa chéad tréimhse ná comhoibriú le TG4, leis na fostaithe de chuid RTÉ, agus ag iarraidh rudaí a athrú de réir a chéile.

Luaigh an Teachta an t-athbhreithniú iomlán atá le déanamh ar na meáin. Sílim go dtiocfaidh moltaí as sin maidir le cur i bhfeidhm an smaoinimh seo i dtaca le smacht iomlán eagarthóireachta. Is é sin an bealach is fearr le rudaí a chur i bhfeidhm. Sílim gur chuir an coiste ceist orm cheana faoi seo.

Is é an rogha is fearr liom nó an maoiniú a fháil agus na daoine a bheith fostaithe againn féin. Bhunaíomar le teimpléad eile, is é sin uair an chloig sa lá ó RTÉ. B'fhéidir gurbh fhiú athbhreithniú a dhéanamh orainn mar chuid den athbhreithniú iomlán ar na meáin Ghaeilge agus breathnú arís ar an uair an chloig seo sa lá. Bhí sé sin lárnach lena dhéanamh cinnte de gur tháinig TG4-Teilifís na Gaeilge ar an aer. Ach tar éis 25 bliana nó 27 mbliana, ar cheart dúinn breathnú arís air sin? Is é an tuairim atá agam féin, mar ardbhainisteoir, ná gurbh fhearr linn ár gcuid acmhainní féin a bhainistiú, an nuacht san áireamh.

Ó thaobh úsáide Cúla4, is é an smaoineamh céanna a bhí agamsa go bhfuil an céatadán ag 44% ach cén fáth nach bhfuil sé ag 100%. Is é sin an aidhm atá againn. Beidh aighneacht réamhbhuiséid sa samhradh agus cuirfimid an-bhéim ar chúrsaí oideachais. Tá sé i gceist againn hub nua oideachais a chur ar bun. Idir sin agus Cúla4, sílim go mbeimid in ann seirbhís i bhfad níos fearr a chur ar fáil do na scoileanna. Is í an obair atá le déanamh againn leis sin ná margaíocht agus ag dul i dtreo na múinteoirí agus a dhéanamh cinnte de go bhfuil a fhios acu go bhfuilimid ann. Is minic, mar is múinteoir í mo bhean féin, a deirtí liom nár airigh siad faoi Cine4 ná faoi Cúla4. Tá obair mhór mhargaíochta le déanamh agus glacaim leis sin. Tá an aidhm céanna agamsa is atá luaite ag an Teachta mar ba cheart go mbeimid ag díriú ar úsáid 100% sna scoileanna. Creidim, maidir leis an ábhar atáimid ag cur ar fáil do pháistí, go bhfeiceann níos de pháistí na hÉireann ábhar Gaeilge closamhairc ná mar a fheiceann siad d’ábhar eile Béarla closamhairc atá déanta in Éirinn. Tá deis ollmhór ansin dá bharr teacht ar pháistí na hÉireann sa bhaile, atá an-tábhachtach do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge, agus chomh maith leis sin trí sna scoileanna agus sa chóras scoile.

Ms Anna Ní Ghallachair

Más féidir liom teacht isteach ansin, tá rud beag oibre le déanamh againn leis na coláistí oideachais agus leis na coláistí tríú leibhéal, le linn dóibh a bheith iad ag ullmhú na múinteoirí a bheidh ag teacht amach, maidir le hiad a chur ar an eolas faoi na féidearthachtaí atá ann agus an dóigh a dtig linn a bheith cinnte de go mbeidh an táirge seo atá ar bun ag TG4 mar chuid den chlár do na múinteoirí óga seo, go díreach, le go dtuigfidh siad caidé mar is féidir leo an t-ábhar a úsáid. In amanna, is easpa muiníne a bhíonn iontu fosta i dtaca le húsáid an ábhair.

Mr. Alan Esslemont

Maidir leis an dá thogra reachtaíochta, táimid ag iarraidh go mbeidh ordú Gaeltachta, mír 481, ar fáil. Ní dhéanfadh sé sin dochar do na réigiúin eile sa tír mar gheall ar an scéim nua atá ag Fís Éireann. Tá deontais réigiúnacha ag Fís Éireann. Thabharfadh ordú Gaeltachta an deis dúinn an tionscal closamhairc a láidriú sa Ghaeltacht, agus mar a dúirt mé is ansin atá na clusters taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus de Chill Mhantáin, ar aon nós, faoi láthair.

Is é an rud eile ná go bhfuil obair ar bun maidir leis na major designated events faoi láthair ag státseirbhísigh agus tá sé seo tráthúil. Tá athrú le cur air seo i mbliana.

Táthar i mbun oibre maidir leis an liosta a athrú.

Mr. Alan Esslemont

Is é sin an tuiscint atá agamsa.

Is féidir linn ceisteanna a chur faoi sin.

Ag dul ar ais go dtí an briseadh síos ar an gclár atá ar fáil do na bunscoileanna, an bhfuil briseadh síos ar na scoileanna atá i gceist sna Gaeltachtaí agus taobh amuigh díobh? Cén áit a chaithfear an t-airgead nó an bhfuil aon bhriseadh síos nó taighde déanta air sin?

