Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 8 Mar 2023

Seachtain na Gaeilge: Cruinniú leis na Scoileanna

Tá leathscéal faighte againn ón Seanadóir Mullen. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh chomhaltaí an chomhchoiste agus roimh aon Teachta nó Seanadóir eile atá nó a bheas ag freastal ar an gcruinniú. Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus roimh na tuismitheoirí is na daltaí ó na scoileanna atá linn. Cuirim fáilte roimh ár lucht féachana ar Theilifís an Oireachtais. Cuirim fáilte roimh Mairéad Ní Chartaigh, Aoibhínn Ní Cheallaigh agus Isabella Ní Rodáin atá mar fhinnéithe thar cheann Choláiste Oiriall i Muineacháin. Cuirim fáilte roimh Eva Ní Dhoibhilín, Niamh Ní Mhuirí agus Eoghan Ó Cianáin, atá anseo thar cheann Scoil Iósaef i Tír Eoghain. Cuirim fáilte roimh Rónán Ó hIcí, Alex Muntean, Síofradh Bhreathnach-Peelo agus Andrea Ní Fhearaíl, atá mar ionadaithe thar cheann Ghaelcholáiste na Mara i gCill Mhantáin. Cuirim fáilte roimh Áine Hogg, Mark Horan agus Oisín Mac Craith atá anseo mar ionadaithe thar cheann Ghaelcholáiste Luimnigh.

Tá na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula dtosaíonn muid lenár mbreathnú ar ábhair an lae inniu, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na finnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú inniu. Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a gcuid gutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá daoine ag freastal ar an gcruinniú óna n-oifigí, ba chóir dóibh a ngléas físeáin a bheith ar siúl an t-am uilig agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe chomh maith ach níl aon fhinné ag freastal go fíorúil inniu. Ba chóir dúinn a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil muid ag caint. Tá sé sin dírithe orthu siúd atá ag teacht isteach go fíorúil.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann leis na hábhair atá á bplé ag an gcomhchoiste inniu. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don ordú sin.

Is é sin deireadh leis an intro mór fada. Chun é sin a mhíniú do na finnéithe, caithfidh gach uile choiste é sin a léamh amach ag tús cruinnithe chun cosaint a thabhairt d'fhinnéithe agus do bhaill. Níor chóir aon rud a rá a dhéanann caitheamh anuas ar dhea-chlú daoine. Ní cosaint do na comhaltaí amháin é sin ach cosaint do na finnéithe araon. Mar a dúirt mé, tá rud darb ainm "pribhléid" ann. Is féidir méid áirithe a rá ach ní cóir na treoracha sin a bhriseadh, más féidir, nó beidh mise i dtrioblóid, cé nach mbeidh na finnéithe. Má thosaíonn finnéithe ag caitheamh anuas ar dhaoine nó ag déanamh ionsaí ar a ndea-chlú, is é an jab atá agam ná stop a chur leo.

Tá polaiteoirí san áireamh leis sin.

Baineann sé le polaiteoirí ach go háirithe. Níor chóir d'fhinnéithe a bheith buartha faoi sin ach, má tá fón póca ag éinne, ba chóir dóibh é a chur ar mhód eitleáin nó é a chiúnú ar bhealach éigin. Má thosaíonn fón ag bualadh, níl daoine lasmuigh in ann an méid atá á rá a chloisteáil mar tá taifead ar siúl.

Tosóimid ag féachaint ar na hábhair spéisiúla atá os ár gcomhair inniu. Rachaidh mé trí na coláistí difriúla ceann ar cheann. Níl a fhios agam cén tslí atá eagraithe acu féin chun déileáil leis ach déanfaimid déileáil leis an gcóras sláinte agus leis an gceist "An gá éigeandáil náisiúnta a fhógairt?" ar dtús báire. Tosóimid mé leo siúd a lorg mé ar dtús, na finnéithe ó Choláiste Oiriall i Muineachán.

Ms Mairéad Ní Chartaigh

Is ó Choláiste Oiriall mé agus inniu beidh mé ag déanamh scagadh ar cheann de na fadhbanna is mó, is práinní agus is forleithne ar oileán na naomh agus na n-ollamh, is é sin an ghéarchéim sa chóras sláinte. Tá géarghanntanas leapacha ann, tá ospidéil ag cur thar maoil agus tá dochtúirí agus altraí ag obair ó dhubh go dubh chun dul i ngleic leis an nganntanas foirne, gan trácht ar na liostaí feithimh fada. Is cúis imní é atá ag dó na geirbe ag daoine lá i ndiaidh lae ar fud na tíre agus, de réir gach cosúlacht, níl aon réiteach sásúil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun aghaidh a thabhairt ar ar an gceist chasta chigilteach seo. Bhíomar foighneach, chreideamar sa chóras agus chuireamar muinín sa Rialtas agus i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ach ní dhearna siad beart de réir a mbriathar. Anois, tá an córas ina phraiseach agus is muidne atá thíos leis.

Bhí an córas sláinte ag snámh in aghaidh easa agus ag teip air i bhfad sular tháinig géarchéim an choróinvíris aniar aduaidh orainn. Ar ndóigh, bhuail an phaindéim córas a bhí ag streachailt agus ar an dé deiridh cheana féin go trom. Is ceist bhainistíochta go bunúsach atá ann agus ní thiocfaidh feabhas ar bith ar chúrsaí go dtí go dtugtar aghaidh ar an easpa áiseanna agus easpa foirne atá ag cur isteach go mór ar an chóras sláinte sa tír seo sa lá atá inniu ann. Caithfimid éigeandáil a fhógairt agus coiste saineolaithe a ghlacadh isteach chun dul i mbun idirghabhála agus polasaithe nua éifeachtacha a chur i bhfeidhm a chinnteodh go mbeadh córas níos éifeachtaí againn a bhfeidhmíonn de réir 100% dá acmhainn.

Is fadhb amháin atá le feiceáil go soiléir faoi láthair ná an easpa foirne. Tá an córas sláinte go mór faoi bhrú toisc nach bhfuil dóthain dochtúirí agus altraí cáilithe ann. Cén fáth a bhfuil an ganntanas seo ann? Tá sé ann toisc go bhfuil líon suntasach ag tógáil an bháid bháin agus ag dul ar imirce.

Léigh mé alt scanrúil a foilsíodh san Irish Independent ag tús na bliana a thug le fios go bhfuil níos mó ná 360 duine ag fáil bháis in aghaidh na bliana mar gheall ar mhoilleanna i rannóga timpiste agus éigeandála. Tá dochtúirí imníoch go dtiocfaidh ardú suntasach ar an bhfigiúr sin sna blianta amach romhainn toisc go bhfuil drogall ar dhaoine cóir leighis a fháil tar éis na scéalta uafásacha faoi dhaoine ag caitheamh uaireanta, agus fiú laethanta i gcásanna áirithe, ag fanacht ar thralaí nó, níos measa fós, ar chathaoir agus iad go dona tinn ag fanacht ar leaba. Is mór an scannal é seo agus cuireann sé déistin orm. Is fíor a rá go mbíonn neart daoine ag fanacht ar scanadh ar feadh cúpla lá, rud a chuireann leis an nganntanas leapacha.

Is léir gur cheart dúinn éigeandáil a fhógairt blianta ó shin ach is fearr go mall ná go brách. Dáiltear na billiúin ar an tseirbhís sláinte gach bliain ach fós tá an córas ag titim as a chéile. Deirtear nach bhfuil ní níos géire ann ná teanga mná ach níl ní níos soiléire ná teip an Rialtais sa chóras sláinte ná in otharlann na leanaí nua, atá gan chríoch go fóill. Caitheadh na milliúin agus billiúin uirthi agus tá muid fós ag fanacht. Is fearr lán doirn de cheird ná lán mála d’ór áfach agus tá idirghabháil ag teastáil go géar.

Tá neamhéifeacht na bpolaiteoirí maidir le bun-athchóiriú, feabhsú, forbairt agus, thar aon rud eile, maoiniú na seirbhíse sláinte chomh soiléir le grian an mheánlae. Níor éirigh le páirtí ar bith a bhí i gcumhacht le 50 bliain anuas an dul chun cinn a bhí riachtanach a chur i gcrích. Fiú le linn tréimhse an tíogair Cheiltigh, nuair a bhí an tír seo lofa le hairgead, is amhlaidh go raibh an córas sláinte ar bun an liosta ag na polaiteoirí a bhí sa Rialtas. Is féidir struchtúr riaracháin a athrú gan mórán dua agus is féidir faillí an chórais a lochtú gan stró, sula bhfaightear deis é a leigheas, ach ní léir fós go bhfuil dream ar bith sa Rialtas toilteanach agus ábalta an córas a fheabhsú i ndáiríre.