Mar fhocal deiridh, maidir leis an gceannaire nua nuachta atá ceaptha, is é sin an chéad chéim. Níl aon chumhacht ag TG4 nó níl aon athrú tarlaithe go fóill ach tá an chéad chéim glactha ag TG4. An bhfuil TG4 ag fanacht ar an athbhreithniú anois?

Mr. Alan Esslemont

Caithfimid fanacht ach beidh mé ag casadh an tseachtain seo chugainn le hArd-Stiúrthóir RTÉ chun é seo a phlé mar is é seo an todhchaí agus an t-athrú. Tá athrú ag teacht ar na meáin Ghaeilge agus tiocfaidh athrú ar an gcaidreamh idir TG4 agus RTÉ. Táimid fós ag feidhmiú faoin reachtaíocht d’uair a chloig sa lá agus caithfimid a dhéanamh cinnte de gur féidir linn, leis an gcaoi ina bhfuil rudaí faoi láthair, an smacht iomlán eagarthóireachta a bhaint amach. Sílim gur féidir linn é sin a dhéanamh agus tá súil agam go bhfaighimid dea-thoil ansin ó RTÉ. Tá muid ag caint leo ansin ón samhradh seo caite faoi seo.

Maidir leis an gceist eile faoi Cúla4, tá a fhios agam go bhfuil níos mó éilimh ag na Gaelscoileanna agus ag na scoileanna Gaeltachta ar ábhar Gaeilge nó mar atá sna scoileanna eile. Dar liom, is mar gheall ar easpa eolais é seo. Tríd is tríd, tá níos mó eolais ag na daoine atá ag múineadh sna scoileanna a mhúintear trí Ghaeilge faoi céard atá ag tarlú i saol na Gaeilge. Mar a dúirt an Cathaoirleach, téann sé seo ar ais go dtí ceist margaíochta agus teacht ar na múinteoirí nuair a bhíonn siad ag foghlaim le bheith ina múinteoirí, agus leanúint leis sin.

B’fhéidir a mhalairt a bheidh i gceist amach anseo agus go mbeidh TG4 ag soláthar cláir do RTÉ.

Mr. Alan Esslemont

Sílim gur an-smaoineamh atá ann. I ndáiríre, tá sé ráite agam le RTÉ san am atá caite. Is é an rud mór atá ag RTÉ, go háirithe ag RTÉ 1, go bhfuil lucht féachana mór aige. D'fhéadfaí sruthanna agus bealaí eile oibre a bheith aige. Cuir i gcás go mbeadh a dhóthain agus an maoiniú céanna againn is atá ag S4C, agus gur ag pointe éigin go bhféadfaimis cuid de na cláir sin a chur ar fáil do RTÉ. Chabhródh sé sin le RTÉ teacht ar na cuótaí. Tá sé sin ag tarlú faoi láthair. Rinne an Coimisinéir Teanga obair le RTÉ faoi sin. Tá dul chun cinn á dhéanamh, cuid mhór de sin ag tarlú mar gheall ar chláir atá siad in ann a fháil ó TG4.

Is é an t-aon caveat ná is le léiritheoirí neamhspleácha iad seo.

Is leo na cearta freisin. Caithfidh RTÉ na cearta a cheannach ó na léiritheoirí neamhspleácha. Arís eile, is rud maith é láidreachtaí na gcomhlachtaí seo ach aontaím leis an Teachta dá bhféadfaimis tosach a dhéanamh chun ábhar a chur i dtreo RTÉ, bheadh sé sin go maith, go háirithe don lucht féachana ollmhór náisiúnta atá aige. Breathnaíonn 80% den daonra ar TG4 sa bhliain. Tá sé sin ard ach tríd is tríd is ar RTÉ 1 a fhaightear "bars and tones", mar a thugtar air, agus is féidir aon rud a chur amach ar RTÉ 1 agus gheofaí lucht féachana dó. Tá sé cosúil le BBC 1 ar an mbealach céanna. Lá amháin, d'imigh an cainéal off air, chuaigh an cainéal dubh, agus bhí peak audience ag breathnú ar an dubh ar BBC 1.

Ní raibh siad thar a bheith sásta le Alan Esslemont ansin.

Mr. Alan Esslemont

Tá an-tábhacht leis na cainéil mhóra mar RTÉ 1 agus BBC 1.

Gabhaim míle buíochas le Alan Esslemont.

Gabhaim comhghairdeas le Anna Ní Ghallachair. Go n-éirí an bóthar léi as a ceannaireacht agus táim cinnte go ndéanfaidh sí jab iontach. Dúirt Alan Esslemont go raibh 10 cent in aghaidh an euro caite i bhfógraíocht. An thart ar €3 mhilliún nó €4 mhilliún atá i gceist in airgead tirim leis sin?

Mr. Alan Esslemont

Tá sé os cionn €4 mhilliún agus gar go maith do €5 mhilliún.

Dhéanfaí cuid mhaith le €4 mhilliún agus is mór is fiú é.

Mr. Alan Esslemont

Is fiú go mór é agus, uaireanta, deir daoine go mbeadh sé níos éasca gan an fhógraíocht a bheith ann. Sílim, áfach, go bhfuil sé tábhachtach agus coinníonn sé aird TG4 ar an lucht féachana chomh maith leis sin.

Níl fadhb ar bith agam leis an bhfógraíocht ach ar mhaithe le mo chloigeann féin a shoiléiriú, is €4 mhilliún atá i gceist leis seo, mar ba cheart. An bhfuil an reachtaíocht teanga tar éis aon difríochta a dhéanamh, is é sin ó thaobh fógraíochta Stáit de? An bhfuil an cainéal ag fáil na fógraí Stáit i nGaeilge anois le hais mar a fhaigheann siad i mBéarla? Maille leis sin, an bhfuil an cainéal ag fáil níos mó fógraí Stáit anois?

Mr. Alan Esslemont

Tá. Tá athrú ollmhór curtha ar fhógraíocht trí chéile mar táimid ag fáil fógraí Stáit i nGaeilge, ag fáil níos mó díobh, agus chomh maith leis sin, tá cuid de na fógróirí eile ag breathnú ar na fógraí i nGaeilge agus ag fiafraí díobh féin go mb'fhéidir go bhféadfaidís é sin a dhéanamh. Ba mhaith liom dá mbeadh níos mó de na comhlachtaí tráchtála ag leanúint an patrún atá leagtha amach ag an Stát. Is píosa reachtaíochta an-tábhachtach é a bhí ann dúinne.

Táim ag labhairt faoi chomharthaíocht, is é sin nuair a dhéantar rud, a bheith cinnte dearfa go ndéantar é de réir na reachtaíochta agus níl aon amhras ach go ndéanfadh sé sin difríocht. Tá áthas orm go bhfuil sé sin ag oibriú maith, go mór mór an ghné go gcaithfí céatadán áirithe de na fógraí seo a chur ar chraoltóir Gaeilge, maille le hiad a bheith i nGaeilge. Is é sin an rud a rinneadh plé air agus a cuireadh moill air cheana. Bhí an plé sin ar bun agus d'imigh mé sula raibh an rud tagtha isteach i rialachán. Chreid mé i gcónaí go mba cheart go mbeadh dualgas ag an Stát rudaí a chur ar na meáin Ghaeilge.

Tá an rud faoi alt 481 nótáilte agus ní gá dul siar air sin arís.

Tá TG4 ag iarraidh idir €9 milliún agus €10 milliún breise. Dá bhfaigheadh an cainéal é sin, an mbeadh sé in ann an costas a bheadh ag gabháil le haip ar nós an aip "RTÉ News Now" a iompar chun an nuacht reatha a chur ar fáil ar líne? An mbeadh sé sin clúdaithe istigh sa €10 milliún sin?

Mr. Alan Esslemont

Sna páipéir atá curtha ar fáil againne don choiste, tá cur síos déanta againn ar fhís TG4 tar éis Covid-19. Is í an aidhm atá againn ansin ná teacht suas ag an leibhéal céanna le S4C.

Mr. Alan Esslemont

Tríd is tríd, is idir €9 milliún agus €10 milliún an maoiniú sin gach bliain. Chuile bhliain cuirimid aighneacht réamhbhuiséid ar fáil don Roinn agus don Aire agus déanaimid sainmhíniú san aighneacht réamhbhuiséid ar céard a bheidh ann. Beidh an nuacht, tuilleadh le haghaidh “Cúla4”, cúrsaí oideachais, agus drámaíochta ina gcodanna di sin. Beidh caiteachas ar an nuacht ina chuid de sin, mar a deirim. Le cúnamh Dé, tabharfaidh sé sin an deis dúinn gach rud atáimid ag iarraidh a dhéanamh ó thaobh seirbhís dhigiteach a chur ar fáil a dhéanamh. Is ceist í sin don cheannaire nuachta má theastaíonn í sin uaithi nó céard é an bealach is fearr léi leis an eolas a chur ar fáil. Úsáideann Channel 4, mar shampla, Twitter in áit aipe agus úsáideann an BBC Twitter agus aip.

Is é sin cúrsaí na n-aipeanna agus dá mbeadh an tseirbhís seo ag TG4, tá gach uile sheans go mbeadh siad aige freisin.

Mr. Alan Esslemont

Tá an t-eolas seo tábhachtach dúinn. Tá acmhainní costasach agus tá Twitter éasca. Tá Deirdre Ní Choistín díreach tosaithe linn le cúpla seachtain anuas. Tá sí thuas inniu i mBéal Feirste ag caint le seirbhís nuachta BBC ionas go bhfeicfidh sí cén sórt seirbhíse atá ag an gcainéal ansin. Beidh plean á chur i dtoll a chéile aici. Aon rud atá déanta ag Deirdre Ní Choistín go dtí seo, d'éirigh thar cionn léi agus táim an-mhuiníneach go dtiocfadh rud maith amach as seo.

Cuireann na haipeanna nuachta seo moill ar mo bhricfeasta má bhreathnaím ar thrí nó ceithre cinn dóibh. Is é an buntáiste atá leis an aip i gcomparáid le Twitter ná i gcás Twitter, féachann tú an rud atá uait agus caithfear dul ar tóraíocht air.

Mr. Alan Esslemont

Is spás é an aip atá faoi do smacht féin, agus tá sé sin tábhachtach freisin.

Tá sé sin go maith. An bhfuil sé san áireamh go bhféadfadh TG4 a leithéid sin a dhéanamh ar bhealach éigin?

Mr. Alan Esslemont

Tá, cinnte.