Deirtear gur i dtús na haicíde is fusa í a leigheas ach is oth liom a rá nár tugadh aghaidh ar na laigí a bhaineann leis an gcóras lochtach seo in am. Agus é sin ráite, níl aon mhaith sa seanchas nuair atá an anachain déanta. Táim cinnte go n-aontóidh an coiste liom go bhfuil sé thar am dúinn dul i ngleic leis na deacrachtaí agus na heasnaimh a bhaineann leis an gcóras sláinte in Éirinn agus éigeandáil náisiúnta a fhógairt chun deireadh a chur leis an bhfáinne fí sa chóras sláinte agus na laethanta dorcha seo a fhágáil inár ndiaidh. Gabhaim míle buíochas leis an gcoiste as éisteacht liom.

Mr. Alex Muntean

Guím beannachtaí na hardspéire ar an gcoiste. Is ó Ghaelcholáiste na Mara mé agus táim anseo inniu chun an topaic “an córas sláinte – an gá éigeandáil náisiúnta a fhógairt?” a phlé. Ar dtús báire, labhróidh mé faoi roinnt fadhbanna atá bainteach leis an gcóras seo ar nós deacrachtaí teacht ar an tseirbhís agus an easpa spáis atá ann. Tar éis sin, taispeánfaidh mé an taobh dearfach, na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun an córas a fheabhsú agus an chabhair bhreá atá á thabhairt faoi láthair.

Is léir dúinn go léir go bhfuil caighdeán na seirbhísí sláinte thar barr anseo in Éirinn, ach cén maitheas é an caighdeán seo murar féidir linn teacht ar na seirbhísí cuí? Go hiondúil, bíonn roinnt deacrachtaí ag daoine leis an bpróiseas sna hinstitiúidí sláinte. Tugann go leor daoine cuairt saor in aisce ar an dochtúir ginearálta mar thoradh ar an gcárta sláinte, beag beann ar an rud atá mícheart leo. Bíonn an dochtúir plódaithe leis an uafás míonchásanna agus ní thugtar mórán airde ar na mórchásanna dá bharr. Cuireadh struchtúr an phróisis i mbealach go bhfuil sé riachtanach an dochtúir ginearálta a fheiceáil agus tú ag lorg obráide. Mar sin, de bharr nach dtuigeann daoine luach an chárta sláinte, bíonn an iomarca daoine ag fanacht agus cuirtear moill ar an bpróiseas.

Is fadhb mhór eile í, atá go mór i mbéal an phobail, an easpa leapacha sna hospidéil. Is cosúil nach stopann an fhadhb ansin agus go bhfuil easpa dochtúirí agus ospidéal sa tír chomh maith. Ní féidir leis an gcóras freastail mar is ceart ar an daonra agus sin í an chúis leis na liostaí fada feithimh. Dá bhféadfaí níos mó ospidéal a thógáil agus níos mó dochtúirí a oiliúint, bheadh seirbhís i bhfad níos éifeachtaí againn sa todhchaí. Ba chuma cé mhéad leapa a bheadh sa tír, mura bhfuil aon ospidéal chun iad a chur ann, aon dochtúirí chun freastal orthu agus aon bhanaltraí le haire a thabhairt dóibh. I dtéarmaí níos simplí, níl a ndóthain acmhainní sa chóras sláinte i gcomhair daonra na tíre agus tá níos mó ag teastáil chun seirbhís mhaith a thabhairt do gach aon duine.

Conas is féidir linn na fadhbanna seo a réiteach gan infheistíocht éifeachtach a dhéanamh san earnáil? Anuraidh, sa bhliain 2022, shocraigh an Rialtas buiséid €23.4 billiún a chaitheamh anseo agus sa bhliain chéanna, bhí GDP na hÉireann timpeall €480 billiún. Chaitheamar timpeall 5% dár GDP ar an gcóras sláinte, an méid céanna agus a chaitheann tíortha eile san Aontas Eorpach chomh maith. Mar sin, cén fáth go n-éiríonn leo níos mó leapacha agus dochtúirí agus córas níos éifeachtaí agus níos tapúla a bheith acu? Is cosúil nach bhfuil aon éifeacht leis an airgead a chuirtear isteach anseo mar go bhfuil an Rialtas níos dírithe ar dheontais agus ar chártaí sláinte a thabhairt ná an córas a láidriú agus freastal mar is ceart ar na riachtanais atá ann.

Tá mé tar éis an chórais sláinte a cháineadh go mór, ach is fadhb riaracháin agus bainistíochta é seo, den chuid is mó. Tá caighdeán na ndochtúirí in Éirinn iontach ar fad agus is ceann de na tíortha is fearr san Eoraip í Éire sa réimse seo. Tá dochtúirí na tíre oilte agus tá taithí mhaith acu freisin. Is daoine díograiseacha iad agus tuilleann siad tuarastal mór chun é sin a thaispeáint. Tá ról an-tábhachtach ag na dochtúirí seo agus is daoine riachtanacha iad chun an córas sláinte a reáchtáil, ach is cúis é seo lena n-uaireanta fada oibre. Bíonn tuirse agus strus ar dhochtúirí agus banaltraí go rialta agus laghdaítear éifeachtúlacht an chórais sláinte dá bharr.

Tá áthas orm a rá go bhfuil botúin agus laigí an chórais sláinte á ndeisiú faoi láthair ag an gclár Sláintecare. Tá sé d’aidhm ag Sláintecare a bheith freagrach as a bhotúin agus spriocanna na ndaoine a bhaint amach. Cuirfidh an clár seo seirbhísí atá dírithe ar an othar ar fáil go tapa agus go héifeachtach, tríd lucht saothair atá díograiseach agus tuisceanach a úsáid. Tá plean mionsonraithe leagtha amach ag an gclár Sláintecare chun an córas sláinte a fheabhsú agus seirbhísí nua a chur ar fáil chomh maith.

Chun deireadh a chur le mo chuid cainte, tabharfaidh mé achoimre ar an méid atá ráite agam. Ar dtús, labhair mé faoi roinnt deacrachtaí sa chóras agus ró-phlódú na ndochtúirí ginearálta agus easpa ionaid agus daoine oilte san earnáil seo. Tar éis é sin, labhair mé faoi na fadhbanna infheistíochta sa chóras, caighdeán na ndochtúirí sa tír, maidir lena ndeacrachtaí agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun feabhas a chur ar an gcóras faoi láthair. Le gach rud ráite anois, ní dhearfainn gur gá éigeandáil náisiúnta a fhógairt. Is cinnte go bhfuil fadhbanna sa chóras sláinte agus nach n-imeoidh na fadhbanna sin go héasca. Mar sin, tá comhoibriú ag teastáil ionas gur féidir linn go léir córas níos fearr a chruthú don todhchaí agus ní gá éigeandáil a fhógairt. Gabhaim mo mhíle buíochas leis an gcoiste as ucht cuireadh a thabhairt dom teacht agus labhairt inniu agus gabhaim buíochas leo as ucht éisteacht liom.

Ms Eva Ní Dhoibhilín

Tráthnóna maith do gach duine. Is bean óg ocht mbliana déag d’aois mé a chónaíonn taobh amuigh den Ómaigh i gContae Thír Eoghain. Tá muid chomh buíoch cuireadh a fháil teacht anseo go dtí an phríomhchathair le barúlacha ógánaigh an Tuaiscirt a léiriú agus a chur faoi bhráid an choiste.

Is léir don dall go bhfuil fadhb ollmhór le cúrsaí sláinte ar an oileán seo, ní hamháin ó Dheas ach ó Thuaidh chomh maith. Tá drochbhail ar ár gcóras sláinte. Tá liostaí feitheamh chomh dona, shílfí go raibh cónaí orainn i dtíortha forbartha an domhain. Ní bréag é a insint go bhfuil daoine ag fáil bháis ar thralaithe in achan cearn den tír.

Cén gá atá ann éigeandáil náisiúnta a fhógairt? Ba chóir dul níos faide ná sin. Ba chóir dúinn a bheith ag smaoineamh ar an gcóras a leasú ón bhonn aníos. Is oileán beag í Éire agus in ainneoin go bhfuil dá dhlínse, Thuaidh agus Theas, ba chóir aithris a dhéanamh ar an gcóras. Tá an t-oileán seo róbheag le córas sláinte d’ardchaighdeán a sholáthar, má fhanaimid mar atá, ach ar dtús amharcfaimid ar na fadhbanna. Seo na fadhbanna, de réir mar a fheicim iad, ar ndóigh mar ógánach: ganntanas dochtúirí agus banaltraí, drochbhainistíocht, coinníollacha oibre míshásúla agus cur amú airgid.

Cá mbeimis gan ár ndochtúirí agus ár mbanaltraí? Bhuel, tá gé na n-uibheacha óir a mharú sa dá dhlínse. Tá na gairmithe luachmhara seo ag imeacht le sruth uainn. Tá siad spíonta, maslaithe agus, le fírinne, caite. Níl go leor dóibh againn agus, dóibh siúd atá linn, bheadh tromlach acu sásta éirí as a bpost agus an bád bán a thógáil chun na hAstráile nó go Ceanada, áiteanna a mbeadh coinníollacha oibre agus tuarastal níos fearr á n-ofráil. Bíonn an scéal 20 uair níos measa dona altraí faoi oiliúint. Cuirtear iallach orthu sealanna iomlána a dhéanamh agus dúirt an tAire Stáit, an Teachta Thomas Byrne, gurb ionann é agus sclábhaíocht. Tá na hotharlanna plódaithe, dubh le daoine agus lán go doras le tinneas. Caithfidh an Rialtas dul i ngleic leis an ghéarchéim seo. Ba chóir caitheamh le plódú na n-otharlann mar ghéarchéim náisiúnta agus éigeandáil náisiúnta a fhógairt.