Níl mé ag iarraidh dul siar ar rudaí a bhí clúdaithe cheana féin. Táimid ag iarraidh rudaí a déanamh anseo sa choiste. Cheap mé le linn dom a bheith ag teacht isteach sa chruinniú go mbeadh cúpla iarratas ag TG4. Tá gach uile dhuine anseo ag tacú le TG4. Is dóigh liom go bhfuil daoine sásta leis an gcainéal. Tá gníomh ag teastáil maidir le halt 481 agus maidir leis an €10 milliún sa bhliain, seachas an €9 milliún.

Mr. Alan Esslemont

Tá ceist amháin eile ardaithe. Faoi láthair, táthar in ann breathnú ar na cluichí ceannais CLG i nGaeilge mar go mbíonn siad ar an gcainéal RTÉ News i standard definition.

Níl aon mhaitheas ann.

Mr. Alan Esslemont

Is é an moladh againn ná gur cheart léiriúchán iomlán ceart a dhéanamh, mar thús, ar na cluichí ceannais iománaíochta agus peile. Bheadh TG4 sásta é sin a dhéanamh ach is é an t-aon bhealach go mbainfimid é sin amach ná athrú a chur ar na major designated events, mar a thugtar orthu.

Okay. Go n-éirí le TG4 leis sin mar ceapaim gur an-mholadh é sin agus b'fhéidir go gcuirfimid leis an liosta é. Tá sé i measc na rudaí dearfacha a d'fhéadfadh TG4 a dhéanamh.

Tá ceist amháin eile agam. Creidim go mbreathnaíonn lucht féachana stáisiún teilifíse ar an stáisiún sin ar trí bhealach. Breathnaíonn siad orthu beo ar theilifís chaighdeánach ar an gcéad dul síos. Is é an dara modh a úsáideann daoine ná breathnú beo orthu ar aip. Is é an tríú modh a bhreathnaíonn siad orthu ná "iarbheo", mar a thugann lucht an spóirt air, is é sin breathnú ar an gclár in am an duine féin. Beidh an-áthas ar an gCathaoirleach a chloisteáil go raibh mé i bpub ag ithe lóin Dé Domhnaigh i nGaillimh le mo bhean agus bhí Ciarraí agus Tír Chonaill i ngleic. Ní raibh an cluiche thart nuair a bhí an lón ite againn agus bhí mé ag dul ar ais go dtí an oifig. Ní dhearna mé tada ach an cluiche a chur ar an aip agus, buíochas le Dia, bhí an bua ag Tír Chonaill. Ach, mar a deirim, is í sin an chaoi a dhéanann daoine rudaí anois.

Mr. Alan Esslemont

Níl aon dabht faoi sin.

Ag deireadh an lae, b'fhéidir go bhfuil an saol atá inniu ann ró-dhírithe le bheith ag tabhairt cuntas ar chuile shórt.

Glacaim leis go bhfuil sé deacair na figiúirí a fháil do rudaí áirithe ach an bhfuil aon idea ag na finnéithe fúthu? Tá a fhios acu cé mhéad, ar an meán, a bhreathnaíonn ar rudaí ar an teilifís chaighdeánach. An bhfuil aon bhealach le fios a bheith againn cé mhéad a bhreathnaíonn air beo ar apps ar fud an domhain? Bheadh cuid de sin sna scoileanna agus ar theilifís i Nua Eabhrac nó áit éigin eile ar domhan. Cé mhéad atá ag breathnú ar rudaí TG4 ina n-am féin?

Mr. Alan Esslemont

Tá sé an-deacair é sin a oibriú amach. Má tá mise ag sruthú rud amháin dom féin agus má tá tusa ag sruthú rud agus á chur amach do 30 duine sa seomra, níl ann ach sruth amháin. Tá obair déanta ag an Broadcasters Audience Research Board, BARB, i Sasana air seo agus tá Nielsen ag iarraidh obair a dhéanamh air. Tá sé an-deacair é a oibriú amach. An t-aon rud gur féidir linn a rá ná go raibh méid áirithe sruthanna ann. Níl a fhios againn cé mhéad súil a caitheadh ar an sruth sin.

Fiú i gceist sruthanna, má tá comhlacht A, B, C, D agus cainéal A, B, C, D ann agus ceithre shruth acu, ag glacadh leis go bhfuil an méid céanna eile á roinnt, an bhfuil aon bharúil cé mhéad sruth atá ann?

Mr. Alan Esslemont

Tá a fhios againn go hiomlán cé mhéad sruth atá againn agus cé mhéad video view. Tá an t-eolas sin againn. Cuirtear an t-eolas sin ar fáil sa tuairisc bhliantúil. Is cuid lárnach é sin den obair atá ar bun againn faoi láthair. An rud a fheiceann muid ná go bhfuil na figiúirí ar fad ag ardú, go háirithe video views. Bhí an t-ardú anuraidh dochreidte. Táimid ag bualadh na spriocanna. Bíonn spriocanna againn leis an BAI agus táimid á mbualadh ar fad ar an taobh digiteach.

An bhfuil mórán den lucht féachana taobh amuigh den tír? An bhfuil aon tuairim faoi sin?