Dá mbeadh scoil de 1,000 scoláire i bhfoirgneamh a tógadh do 200 agus gan ach 20 múinteoir ann, bheadh raic ann. Deirim leis na hionadaithe tofa gur léir dom agus b’fhéidir go bhfuil dul amú orm, go bhfuil drochbhainistiú déanta acu ar an gcóras sláinte. Níl mé ag cur an mhilleáin orthu siúd atá anseo, ach ar pholaiteoirí go ginearálta.

Tá ionsaithe ar bhaill foirne do-ghlactha ar fad agus deir ceardchumann, Fórsa, go bhfuil an Roinn Sláinte ag ligean síos na hoibrithe sláinte. Feictear na póstaeir i seomraí feithimh ag cur i gcuimhne d’othair go bhfuil teacht an dlí orthu go fóill agus iad san ospidéal ach ní stopann sin daoine. Rinneadh níos mó ná 33,000 ionsaithe ar bhanaltraí thar thréimhse seacht mbliana agus 7,000 ionsaithe, ó tháinig Covid i dtír trí bliana ó shin. Ní nach ionadh go mbeadh athsmaoineamh á dhéanamh ag banaltraí faoina bpost a fhágáil.

Tarlaíonn míbhainistíocht ó Thuaidh fosta. Tá pota óir de £7 billiún le caitheamh ó Thuaidh gach bliain agus an córas ina cheap magaidh agus cíor thuathail. Ba chóir dúinn a bheith aislingeach faoinár sláinte. Tá córas sláinte d’ardchaighdeán á sholáthar ag tíortha an domhain. Ba chóir dúinn foghlaim uathu. Tá corradh le hocht milliún daoine ag cur fúthu ar an oileán seo. Is ionann sin agus daonra na hEilvéise agus dar le WHO, tá córas sláinte níos éifeachtaí aici.

Cén fáth nach bhfuil cónascadh uile-Éireann ag an tseirbhís sláinte náisiúnta agus Feidhmeannacht na Seiribhíse Sláinte, HSE, chun an brú agus strus a laghdú faoi choinne oibrithe sláinte ar fud na tíre, go háirithe do dhaoine a chónaíonn ar an teorainn? Mura bhfuil coinne ar fáil ar an Srath Bán, cén fáth nach féidir dul chuig Leitir Ceanainn?

Is féidir linn, mar tír, dul i ngleic leis an bhfadhb sa chóras sláinte agus chreidfinn go paiseanta nach mbeadh gá le héigeandáil náisiúnta. Gabhaim buíochas leis na comhaltaí as éisteacht liom.

Ms Áine Hogg

Tá mé anseo ó Ghaelcholáiste Luimnigh. Is mór an onóir dom a bheith anseo inniu chun labhairt faoin gcóras sláinte.

Is éard atá i gceist le córas sláinte ná eagraíocht de dhaoine, institiúidí agus acmhainní a sholáthraíonn seirbhísí cúram sláinte chun freastal ar riachtanais sláinte na spriocdhaonraí. Is topaic an-suimiúil agus tráthúil é sa lá atá nua ann agus is iomaí tuairimí atá agam faoin topaic seo, mar aon le gnáthdhuine eile. Ón lá a saolaítear duine go lá a bháis tá an tsláinte fite fuaite lena shaol. Tá an tsláinte greanta sa chaint le beannachtaí, amhail "sláinte mhaith", "sláinte an bhradáin" agus an ráiteas is simplí ar fad, "slán leat". Bíonn an topaic seo pléite agus athphléite i mbéal an phobail ag gach mac máthar. Thuigfeadh an té atá i dtaithí páipéar nuachta a léamh nó éisteacht leis an raidió, go bhfuil an-chuid cainte faoin topaic seo le tamall anuas.

Measaim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go gcoinneoimid ár sláinte i lár ár n-intinne chun go mbeidh caighdeán maith beatha againn.

Tá a fhios ag gach mac máthair go bhfuil murtall, fadhbanna meabhairshláinte agus fadhbanna le halcól agus drugaí ar chuid de na fadhbanna is measa in Éirinn. Tá siad ag dul in olcas le fada an lá. Is léir go bhfuil na dochtúirí agus na haltraí sna hospidéil ag streachailt. Is annamh a chuireann tú an raidió nó an nuacht ar siúl gan píosa a chloisteáil faoin mbrú ar ghanntanas leapacha in ospidéil. Ós rud é gur bronnadh an ceathrú háit sa domhain ar chóras sláinte na hÉireann, bheifí ag ceapadh go mbeadh siad ábalta déileáil leis an bhfadhb seo. A mhalairt atá fíor. Bhuaigh ár gcóras sláinte duais na ceathrú háite as córais sláinte ar fud an domhain in 2021 ach ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil sé lochtach agus nach féidir feabhsuithe a dhéanamh. Ní mór dúinn a bheith ag obair ar níos mó teicneolaíochta a chomhtháthú isteach inár n-ospidéil, gearradh síos ar ár gcuid dramhaíl páipéir agus an córas iomlán a dhéanamh níos tapúla. Rangaíodh Éire sa 24ú háit maidir le digitiú sláinte in 2021. Is í Éire an t-aon tír in iarthar na hEorpa atá fós gan clúdach uilíoch do chúram príomhúil. Is é seo an chúis a chuireann an oiread sin daoine as dul chuig na dochtúirí. Bíonn ar fhormhór na ndaoine in Éirinn fanacht níos mó ná trí mhí le haghaidh máinliacht catarachta, athchur cromáin agus glúine, de réir tuarascála ón OECD in 2018. Is rudaí iad seo atá riachtanach a shocrú do na hothair.

Ní mór dúinn béim a leagan ar nósanna sláintiúla a mhúineadh don ghlúin óg agus ar ár gcóras sláinte nuair atá páistí óga ar an mbealach tríd na scoile. Is minic go ndéanann go leor daoine dearmad ar an dea-mheabhairshláinte atá ríthábhachtach do dhéagóirí agus do dhaoine fásta óga a bhfuil go leor struis agus brú orthu. Ní mór oideachas a bheith ann ar straitéisí chun déileáil le seo agus acmhainní eile a chur ar fáil. Mar a deir an seanfhocail: “Is í an tsláinte an tseoid is fearr sa domhan”. Fad is atáim i mbun cainte anseo inniu, táim dóchasach faoi chóras sláinte na hÉireann. Tá céimeanna móra tógtha agus táim bródúil as na céimeanna sin. É sin ráite, muna leanann muid an bóthar ceart sa todhchaí, beidh muid i mbaol agus beidh éigeandáil ann. Tá an t-am ann é a sheachaint. Is ar scáth a chéile a mhairimid.

Tabharfaidh mé deis do na Teachtaí cúpla ceist a chur agus ansin caithfimid bogadh ar aghaidh. Tá an t-am gairid. Ar mhaith le héinne ceist gairid a chur ar na finnéithe atá tar éis a lán ullmhúcháin agus taighde a dhéanamh chun teacht os ár gcomhair faoin gceist seo?

Ba mhaith liom míle buíochas a ghabháil leis na cainteoirí ar fad as ucht an méid oibre atá curtha isteach acu sna ráitis tosaigh. Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre i gceist óna dtaobhsa agus ó thaobh na múinteoirí freisin.

Tá fadhbanna maidir le cúrsaí sláinte ag dul ar aghaidh sa tír seo le fada an lá. Ní mór dom a rá nach nglacaim aon locht orm féin maidir leis na fadhbanna sin. Thug mé fógra ag tús an chruinnithe. Cén fáth é sin? Tá mo shaol caite agam ag iarraidh fís eile a chur chun cinn. Ceapaim go bhfuil fís eile ag teastáil. Tá locht ar dhrochbhainistíocht mar a luaigh na finnéithe ach níl an locht iomlán air seo. Tá daoine maithe ann agus tá réitigh ar fáil. Tá mé ag dul ar ais i gciorcal go dtí na ráitis tosaigh ach nuair a tháinig muid le chéile i ndiaidh 2016, bhí gach Teachta braon de chúrsaí sláinte agus bhí na fadhbanna ag leanúint ar aghaidh agus ar aghaidh. Is é sin an fáth a thángamar le chéile mar choiste. Luaigh cainteoir amháin Sláintecare. B'shin an blueprint don bealach a bhí le teacht. Faraor, tá an dul chun cinn ró-mhall, ach is é sin an polasaí atá againn le fáil réidh leis na fadhbanna agus fís nua a chur chun cinn. Tháinig na Teachtaí uilig le chéile chun sin a dhéanamh. An bhfuil mé sásta? Níl. An nglacaim leis an méid atá ráite ag na finnéithe? Glacaim, ach ní aontaím libh sa mhéid is nach féidir an locht a chur go hiomlán in áit amháin. Iarraim ar na finnéithe teacht ar ais ar an bpointe sin. Tá locht orainn go léir mar bhaill den sochaí as ucht glacadh le córas sláinte mar seo.