Mr. Alan Esslemont

Táimid ag fáil briseadh síos an tseachtain seo chugainn air sin. Tríd is tríd, tá os cionn 20% taobh amuigh den tír. Léiríonn sé an tábhacht a bhaineann leis na cearta atá againn. Níl sé tugtha faoi deara ag go leor daoine ach má tá duine i mBostún, cur i gcás, agus má chuireann siad an player ar linear view, tosaímid Nuacht TG4 arís ar a 2 a chlog ar maidin so is féidir leis an duine sin a bheith ag suí síos i mBostún agus ag breathnú ar an player agus gheobhaidh siad an linear experience ó thaobh TG4 de. Mar gheall go bhfuil na cearta againn rudaí a choimisiúnú, cheap muid gur rud tábhachtach é go bhféadfadh muid seirbhís time-shifted a chur ar fáil do dhaoine atá i Meiriceá, go háirithe. Is féidir breathnú air san Astráil etc. freisin. Theastaigh uainn an taobh líneach a chur ar fáil do dhaoine freisin.

Céard an difríocht?

Mr. Alan Esslemont

In áit clár a roghnú, casann daoine TG4 ar siúl ag a 2 a chlog san oíche anseo agus fágann siad air é.

Gheobhaidh siad beo é. Beidh sé beo, fiú tar éis go bhfuil sé cúig uair an chloig ina dhiaidh.

Mr. Alan Esslemont

Go díreach. Feicfidh siadsan an rud céanna, more or less, atá daoine ag fáil anseo.

Molaim go deo an obair atá ar bun. Tá rud beag amháin eile ann ó thaobh na gclár dátheangach. Tuigim an fáth go ndéantar é mar go bhfuil daoine ann nach bhfuil Gaeilge acu, ach an bhfuil bun-mhéad Gaeilge a chaithfidh a bheith i gclár le bheith áirithe mar chlár Gaeilge?

Mr. Alan Esslemont

Tá. Níl aon duine ansin le stopwatch. Níl a fhios agam cén chaoi a n-oibríonn sé sin ach an rud a deir muid leis na comhlachtaí ar fad ná déanamh cinnte gur feithicil Ghaeilge atá i gceist. I gcás an clár faoi Joe Canning, mar shampla, caithfear dul go dtí an fhoinse, go dtí an duine tábhachtach-----

Mr. Alan Esslemont

Uaireanta, níl Gaeilge ag an duine tábhachtach. Ansin, is faoin gcomhlacht atá sé a chinntiú go bhfuil a dhóthain Gaeilge leis an gclár a líonadh isteach. Uaireanta déanann siad an-mhaith é agus uaireanta ní bhíonn muid sásta leo. Mura mbíonn muid sásta leo, deirimid leo é.

An-mhaith. Chonaic mé an clár sin. Ar ndóigh, chaithfí labhairt le Joe Canning i mBéarla le clár a dhéanamh mar nach bhfuil aon Ghaeilge aige. Bhí duine eile sa chlár as Cill Chainnigh agus Gaeilge mhaith aige agus bhí seisean ag labhairt i nGaeilge. Tá ciall leis sin. D’fhéadfaidís dul agus duine as Cill Chainnigh le Béarla a fháil ach fuaireadar an duine le Gaeilge agus chuireadar an t-anró orthu féin duine a bhí tar éis imirt le Cill Chainnigh ina aghaidh a fháil le labhairt i nGaeilge, rud a bhí ciallmhar. Tá roinnt obair bhaile le déanamh againn maidir le €10 milliún a fháil sa bhliain, alt 481 agus an cheist faoi na designations do na cluichí ceannais. Má bhaineann tú trí rud as chuile chruinniú a théann tú chuige, tá tú ag déanamh thar cionn.

Mr. Alan Esslemont

Is obair mhaith bliana a bheadh ann. Ba cheart go mbeadh na cluichí ceannais ar fáil ag an leibhéal céanna léiriúcháin i nGaeilge agus atá i mBéarla mar baineann siad le gach duine.

An mbeidh muidne ag cur rud ar aghaidh-----

Is féidir linn, má tá an Teachta ag déanamh an mholta sin.

Tá mé ag déanamh an mholta sin. Ní fheicim go bhfuil aon duine ina aghaidh.

Táimid tar éis glacadh leis agus déanfaimid amhlaidh. Beidh an tAire Stáit os ár gcomhair an tseachtain seo chugainn maidir leis na Meastacháin don bhliain seo caite so beidh muid in ann an cheist sin a ardú leis chomh maith mar beidh muid ag déanamh plé ar an nGaeltacht agus ceist na Gaeilge.

Sin díreach ar an bpríomhrud sonrach. Níl mé ag iarraidh-----

Mr. Alan Esslemont

Uaireanta deirtear nach féidir na rudaí seo a dhéanamh ach leis an taithí atá agam sa ghnó seo, tá a fhios agam gur féidir agus go mbeadh sé éasca go leor iad a fheidhmiú. D’fhéadfaí scéimeanna a chur le chéile. Ní chuirfeadh muid aon rud os comhair an choiste murach gur chreid muid go bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm.

Tá roinnt ceisteanna agam féin. Bhí sé iontach i gcónaí go raibh Raidió na Gaeltachta, i dtús báire, agus TG4 in ann teacht ar Ghaeilgeoir pé áit sa domhan a bhí an nuacht nó an scéal agus ní raibh RTÉ in ann. Bhí orthu casadh ar an BBC nó dream éigin mar sin. Más féidir leanúint leis sin, measaim go dtaitníonn sé le daoine go bhfuil gnáthdhuine ann seachas a bheith ag brath i gcónaí ar urlabhraí nuachta nó comhlacht nuachta ó áit éigin eile. Is rud maith é sin.

Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe as teacht anseo agus as a bheith flaithiúil lena gcuid ama agus an fhís atá acu a roinnt linn agus leis an lucht féachana. Tá sé tábhachtach go bhfuil an fhís sin ann toisc gur rud chomh lárnach é i saol na Gaeilge ach chomh maith leis sin i saol na hÉireann. Tá an méid a bhí siad ag rá faoi Mheiriceá agus an Astráil spéisiúil. Tá súil agam go bhfuiltear á chraobhscaoileadh sin ar leithéidí IrishCentral.com sa chaoi go bhfuil teacht air, mar tá daoine amuigh ansin agus b’fhéidir nach bhfuil a fhios acu faoi. Taitníonn leo a bheith in ann filleadh ar Éirinn ar feadh leathuair an chloig ag éisteacht leis an nuacht nó rud éigin mar sin. Gabhaim buíochas leis na finnéithe agus leis na cainéil eile as an nasc sin a dhéanamh. Tá sé beagáinín níos éasca ná mar a bhí.

Rinne mé dearmad buíochas a ghabháil níos luaithe as an bhfáilte fhlaithiúil a tugadh don choiste nuair a bhí muid ar cuairt ar TG4 anuraidh. Bhí sé sin tábhachtach mar thug sé tuiscint dúinn ar an obair atá á dhéanamh agus na deacrachtaí atá ann. Níl muidne bainteach leis an saol craolacháin.

Ó thaobh cheist na scannán, tá gach duine tar éis an éachta atá déanta ag “An Cailín Ciúin” a lua so níl mé chun é sin a rá arís ach amháin le rá go raibh éacht ann. Tá mise sean go leor agus is cuimhin liom Bob Quinn agus “Poitín”. Is cuimhin liom Caitlín Maude a bheith ag déanamh scannánaíochta trasna an bhóthair uaim agus mé i bhfad Éireann níos óige agus an tslí ar caitheadh leis na scannáin sin ag an am. Ní raibh siadsan istigh sna hamharclanna móra le tús áite ach tá “An Cailín Ciúin” agus scannáin eile ó shin, fiú le dhá bhliain anuas. Le linn na paindéime d’fhéach mé ar “Arracht”. Bhí 22 suíochán san amharclann agus bhí siad ar fad lán, muid ar fad lé púicíní orainn ach bhain muid sult as ar aon chaoi. Ansin chuaigh mé cúpla mí níos déanaí go dtí “Foscadh” in amharclann a bhí beagáinín níos mó. Bhí “An Cailín Ciúin” sa cheann is mó a bhí acu agus tá sé fós ar taispeáint.

Léiríonn sé sin go dtiocfaidh na daoine má tá an product go maith. Is léir go bhfuil an product go maith mar tá sé tar éis na nduaiseanna a fháil. Cad é ár dtriail anois? Cad atá ag teacht? Glacaim go bhfuil sraith scannán eile ag teacht faoi Cine4. Seachas an méid atá luaite ag na finnéithe faoin nGaeltacht uplift nó alt 481, an bhfuil nithe eile ar gá iad a dhéanamh chun cuidiú le Cine4 agus cur leis an méid scannán atá ar fáil as Gaeilge?

Toisc gur luaigh Anna Ní Ghallachair na 212 teanga agus an t-athrú suntasach atá tarlaithe i saol a lán daoine ón Úcráin atá tar éis teacht anseo, an bhfuil mórán gaoil eadrainn? Glacaim leis go bhfuil a leithéid ann ar theilifís na hÚcráine agus go bhfuil na cartúin acu. D’fhéadfaimis fotheidealú a dhéanamh chun na páistí atá anseo linn ón Úcráin a mhealladh i dtreo na Gaeilge. Tá a fhios againn go bhfuil an Roinn Oideachais ag déanamh a lán chun cuidiú leo ó thaobh an Bhéarla de. Níl an Roinn ag déanamh go leor ó thaobh na Gaeilge de. Tiocfaidh mé ar ais go dtí an Roinn Oideachais. Is bealach é chun na clainne ón Úcráin nó aon áit eile ar bith ar domhan a mhealladh isteach. Tá 212 teanga ann. D’fhéadfadh na scannáin nó na cartúin a chonaic siad sular fhág siad a dtíortha a bheith anseo agus teanga dhifriúil inti ach fotheidil nó rud éigin curtha ar fáil dóibh sa teanga dhúchais atá acu. Tarraingeofar isteach i dtreo na teanga iad.

Maidir leis an Roinn Oideachais agus Cúla4, tá éacht déanta ag TG4 ach go háirithe le linn na paindéime. An bhfuil nasc idir iad siúd atá i gceannas ar Cúla4 agus an content atá ann, agus an Roinn Oideachais? An bhfuil siad ag obair le chéile ó thaobh an churaclaim agus gach rud? Tá sé go hiontach go bhfuil an t-ábhar ann agus go bhfuiltear ag leanúint ag cur leis. Bheadh an Roinn i bhfad níos sásta dá bharr, ach níl an Roinn ag íoc as. Is é sin an rud. Tá TG4 ag cothú content do ranganna. Caithfimid é sin a dhéanamh ar aon chaoi ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge ach b'fhéidir gur fiú dul chuici ag lorg roinnt pinginí as an rud atá TG4 ag déanamh. Tá smacht éigin ag an Roinn ar roinnt den stuif atá á chur ar fáil.

B'fhéidir nach bhfuil tuiscint iomlán agam ar a bhfuil ag tarlú ó thaobh nuachta de. Luadh an t-athrú atá ag teacht toisc an moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán, is é sin, go bhfuil neamhspleáchas ag teacht ar TG4 ó thaobh nuachta. An bhfuil sé i gceist nó an mbeadh sé i gceist go mbeadh TG4 ag glacadh seilbh ar an nuacht ina iomláine, is é sin, "Nuacht RTÉ", ag déanamh na nuachta dó agus á díol ar ais dó? An é sin atá i gceist? An mbeadh sé sin i gceist? Más ea, cén uair a tharlóidh sé agus cad iad na céimeanna? Tá foireann nuachta i RTÉ. Bheadh baill den fhoireann ag caint faoina bpoist. An bhfuil mé ag caint faoi rud éigin nach bhfuil chun tarlú in aon chor?

Ms Anna Ní Ghallachair

Tá féidearthachtaí móra ann. Maidir le cúrsaí Gaeilge, ba mhaith liom díriú isteach ar phobail seachas a bheith ag díriú isteach ar na 212 teanga. San am céanna - níl a fhios agam an bhfuil staitisticí faoina choinne ach tá a fhios agam tar éis a bheith ag caint le daoine - tá lucht féachana áirithe i measc na nÉireannach nua atá againn anseo. San áit a raibh mé ag obair go lánaimseartha roimhe seo, bhí comhghleacaithe Síneacha agam agus bhreathnaigh cuid mhór acu ar TG4. Ar dtús, bhreathnaigh siad air mar gheall ar na fotheidil i mBéarla ar na cláir Ghaeilge, mar nach raibh siad cleachta le blas an Bhéarla in Éirinn. Bhí deacrachtaí acu ach nuair a chonaic siad an scríobh ann, de réir a chéile tharraing sé sin isteach sna cláir iad. Ba é an rud ba mhó a thaitin leo, agus tá sé cloiste agam fiú le seachtain anuas arís, ná go dtugann TG4 léargas ar an saol taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Dúradh nach raibh sé sin le feiceáil an oiread sin ar na cainéil eile. Is daoine de chuid na nOileán Filipíneacha a dúirt é sin liom.

Is cinnte go bhfuil sé sin ann agus gur féidir tógáil air sin ar chúpla bealach amach anseo. Is é sin ceann de na nithe ar mhaith liomsa iad a fheiceáil ag teacht. Ar ndóigh, tá cláir á n-iompórtáil isteach againn ó thíortha ina labhraítear teanga eile. Bhí clár faisnéise againn le cúpla mí anuas ina raibh cuid de na saineolaithe ón bhFrainc. Sílim gur thug sé sin dlisteanacht áirithe don chlár sin mar nílimid i gcónaí ag fáil saineolaithe isteach ó thíortha an Bhéarla. Tá sé deas go díreach léargas eile - agus súil eile - a fheiceáil ar an saol.

Labhróidh an t-ard stiúrthóir níos mó maidir le Cúla4 agus na cláir oideachais. Sa jab a bhí agam roimhe, bhí mé bainteach le togra a tugadh isteach bunaithe ar eiseamláir ón bhFrainc ar a dtugtar Vifax. Ag an am nuair a tháinig sé isteach, an rud a bhí ann ná míreanna as Nuacht TG4 agus sraith chleachtaidh agus cluastuiscint bunaithe ar na míreanna nuachta sin. Léirigh na staitisticí gur bhain 8,000 duine úsáid as na rudaí sin i rith na bliana. Ba as an Astráil, an Rúis, an Ríocht Aontaithe agus Meiriceá cuid mhór acu. Is é an rud atá le rá agam faoi sin ná go raibh sé sin á mhaoiniú leis an Roinn Oideachais agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Tá fasach ansin cheana féin. B'fhéidir go mbeidh arís ach tá an t-ard stiúrthóir níos eolaí air sin ná mar atá mise ag an bpointe seo.

Mr. Alan Esslemont

Maidir leis an gceist faoin áit a bhfuil ár dtroid, faoi láthair, táimid i lár an ruda seo, Fís TG4 tar éis Covid. Tá míniú air sin sa pháipéar a chur mé ar fáil cheana féin. Tá sé an-tábhachtach do TG4. Rugadh muid sa pharaidím mhícheart. Caithfimid a fháil isteach go dtí an pharaidím chéanna agus atá ag S4C nó EITB i dTír na mBascach. Is athrú an-mhór é sin agus táimid ag iarraidh go dtarlóidh sé sciobtha go maith. Táimid ag cuardach beagnach €10 milliún gach uile bhliain le muid a fháil suas go dtí an leibhéal céanna.

Deich milliún bhreise.