Rinne cainteoir amháin tagairt don 360 duine a fhaigheann bás gach bliain ar thralaí. Is é sin an figiúir atá luaite ag an Dr. Hickey i Sligeach. Is uaidh siúd a tháinig na figiúirí sin, atá scannalach amach agus amach. Thángamar le chéile; tá fís ann; agus ní mór dúinn mar shocaí é a chur i bhfeidhm. Tá ceist agam - nó ráiteas i ndáiríre - agus b'fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann teacht ar ais maidir leis. Tá gá le hathrú polasaí bunaithe ar Sláintecare. Tá gá le conradh nua ó thaobh dochtúirí agus altraí de. Nuair atá a gcuid oiliúint críochnaithe, ba chóir go mbeadh dualgas orthu fanacht sa tír agus cúpla bliain oibre a thabhairt ar ais don tír. Rinne mise amhlaidh mar shíceolaí na blianta ó shin agus is pribhléid a bhí ann dhá bhliain oibre a dhéanamh ar son an fheidhmeannacht sláinte ag an am. Tá bealaí éagsúla ann ach braitheann sé ar an bpolasaí nó ar an bpáirtí.

Mar fhocal scoir, luadh na rialtais éagsúla le 50 bliain anuas. Ní raibh ach Fianna Fáil nó Fine Gael i gcumhacht sa tír i leith formhór an ama sin. Má tá athrú le teacht, tá sé tábhachtach fírinne an scéil a nochtadh freisin. Is é sin mo chuidse. Go raibh míle maith agaibh. Tá a fhios agam go bhfuil sé thar a bheith deacair teacht anseo agus labhairt ós comhair coiste mar seo. Is pribhléid dom mar Theachta éisteacht leis na finnéithe agus a gcuid Gaeilge álainn a chloisteáil freisin.

Tógfaidh mé cúpla ceist le chéile agus ansin beidh orainn bogadh ar aghaidh go dtí an chéad ábhar eile. Tabharfaidh mé deis dóibh siúd a labhair freagra beag gairid a thabhairt.

Tá mé buíoch de na finnéithe as ucht a gcuid cur i láthair. Tá an-chuid taighde déanta acu ar na hábhair agus tá sé sin soiléir ó na pointí éagsúla a rinneadh. Luaigh Alex Sláintecare agus an plean a bhí in ann dúinn agus an tslí go mbeadh an comhoibriú an-tábhachtach. Aontaím leis. Tá comhoibriú idir na córais an-tábhachtach. Rinneadh tagairt eile den chomhoibriú sin ar leibhéil tras-Teorann. Is dóigh liom gur Éabha a luaigh an pointe seo. An bhfuil slite ann gur féidir linn foghlaim óna chéile maidir leis na córais éagsúla ó Thuaidh agus ó Theas nó an bhfuil deis ann ceachtanna a fhoghlaim ansin nó rudaí eile a bhféadfaí a dhéanamh níos fearr? Fágfaidh mé mar sin é.

D'iarr an Teachta Ó Muineacháin orm ceisteanna crua a chur ar na finneithe ó Chontae Mhuineacháin ach níl mé chun é sin a dhéanamh.

Tá an Teachta ag smaoineamh ar Theachta ó Chontae Mhuineacháin, seachas an Teachta Ó Muineacháin.

Tuigim. Gabhaim buíochas le Máiréad, Eva, Alex agus Áine. Bhí sé suimiúil bheith ag éisteacht le hEva. Ba léir go bhfeiceann sí na fadhbanna céanna sa Tuaisceart is atá againn anseo. Bhíos ag obair i Londain 30 bliain ó shin agus nuair a bhuaileas isteach san oifig ar an gcéad lá, dúirt na daoine ann liom dul síos chuig oifig an NHS chun mo chárta a fháil mar go raibh advantages ag dul leis. Chím gurb é sin an destination atá orainn a shroichint. Tá sé soiléir go bhfuil dhá leibhéal sa chóras atá againn anseo sna Sé Chontae Fichead. Ba mhaith liom rud éigin a dhéanamh mar gheall air sin. Mar a luaigh an Teachta Connolly, rinneadh obair iontach sa choiste maidir le Sláintecare, ach tá cur i bhfeidhm na straitéise sin rómhall. Tá súil agam go mbeimid ag bogadh sa treo sin níos tapúla sa todhchaí. Gabhaim buíochas leis na daltaí ar fad. Bhí sé an-suimiúil a chloisteáil go bhfeiceann siad na fadhbanna céanna ar fud na tíre ar fad.

Níl mé chun aon cheist a chur.

Caithfidh mé fágáil. Bhí eagla orm caint ach d’éist mé leis na finnéithe uilig. Bhí siad an-mhaith. Gabhaim buíochas leo go léir. Tá sé uilig ráite. Tá a fhios againn go bhfuil réitithe de dhíth. Níl an córas ag obair. Tá córas uile-Éireann agus seirbhís náisiúnta maidir le sláinte uainn. Sin atá de dhíth agus caithfimid é a dhéanamh. Is dócha go mbeidh muidne ábalta giota beag oibre a dhéanamh mar gheall air sin. Gabhaim buíochas leis na finnéithe arís.

Iarraim ar an Teachta Ó Cuív a bheith gairid mar caithfidh mé gach duine a fháil isteach.

Ní bheidh mé i bhfad. Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus gabhaim míle comhghairdeas leo as an gcur i láthair. Cinnte, tá fadhbanna sa chóras sláinte. Ní chreidim, in aon rud a bhíonn ar bun ag an duine daonna, go gcríochnóimid riamh le córas atá go hiomlán gan locht. Ní fhaca mé rud ar bith mar sin riamh nach raibh locht ar bith air. An cheist ná an féidir linn é a dhéanamh níos fearr. Tá rudaí maithe sa chóras sláinte s’againne. Tháinig mé trasna orthu mar go raibh duine gar dom ag brath go mór ar an gcóras sláinte le bliain. Bhí rudaí áirid go dona ach rudaí eile go maith. Bheadh sé thar a bheith spéisiúil, idir na scoileanna i dTír Eoghain agus na scoileanna ó Dheas, dá bhféadfaí comparáid a dhéanamh idir rudaí ó Thuaidh agus ó Dheas. Mar shampla, tá gach rud saor ó Thuaidh, agus ó Dheas íocann daoine €80 sa mhí as drugaí má tá a n-ioncam os cionn méid áirid. Táimid ag cur deireadh le táillí ospidéil ach íocann daoine ar an dochtúir má tá a n-ioncam ard freisin. De réir mar a thuigim, ó Thuaidh agus i Sasana má tá duine ag iarraidh dul ag an dochtúir teaghlaigh nó an dochtúir áitiúil, b’fhéidir go mbeadh orthu fanacht coicís le dochtúir a fheiceáil. An áit ina bhfuil mise i mo chónaí amuigh faoin tuath, dá nglaofainn ar an dochtúir inniu agus dá mbeadh an fliú orm, d’éireodh liom dul ag an dochtúir amárach. Bheadh sé spéisiúil comparáid a dhéanamh agus féachaint cé acu córas is fearr. Ansin, d’fhéadfá na píosaí is fearr den rud ó Thuaidh agus na píosaí is fearr den rud ó Dheas a thógáil agus iad a chur le chéile agus na drochrudaí ó Thuaidh agus ó Dheas a chaitheamh amach. Sin a cheapaimse gur cheart a dhéanamh.

Níl mé chun labhairt faoi rudaí móra ach ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do gach aon duine a labhair inniu. Nuair atá glór na n-óg ann, tá dualgas orainn an glór a chluinstin. Aon sonraí nó aon rud a tháinig amach inniu, is gá dúinn iad a chur os comhair an choiste sláinte agus an Aire Sláinte. Tá níos mó sonraí sa taispeántas. Caithfear a rá go bhfuil paisean ann inniu faoin ábhar seo. Nuair a thagann an crú ar an tairne agus nuair a thagann glór na hóige amach, tá dualgas orainn na rudaí sin a chluinstin. Fair play don Chathaoirleach fá choinne an chruinniú seo a eagrú. Tá sé tábhachtach. Dá mbeadh níos mó daoine óga os comhair aon choiste, ní hamháin an coiste seo, bheadh an glór dáiríre sin socruithe fosta. Tugaim aitheantas do gach aon duine. Níl ceist agam. Aontaím leis na daoine a labhair faoi na lochtanna sa chóras. Níl aon chóras gan locht, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív. Gabhaim comhghairdeas le gach aon duine. Rinne siad fíor-jab inniu agus, mar a dúirt an duine ó Ghaoth Dobhair, chaill siad amach ar an meánscoil inniu fosta. Fair play dóibh.