Mr. Alan Esslemont

Deich milliún bhreise gach bliain. I ndeireadh na dála, ba cheart go mbeadh thart ar €100 milliún ag TG4, ar a laghad, má táimid le bheith ar chomhchéim le S4C. Is é sin an áit a bhfuilimid ag dul. Má éiríonn linn é sin a bhaint amach - feicimid cheana an bláthú atá ag teacht ar an nGaeilge mar gheall ar rudaí amhail "An Cailín Ciúin" - tiocfaidh láidriú air sin. Is am iontach a bheidh ann do chruthaíocht na Gaeilge má táimid in ann feidhmiú ag an leibhéal ceart do TG4. Is é sin an áit go bhfuilimid ag iarraidh dul. Tógfaidh sé cúpla bliain ach tá mé an-sásta as an gcuid tacaíochta sin.

Maidir leis an gceangal oideachais, tá duine fostaithe againn, Conall Ó Máirtín, a bhí ag obair leis an BBC. Tá sé tosaithe ag déanamh na gceangal seo agus beidh, mar chuid den aighneacht réamh-bhuiséid, moladh maidir le hub oideachais. Ní fhéadfaimid é sin a dhéanamh gan a bheith i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais. Beidh sé sin mar chuid den phlé. B'fhéidir go dtiocfaidh cuid den airgead atáimid ag cuardach an bhliain seo chugainn ón Roinn Oideachais, in áit díreach ó Roinn an Aire, an Teachta Catherine Martin. Is ceist don Rialtas í i ndáiríre.

Ó thaobh chúrsaí nuachta de, táimid mar chraoltóir-foilsitheoir.

Go hiondúil, tá taithí againn a bheith ag plé le daoine seachtracha a chuireann ar fáil an rud atá muidne ag iarraidh. Ar an mbealach céanna, go dtí seo bhí smacht eagarthóireachta ag RTÉ ar Nuacht TG4. Táimid ag iarraidh go dtiocfaidh athrú air sin. Faoi Shamhain, cur i gcás, ba mhaith linn branda nua, leagan amach nua agus stiúideo nua. Cuirfear béim ar Nuacht TG4 agus ansin beidh muid ag tosú ar chuid de na seirbhísí go raibh an Teachta Ó Cuív ag labhairt fúthu, sé sin, seirbhísí atá ar fáil ar fhón póca.

Ó thaobh na ndaoine atá ag obair do RTÉ faoi láthair agus céard a tharlóidh, feictear domsa go bhfuil plé agus athbhreithniú iomlán le déanamh ar na meáin. Aontóidh RTÉ, muid féin agus coimisiún na meán an cur chuige ceart agus tabharfaimid faoi. D’fhéadfadh muid leanúint ar an mbealach go bhfuilimid faoi láthair, go bhfuil smacht eagarthóireachta againn ar an nuacht ach go bhfuil sé curtha ar fáil ag daoine ó RTÉ nó d’fhéadfadh sé go mbeadh daoine ag teacht trasna go TG4. Dá dtarlódh sé sin, is cinnte go mbeadh scéim i gceist ó thaobh transfer of undertakings, TUPE, agus deis a bheith acu fanacht nó imeacht. Tá aon duine atá ag obair do Nuacht TG4 an-sábháilte agus tá todhchaí láidir i ndán dóibh. Tá sé tuilte acu mar léiríonn na suirbhéanna go bhfuil caighdeán an-ard iriseoireachta acu. Is ag cur leis an tseirbhís atáimid.

Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe arís agus mo chomhghairdeas le hAnna Ní Ghallachair. Tá jab mór roimpi. Tá an-fhís leagtha amach ansin. Cífidh muid na finnéithe arís, b’fhéidir níos déanaí i mbliana nuair atá an ráiteas réamhbhuiséid á sheoladh acu chugainn. Tá súil againn go mbeimid in ann cuireadh a thabhairt do TG4 dul tríd sin nuair atá sé foilsithe.

Ms Anna Ní Ghallachair

Bhí rud amháin eile a bhí muid ag iarraidh a rá maidir leis an athbhreithniú sin. Níor mhaith liom go n-úsáidfí an t-athbhreithniú le hardú maoinithe a chur siar. Tá taithí agam ar a leithéid ag tarlú, go ndeir daoine “fan go bhfeicfimid”, go bhfuil athbhreithniú ar an mbealach agus nuair a bheidh an t-athbhreithniú déanta b’fhéidir ansin go n-amharcfaidh siad ar cheist an mhaoinithe. Caithfimid a bheith cinnte nach dtarlaíonn sé sin.

Tá Anna an-chríonna. Tá a fhios aici féin. Deir Aire gur mhaith leis rud éigin a dhéanamh agus gur cheart athbhreithniú iomlán cuimsitheach a dhéanamh ach beidh an tAire imithe as an jab sula mbeidh aon rud déanta. Sin an cleachtas. Tá an ceart ag Anna. Tá sí sách fada thart.

Ms Anna Ní Ghallachair

Tá. Táim díreach ag rá a bheith cinnte nach dtarlaíonn sé sin.

Sin i gcónaí an seanchleas.

Ms Anna Ní Ghallachair

Tá a fhios agam.

Más féidir linn in aon chor ár ladar a chur sa scéal sin déanfaimid cinnte nach dtarlóidh sé. Ar a laghad tá a fhios againn cad atá i gceist. Ní féidir moill a chur leis an obair atá romhainn.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 1.15 p.m. go dtí 1.30 p.m., Dé Céadaoin, 15 Feabhra 2023.
Barr
Roinn