Mr. Alex Muntean

Aontaím leis an méid atá ráite ag na Teachtaí. Is cinnte go bhfuil an clár Sláintecare ag feabhsú an chórais faoi láthair agus go bhfuil an próiseas rómhall. Ceapaim gur chóir próiseas maith agus breá a chur isteach ionas gur féidir linn an córas a láidriú de réir a chéile agus é a thógáil ar bhunchloch láidir ionas go mbeidh seirbhís i bhfad níos fearr againn sa todhchaí. Is léir go bhfuil comhoibriú agus aontacht ag teastáil uainn sa todhchaí agus gur féidir linn córas níos fearr a chruthú do na glúnta atá le teacht.

Ms Áine Hogg

Aontaím go huile agus go hiomlán le gach rud a dúradh. Tá comhoibriú fíorthábhachtach sa todhchaí chun a chinntiú go n-oibríonn an córas go hiomlán.

Ms Eva Ní Dhoibhilín

Aontaím go huile agus go hiomlán leis an méid atá á rá. Is maith liom smaointe an Teachta Ó Cuív faoi na buntáistí agus míbhuntáistí sa chóras ó Thuaidh agus córas sláinte maith nua a fhorbairt, agus amharc ar an difear san airgead. Má bhíonn córas nua ann ní bheadh gá éigeandáil náisiúnta a fhógairt.

Ms Mairéad Ní Chartaigh

Aontaím le cad a bhí á rá ag Alex. Sílim go bhfuil an córas sláinte go maith nuair a fhaigheann tú isteach sa chóras ach an fhadhb ná na liostaí feithimh agus cé chomh fada a thógann sé agus cé chomh mall is atá rudaí. Bíonn daoine níos measa ansin nuair a fhaigheann siad coinne leis an dochtúir mar gheall go raibh siad ag fanacht chomh fada.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Níl go leor ama againn chun díriú isteach ar an ábhar seo ina iomláine so beidh orainn bogadh ar aghaidh go dtí an chéad ábhar eile - neodracht na hÉireann - ábhar atá i mbéal an phobail arís le déanaí, agus i mbéal na meán go háirithe. B’fhéidir go dtosóimid droim ar ais ón uair dheireanach. Glaoim ar an ionadaí ó Ghaelcholáiste Luimnigh.

Mr. Oisín Mac Craith

Is scoláire sa chúigiú bliain i nGaelcholáiste Luimnigh mé. Tá an-bhród orm a bheith anseo i dteannta an choiste chun caint mar gheall ar an stádas neodrach atá ag Éirinn sa domhan agus an cheist atá, “An bhfuil Éire neodrach i ndáiríre nó an bhfuil muid neodrach nuair a oireann sé dúinn?” Táim chun an ráiteas sin a phlé anois.

I mo thuairim, tá sé an-tábhachtach an neodracht atá againn sa tír seo a choimeád. Le linn an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda, chosain an neodracht a bhí againn ár dtír toisc nach raibh Arm na tíre seo láidir go leor don ardán domhanda. Thar na blianta, ón am ar éirigh linn neamhspleáchas a fháil ón mBreatain, chabhraigh ár stádas sa domhan mar thír neodrach linn go mór. De bharr go bhfuil stádas neodrach againn, ní gá dúinn an t-uafás airgid a chaitheamh ar ár nArm agus níl mórán baoil ann go mbeidh ár gcuid saighdiúirí bainteach le haon chogadh mór, seachas más rud é go bhfuil fonn orthu a bheith páirteach ann. Cabhraíonn na sárchumhachtaí atá mórthimpeall orainn, cosúil leis an mBreatain, an Fhrainc, an Ghearmáin, na Stáit Aontaithe agus araile linn chun a bheith neodrach mar thír toisc go laghdaíonn siad go léir aon bhaol atá ann d’ionradh ar an tír seo. Is rud an-chabhrach é seo dúinne.

Tagann an cheist suas arís is arís eile, “An bhfuil muid neodrach i ndáiríre, nó an bhfuil muid neodrach nuair a oireann sé dúinn?”. Tá an cogadh san Úcráin ag cur na ceiste seo orainn chuile lá. Tá an-chuid teifigh ón Úcráin a d’éalaigh ón gcogadh ag teacht isteach chun na tíre faoi láthair agus tá muid go léir ag féachaint ar an teilifís ar na rudaí uafásacha atá á ndéanamh ag an Rúis san Úcráin. Dá bharr seo, tá sé an-deacair ar fad ár neodracht a choimeád agus tá fonn láidir orainn cabhair a thabhairt don Úcráin. Dúirt an Tánaiste, an Teachta Mícheál Martin, fad is a bhí sé mar Thaoiseach in 2022, nach raibh Éire neodrach go polaitiúil ach go raibh muid neodrach go míleata. Mar sin, tá an-chuid daoine ag ceistiú an bhfuil muid neodrach i ndáiríre nó an bhfuil muid neodrach nuair a oireann sé dúinn. Tá argóint láidir ann nach bhfuil muid mar thír neodrach de bharr go bhfuil muid ag tabhairt tacaíocht don Úcráin faoi láthair.

Gan amhras tá pointe ag na daoine atá ag argóint ar an taobh seo. Áfach, aontaím leis an Tánaiste mar is ceart dúinn ár gcuid tacaíochta a thabhairt do thír atá ar an taobh mícheart d'ionradh. Ceapaim gurb é an seasamh ceart don tír seo ná chun a bheith go hiomlán neodrach go míleata ach maidir le cúrsaí polaitiúla i gcásanna áirithe, mar shampla an Úcráin, is ceart dúinn tacaíocht a thabhairt dóibh. Nuair a dhéanann sárchumhacht ionradh ar tír eile nach bhfuil ar chomh-chumhacht leis, is ceart dúinn tacaíocht a thabhairt don tír faoi ionsaí gan cabhrú leo go míleata, mar gur féidir linn a bheith tógtha isteach chuig cogadh nach bhfuil fonn orainn a bheith páirteach dá bharr. Mar a dúirt mé níos luaithe, táimid ag iarraidh ár dtír a chosaint agus níl fonn orainn a bheith tógtha suas i gcoimhlintí le tíortha eile de bharr lámh cúnta míleata a bheith tugtha againn do thír i gcás an Úcráin.

Bhí ár stádas neodrach sa domhan ceistithe díreach roimh an gcogadh san Úcráin freisin nuair a bhí fonn ar an Rúis cleachtadh míleata a dhéanamh amuigh ó chósta na hÉireann. Bhí na Rúisigh ag iarraidh cleachtadh a dhéanamh san Aigéan Atlantach i gcrios eacnamaíoch eisiach na hÉireann, áit ina bhfuil tíortha eile saor chun dul isteach agus amach uaidh nuair atá fonn orthu, cosúil leis an Rúis ag iarraidh cleachtadh a dhéanamh ann. Tháinig an cheist - “An bhfuil muid neodrach i ndáiríre?” - suas arís toisc gur tháinig an-chuid gearán ón tír seo nuair a bhí an Rúis ag iarraidh cleachtadh míleata a dhéanamh. An ceart dúinn iad a stopadh, nó an ceart dúinn ligean leo? Is rud an-suimiúil ar fad é an neodracht sa tír agus is rud é a bhfuil an-chuid tuairimí difriúla ag daoine sa tír seo faoi. Ceapann daoine áirithe go bhfuil sé de cheart againn a bheith mar thír neodrach agus ceapann daoine eile gur cheart dúinn níos mó infheistíochta a dhéanamh inár nArm ionas go mbeidh arm láidir againn.

Chun críoch a chur leis an óráid seo agus líne a chur faoin gceist seo, is ceart dúinn a bheith neodrach in Éirinn go míleata ach ceapaim i gcásanna áirithe, go polaitiúla, is ceart dúinn a bheith ag tabhairt tacaíochta go tíortha ach go háirithe i gcás na hÚcráine gan a bheith tógtha suas go míleata leis an gcás. Is rud an-dearfach don tír seo é ár stádas neodrach sa domhan de bharr go ndéanann sé muid a chosaint ó shárchumhachtaí ag déanamh ionradh ar ár dtír agus déanann sé muid a chosaint óna bheith páirteach i gcogaí móra freisin. Ach gan amhras, chun an fhírinne a rá, tiocfaidh an cheist seo suas arís is arís eile: an bhfuil muid neodrach i ndáiríre, nó an bhfuil muid neodrach nuair atá fonn orainn a bheith neodrach?

Go raibh míle maith agaibh go léir. Ba mhór an onóir dom a bheith i bhur dteannta.

Bogfaimid ar aghaidh go Scoil Iósaef, Domhnach Mór.

Mr. Eoghan Ó Cianáin

A chairde Ghaeil, a ionadaithe tofa agus a chomhscoláirí, caithfidh mé a bheith iomlán ionraic libh: cé go mbíonn an t-ábhar seo ina chnámh spairne go mion minic, is dócha nach raibh ar an aos óg a machnaimh a dhéanamh ar thopaic mar seo go dtí go ndearna an Rúis ionsaí ar an Úcráin thart ar bhliain ó shin. An uair dheireanach a raibh plé mar seo déanta ar an pholasaí seo ná nuair a bhí cogadh san Iaráic ar siúl, i bhfad sular rugadh scoláire ar bith anseo inár measc. Is cuimhin liom go maith, agus mé níos óige sa scoil, ag déanamh taighde ar an Dara Chogadh Domhanda sa stair ar bhlitz Bhéal Feirste, ach níor rith sé linn ag an am cén fáth nach raibh blitz i mBaile Átha Cliath, mar shampla. Baineadh siar asam an tseachtain seo caite nuair a d’inis mo mhúinteoir dúinn go raibh rúidbhealach in Ard Bó i gContae Thír Eoghain, áit ar tháinig agus ar stop saighdiúirí Mheiriceá. Is trua go bhfuil an stair seo imithe ó chuimhne na ndaoine. Gan an oiread sin ama a chaitheamh ar stair na hÉigeandála agus beartas neodrachta an tSaorstáit agus Poblacht na hÉireann, ba léir go raibh polaitíocht i gceist le de Valera, a bhí taobh thiar den pholasaí. Ghabh sé a chomhbhrón leis na Meiriceánaigh agus leis na Gearmánaigh ar aon le linn an Dara Chogadh Domhanda. Samhlaigh an Taoiseach ag déanamh comhbhrón le Putin agus le Zelenskyy ar bhás a saighdiúir.

Leis an chogadh san Úcráin agus spiaireacht ar siúl ag an tSín, ag na Rúisigh, ag an Chóiré Thuaidh agus - bímis ionraic - ag na Meiriceánaigh, an Bhreatain agus tíortha eile an domhain, glacaim lis go bhfuil sé níos deacra a bheith neodrach ar rud ar bith faoi láthair. Tá stair bhródúil ag an náisiún seo maidir le síochánaíocht agus tá meas mór go hidirnáisiúnta ar lucht síochánaíochta na hÉireann ag daoine áitiúla a d’oibrigh leo ar na misin agus laistigh den phobal idirnáisiúnta. Is maith is cuimhin linn bás Seán Rooney - go ndéana Dia trócaire ar a shon - anuraidh nuair a maraíodh é sa Liobáin. Sheas rud amháin amach dom a bhí thar a bheith cumhachtach, b’shin iarshaighdiúr aosta a sheas taobh a bhealaigh mhóir lena chaipín gorm air agus a rinne cúirtéis don chónra.

Thar na blianta, ba léir gur chun leasa dúinn a sheas muid lenár bpolasaí maidir le neodracht mhíleata agus mar aon le stair na tíre maidir le neamhchoilíneachas go mbíonn Éire ag iarraidh a bheith ina ball cuiditheach den phobal idirnáisiúnta, go díreach inchurtha le tíortha Lochlannacha. Ní baill de NATO muid agus tá sé léirithe ag rialtais na tíre seo nach mbeadh suim againn tacú le hairm na hEorpa dá dtarlódh a leithéid, ach ní hionann a bheith neodrach ar chogadh agus gan aon ní a dhéanamh - rud a rinneadh nuair a cuireadh fáilte Uí Cheallaigh roimh theifigh ón Úcráin. D’éirigh leis an tír seo suíochán a fháil ar choiste UN cúpla bliain ó shin agus ba léir gur bhailigh muid tacaíocht ó thíortha éagsúla an domhain a bhuí lenár bpolasaí a bheith neodrach. Ón léamh atá agam ar chúrsaí polaitíochta na laethanta seo, tá an domhan athraithe. Tá rialacha cogaidh athraithe. Tig ionsaithe go rialta ó thíortha eile go ciúin san oíche i ngan fhios do dhaonra na tíre.

Agus an ráiteas seo ag teacht chun deiridh, tá ceist pholasaí neodrachta go ríthábhachtach sna blianta amach romhainn agus tá ceist agam do na hionadaithe tofa. Mar thír neodrach, dá ndéanfadh an Rúis, an tSín, nó tír ar bith eile ionsaí míleata nó cibearionsaí orainn, cad is fiú a bheith neodrach gan chairde? Mar a dúirt mé cheana féin, is léir go bhfuil rialacha cogaidh athraithe arís. Le soiléireacht a dhéanamh, tá mé féin i bhfabhar le go mbeadh polasaí neodrachta a bheith againn, mar a deir an seanfhocal, “Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine”, ach cé a thabharfadh scáth dúinn agus muid faoi ionsaí?

Glaoim anois ar Rónán Ó hIcí ó Ghaelcholáiste na Mara.

Mr. Rónán Ó hIcí

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus gach éinne ar an gcoiste as an deis seo labhairt os a gcomhair. Táim anseo ó Ghaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór chun neodracht na hÉireann a phlé. Aontaím go hiomlán le prionsabal na neodrachta anseo in Éirinn. Tá an neodracht fite fuaite inár dtírdhreach, go liteartha, le os cionn 80 comhartha “Éire” greanta timpeall chósta na tíre agus iad ann ón Dara Cogadh Domhanda. Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil an neodracht lárnach inár bhféiniúlacht mar thír. Is tír neodrach ó thaobh chúrsaí míleata muid. De réir Airteagal 29.2 de Bhunreacht na hÉireann:

Dearbhaíonn Éire fós gur mian léi go ndéanfaí gach achrann idir náisiúin a réiteach go síochánta le headráin idirnáisiúnta nó le cinneadh breithiúnach.

Ceapaim go bhfuilimid mar thír tar éis seasamh seasta a thógáil ó thaobh ár neodrachta de.

I rith an Dara Cogadh Domhanda, thugamar tacaíocht chuig na comhghuaillithe ag roinnt ár n-aerspás leo. I rith thréimhse an Chogaidh Fhuair bhíomar ag seiceáil eitleáin ag taisteal idir Cúba agus tíortha i gComhaontú Vársá nuair a stop siad in Aerfort na Sionainne chun tíortha an chomhaontaithe a chosaint ó ábhair dhainséaracha. Le 20 bliain anuas, is féidir le haerfhórsa na Stáit Aontaithe a chuid eitleán a athlíonadh ar an tslí go dtí roinnt tíortha sa Mheánoirthear agus a leithéid in Aerfort na Sionainne. Faoi láthair táimid ag tacú go mór leis an Úcráin. Ní tacaíocht mhíleata é ach, mar is eol dúinn go léir, is iomaí bealach le cat a mharú seachas é a thachtadh le him. Is léir go bhfuilimid in Éirinn mar bhall den Aontas Eorpach ag cur roinnt bac ar an Rúis, agus ag tabhairt roinnt cúnamh airgeadais agus polaitiúil agus cabhair dhaonna don Úcráin.

Is tír a thacaíonn le hIarthar an domhain muid, tíortha daonlathacha ach go háirithe. In ainneoin sin, is léir nach tír neodrach ó thaobh chúrsaí polaitiúil muid. Díreach toisc go bhfuil neodracht mhíleata againn mar thír, ní chiallaíonn sin nach ceart dúinn a bheith in ann ár dtalamh, ár bhfarraigí agus ár n-aerspás a chosaint. Tá an fhírinne searbh, ach is mór an náire é staid reatha Óglaigh na hÉireann faoi láthair. Is muid an tír is measa san Aontas Eorpach ó thaobh mhaoiniú míleata de. Níl ach 7,987 ball in Óglaigh na hÉireann faoi láthair. Níl aon scairdtrodaire againn. Níl ach ocht long chabhlaigh againn, agus ní féidir linn iad go léir a úsáid de bharr go bhfuil Cabhlach na hÉireann i lár ghéarchéim soláthar foirne.

Mar sin, a chairde Gael, cén rogha a bhí romhainn i Márta 2020 nuair a bhí buamadóir Rúiseach ag eitilt in aerspás na hÉireann ar chósta iarthar na tíre? Bhíomar ag brath ar an Ríocht Aontaithe chun an RAF a sheoladh chun déileáil leo. Táimid i gceannas ar 75% den trácht atá ag eitilt thar an Atlantach agus níl sé d’acmhainn againn déileáil le heitleán amháin in ár n-aerspás.

Cad faoi ár píblíne agus ár gcáblaí ríthábhachtach faoin Atlantach? Siúráilte, tá ár gCabhlach in ann iad a chosaint, nach bhfuil? Ní hea. Arís, anuraidh nuair a bhí long chogaidh Rúiseach amach as cósta Chorcaí chun tástáil diúracáin a dhéanamh, cé a bhí ag déileáil leo? Bhí an cabhlach ríoga.

A chairde Gael, in 2023 is léir nach tír neodrach ó thaobh cúrsaí polaitiúla muid, ach cinnte, ó thaobh chúrsaí míleata de. Ach, mar thír le neodracht mhíleata, caithfimid a bheith in ann é seo a chosaint agus gan a bheith ag brath ar thíortha eile chun muid a chosaint. Tá an Rialtas chun maoiniú agus soláthar foirne a ardú roimh 2028, ach ní théann sé seo fada go leor. Caithfimid inspioráid a fháil ó thíortha neodracha eile ar nós na Fionlainne, a dhéanann infheistíocht ina cuid fórsaí míleata, le cabhlach, aerfhórsa agus arm iomlán neamhspleách atá in ann neodracht mhíleata na tíre a chosaint. Go raibh míle maith agaibh, a chairde Gael, as bhur gcluas éisteachta inniu.

Gabhaim buíochas le Rónán Ó hIcí. Is é an duine deireanach sa seisiún seo ná Aoibhínn Ní Cheallaigh agus glaoim uirthi anois.

Ms Aoibhínn Ní Cheallaigh

A dhaoine uaisle, ba maith liom a rá leis an gcoiste seo cé chomh buíoch is atá mé le bheith ag labhairt leis inniu. Is topaic shuimiúil shuntasach atá idir lámha agam ach tá súil agam go mbeidh an coiste toilteanach éisteacht le mo chuid tuairimí agus taighde.

Nuair a iarradh orm labhairt ar neodracht na hÉireann, líon mo chroí le bród dár dtír agus smaoinigh mé ar an oileán seo againne. Agus a chairde, ní miste liom a rá gur aithin mé locht i bhfoclaíocht na topaice. Tá ár gcairde linn ó chontae Thír Eoghain anois, agus mar Mhuineachánach, tá sé sin deacair le rá, ach cairde is ea iad, ach níl an pribhléid chéanna acu is atá ag na daoine a chónaíonn sna Sé Chontae Fichead. Níl neodracht acu. Is mór an trua é ach níl. Is fiú cuimhneamh air sin agus muid ag leanúint leis an gcomhrá seo.

Shoiléirigh an Teachta Micheál Martin é seo, agus é mar Thaoiseach, le linn dó plé a dhéanamh ar an gcogaíocht sa Úcráin. Dúirt sé nach bhfuil muid neodrach ó thaobh na polaitíochta de ach go bhfuilimid neodrach ó thaobh cúrsaí míleata de. Is ball den Aontas Eorpach muid agus, mar sin, oibrímid lenár gcomhghleacaithe san Aontas Eorpach maidir le cineálacha cur chuige iltaobhacha atá bunaithe ar rialacha maidir le díospóidí idirnáisiúnta. Tá an t-idirdhealú tábhachtach ach, ag an am céanna, léiríonn sé seo na deacrachtaí atá ann ag sainmhíniú na neodrachta agus cad is neodracht ann dúinn anseo.

Maidir leis an Deisceart, is dócha go bhfuil ár neodracht fréamhaithe sa Dara Cogadh Domhanda nuair a dhiúltaigh an Saorstát páirt, taobh nó seasamh oifigiúil a ghlacadh ann. Tugadh neamhthrodaí air sin ag an am agus ba é sin tús an aistir atá fós á dhéanamh againn.

Ba sheasamh nach raibh an-mheas ag roinnt mhaith tíortha air ag an am ach, leis an Stát fós ag dul don atógáil tar éis Chogadh na Saoirse agus Chogadh na gCarad, ba chneasú a bhí ag teastáil uainn. Níl sé sin le rá go ndearnadh neamhaird ar an gcogadh ina iomláine. Ba é sin tús leis an aistear agus forbairt ar an tuiscint ar neodracht, atá in amanna iontach solúbtha. Seoladh na saighdiúirí in airm na gcomhghuaillithe a tháinig i dtír nó chun talamh sa Stát trasna na teorann go Béal Feirste, agus rinneadh imtheorannú ar na saighdiúirí a tháinig anseo a bhí faoi chumhachtaí na hAise i gcampa an Churraigh go deireadh an chogaidh.

Ba dheacair an seasamh ag an am ag Rialtas an Stáit óig agus, fiú anois, bítear á phlé an raibh sé de cheart ag an Stát seo é sin a dhéanamh. Le Churchill ar tí áth-ionradh a dhéanamh ar an tír, is cinnte gur cróga a bhí an cinneadh sin.

Ach cad mar gheall ar an lá atá inniu ann? Is cinnte go bhfuil meas ag muintir an domhain ar an seasamh neodrach atá againn sa tír seo. Cé gur beag an daonra atá againn, tá an t-oileán lonnaithe in áit fhíorthábhachtach. “Location, location, location”, mar a deirtear.

De réir an Rialtais féin, is snáithe tábhachtach dár mbeartas neamhspleách eachtrach é beartas na hÉireann maidir le neodracht mhíleata le fada an lá, agus is sainairíonna iad neamhchomhaltas i gcomhghuaillíochtaí míleata nó i gcomhshocruithe cosanta.

Tá neodracht na hÉireann éagsúil nuair a chuirtear í i gcomparáid leis an gcuid de na tíortha eile. Tá fórsaí móra ag an tromlach de na tíortha eile. Tá fórsaí cosanta measartha beag ag Éirinn, de níos lú ná 8,000 pearsanra iontu sa líon is déanaí. De réir alt ón The Irish Times, bhí iar-ghinearál na Fionlainne ag rá nach dtig leis an tír leanúint le fórsaí cosanta chomh beag sin.

Bheadh an difir is mó eile ar an difir is conspóidí. De gnáth, ní cheadaíonn stáit neodracha aon mhíleata eachtrach laistigh dá gcríoch. Tá stair fhada ag Éirinn cead a thabhairt d’aerárthaí míleata teacht i dtír ag Aerfort na Sionainne. Más ceart nó mícheart é sin, ní athrú mór é, i ndáiríre, ón bpolasaí a bhí ag an Stát sna tríochaidí. De réir iar-Thaoiseach Enda Kenny: “is í an fhírinne, níl Éire neodrach. Nílimid ach gan ailíniú.”

Is tír dhaonlathach bhunreachtúil í Éire agus tugann sé sin an spás dúinn ár dtuiscint a athrú agus múnlú a dhéanamh ar cad is neodracht na hÉireann ann. Ní hionann neodracht agus a rá nach mbíonn Éireannaigh sa bhearna bhaoil timpeall an domhain, ag cosaint cosmhuintir tíortha eile mar chuid d’fhórsaí na Náisiún Aontaithe. Faraor, cailleadh Seán Rooney sa tseirbhís sin. Mar sin, ní topaic theoiriciúil atá á plé againn tráthnóna inniu ach fíor-rud.

Seasann an neodracht do rud éigin. Aithníonn muid nach fórsa mór muid agus ní bheadh gaois Sholaimh ó dhuine chun é sin a fheiceáil, ach tá tionchar mór againn timpeall na cruinne. Tá ár gcultúr, ár dteanga, ár gcluichí agus ár ndaoine againn agus b’fhéidir go gcuidíonn an neodracht leis an fháilte mhór Uí Cheallaigh a thugtar dúinn i dtíortha eachtracha. Agus nach maith an rud é sin.

Tá stair fhoréigneach ag na hoileáin seo. Ar feadh na gcéadta bliain, is beag an cogadh nach raibh cathlán Éireannach ann, uaireanta ar an dá thaobh. Ní bheadh sé de cheart a rá nach bhfuil an troid ionainn. B’fhéidir gur tús de thréimhse síochánta d'Éirinn go mbeimid ag forbairt agus ag fabhrú na neodrachta, ní hamháin trí ghníomh ach trí eiseamláir.

Deirtear nach féidir ceann críonna a chur ar ghuaillí óga. Bhuel domsa, mothaím gur dearfach an rud é go raibh ceann de na náisiúin is óige in ann an seasamh is ciallmhaire a ghlacadh, agus a muintir a choinneáil sábháilte ag an am céanna.

Ní rud rómánsúil í cogaíocht agus troid agus is fiú cuimhneamh air sin fosta. Mura ndéanann neodracht na hÉireann aon ní eile, is cinnte go sábhálann sé beatha daoine. Bíodh sé fíor nó cur i gcéill ach ní féidir é sin a shéanadh.

Is é sin an oiread atá le rá agam faoi Oileán na Naomh is na nOllúna. Go raibh maith ag an gcoiste as a n-éisteacht liom inniu.

An bhfuil ceisteanna nó ráiteas ag ár gcomhaltaí? Iarraim ar an Teachta Ó Cuív labhairt anois.

Is ábhar thar a beith spéisiúil é seo agus rinneadh cuid dár gcainteoirí tagairt don neodracht sa Dara Cogadh Domhanda. Ní rachaidh mé isteach go mion sa scéal ach dúirt Aoibhínn Ní Cheallaigh rud amháin atá thar a bheith fíor. Tá sé éasca a bheith ag caint ar chogadh, mura bhfaca tú nó mura raibh tú páirteach riamh ann. Is é an rud ba cheart dúinn a bheith cuimhneamh air ná go raibh aontas iomlán ann in Oireachtas Éireann ar gach aon taobh ag na daoine a leag amach polasaí neodrachta na tíre seo sa Dara Cogadh Domhanda, seachas ó dhuine amháin. Bhí siad tar éis a bheith i gcogadh iad féin, í gCogadh na Saoirse, agus thuig siad cogadh ar bhealach, buíochas le Dia, nach dtuigeann muid. Is dócha go bhfuil sé sin tábhachtach.

Is é an rud eile atá spéisiúil ná go gcaithfidh polasaí eachtrach tíre a bheith solúbtha. Nuair a rinneadh buamáil ar Bhéal Feirste, cuireadh na briogáidí dóiteáin ó Bhaile Átha Cliath is ó Chontae Lú suas go Béal Feirste, fiú amháin go raibh siad go teicniúil ag briseadh na neodrachta chun fóirithint ar na daoine ansin.

An bhfuil mise compordach leis an gcaoi a bhfuil an tír seo ag dul faoi láthair? Níl mé mar tá sé ceart go leor a rá go bhfuil polasaí ag an Aontas Eorpach, ach cé hiad an tAontas Eorpach? Bhí coilíneachtaí ag an gcuid is mó de na tíortha cumhachtacha ann. Is iad sin an Fhrainc, an Ghearmáin, an Bheilg, an Ísiltír, an Spáinn is an Phortaingéil. Bhí coilíneachtaí acu siúd ar fud an domhain agus, go dtí an lá atá inniu ann, tá spéiseanna eacnamúla ag na tíortha sin iontu. Caithfimid a bheith thar a bheith cúramach gan dul isteach ag cosaint ionradh a rinne siadsan, mar a rinneadh sa Libia, in Iaráic, agus i dtíortha eile.

Tá cineál spéise agam mar gur luadh an Úcráin agus tá sí sa nuacht ach tá cogaí eile ar bun. Tá an Araib Shádach ag ionsaí na hÉimine agus tá Iosrael ag ionsaí na bPalaistíneach. Beidh mé ag casadh le hionadaithe ón bPalaistín amárach. Ba cheart dúinn seasamh láidir a ghlacadh in aon chás, is cuma cé atá i gceist, má dhéanann tír ionradh ar thír bheag eile. Is é sin an polasaí a bhí ann ó thús. Aontaím lenár gcainteoirí go hiomlán nach féidir linn a bheith neodrach, agus a bheith ar an taobh ceart nó mícheart. Thiocfainn lenár gcainteoirí go hiomlán agus cheap mé gur labhair siad thar cionn ar fad.

Tá bealach níos fearr, áfach, le rud mar sin a réiteach ná cogadh agus feicimid é sin taobh istigh dár dtír féin. Bhí críochdheighilt na tíre seo mícheart is míchneasta agus níor cuireadh ceist ar phobal iomlán na hÉireann riamh faoi, ach táimid ag iarraidh é sin a réiteach go síochánta.

Níl an taobh seo den tír chun ionradh a dhéanamh ar an Tuaisceart. Nílim i bhfabhar go ndéanfaí ionradh ó thaobh istigh den Tuaisceart. Táimid ag iarraidh cúrsaí a phlé trí thaidhleoireacht agus trí shíocháin. B'fhéidir ná mhiste an rud céanna a thriail i dtíortha eile. Dá mbeadh mise i mo chónaí sa Úcráin, chuirfinn ceist mhór orm féin, arbh fhiú 10 milliún duine a dhíbriú amach as an tí. An fiú an scrios nó an raibh bealach eile ann? An t-aon chomhairle amháin a chuirfinnse ná gur chóir staidéar a dhéanamh ar Ghandi. Ruaig sé na Sasanaigh as an Ind agus ní raibh aon airm ag Gandhi. So tá bealaí eile ann. Ceapaim féin go mór go bhfuil na comhlachtaí móra a dhéanann lón chogaidh, airm agus trealamh míleata ag stiúradh go leor sa domhan seo. Is chóir dúinn a chuimhniú, agus náire orainn féin mar Eorpaigh, gurb é an Eoraip an dara cheantar tar éis Meiriceá is mó a dhíolann airm ar fud an domhain le daoine atá ag dul ag troid. Ní féidir linn a rá go bhfuil an Eoraip glan ach an oiread.

Go raibh maith ag na finnéithe as ucht an tuairisc. Tá an-suim agam ann. Tá ceist an-deacair curtha ansin ag Oisín. An bhfuilimid neodrach i ndáiríre, nó díreach nuair a oireann sé dúinn? Tá an-chuid tuairimí éagsúla sa mhéid a dúirt na finnéithe agus tá a lán pointí an-réasúnta leagtha amach acu. Is dóigh liom go raibh tagairt ag Aoibhínn agus ag Rónán mar gheall ar cur leis an arm agus na fórsaí cosanta chun muid féin agus an seasamh neodrach sin a chosaint. Aontaím go mór leo nach bhfuil aon rómánsaíocht ag baint leis an gcogaíocht. Tá an tuairim sin agam ó aon rud atá cloiste agam mar gheall ar chogaí mar, buíochas le Dia, níl aon taithí agam ar chogaíocht ná ag an-chuid dúinn. Tá a fhios againn fós go bhfuil an chogaíocht athraithe. Is dóigh liom gur luaigh Eoghan an pointe seo chomh maith. Níl hé go mbíonn dhá arm mhóra ag seasamh ós comhair a chéile mar a bhí cúpla céad bliain ó shin nó fiú le déanaí. Déantar ionsaithe i slite éagsúla anois. Bíonn baoil ann ó thaobh cibirionsaithe agus an baoil ansin leis an mbád amach ó chósta Chorcaí go mbeadh an cábla fiberoptic á ionsaí ansin. Tá cogaíocht agus ionsaithe athruithe. Conas ar chór dúinn a leithéid sin a láimhseáil agus cén éifeacht a bheadh ag ár neodracht ar chúrsaí mar sin? Luaigh Eoghan arís ár stádas idirnáisiúnta, an tslí go rabhamar ábalta dul amach chuig Lebanon, an ceangail leis an UN Security Council agus an seasamh atá ag an tír go hidirnáisiúnta. Cén éifeacht a bhraitheann na finnéithe a bheadh ag ár neodracht ar ár stádas go hidirnáisiúnta?

Mo bhuíochas arís leis na finnéithe. Tá neart oibre agus neart machnaimh le sonrú sna cur i láthair a thug siad. Cuireadh an t-eolas os ár gcomhair go proifisiúnta. Dúirt Aoibhínn, agus luaigh an Teachta Moynihan freisin é, nach bhfuil aon rud rómánsúil ag baint le cogaíocht agus troid. Aontaím léi agus ní topaic theoiriciúil é ach an oiread; tá sé thar a bheith tráthúil. Tá an trí ábhar, sé sin cúrsaí sláinte, cúrsaí athrú aeráide agus cúrsaí neodrachta, thar a bheith tráthúil. Tá siad fite fúite le chéile i ndáiríre mar go mbaineann siad le polasaithe agus roghanna a dhéanaimid. Mar bhean agus mar Theachta neamhspleách, ceapaim gurb é an neodracht ceann de na polasaithe is láidre atá againn. Ba chóir go mbeadh sé mar cheann de na polasaithe is láidre atá againn. Creidim go huile is go hiomlán gur rud dearfach é. Ní mór dúinn mar thír bheag, shaibhir, agus leis an stair agus an taithí atá againn, ár nguth a úsáid ar fud an domhain ar son na síochána.

Cuireann sé déistin orm an chaoi atá an Rialtas seo agus rialtais eile ag baint feidhm as solúbthacht an chórais neodrachta nuair a fheileann sé dóibh. Tá mé thar a bheith buartha faoi. Táimid ró-bheag mar thír le harm mór a bheith againn agus níl gá leis. Ba chóir go mbeimid i bhfad níos meabhraí agus níos cliste faoi chonas a úsáidimid ár dtallann. Mar a luaigh Rónán, is é sin an fáth go rabhamar in ann suíochán a fháil ar choiste slándála UN. Chreid daoine muid. Tá muinín acu asainn, go bhfuilim neodrach. Is é sin an fáth go bhfuilimid agus go rabhamar in ann taisteal ar fud an domhain agus tacaíocht a thabhairt do a lán tíortha.

Ceapaim go bhfuil cur i gcéill i gceist ó thaobh na hÚcráine de. Tá mé ar an taifead ag rá go raibh an ionradh a rinne an Rúis iomlán mí-cheart. Níl bunús leis. Mar a luaigh an Teachta Ó Cuív, táimid ag díriú isteach ar chogadh amháin agus neamhaird á dhéanamh againn ar chogaí eile cosúil leo siúd i Saudi Arabia, Yemen, agus cúrsaí sa Phalaistín. Tá dualgas orainn mar thír agus mar thír neodrach, seasamh siar, agus machnamh agus smaoineamh a dhéanamh ar an mbealach is fearr dul ar aghaidh. Is cóir dúinn tacaíocht daonna a thabhairt, gan dabht, do mhuintir na hÚcráine, ach do na tíortha eile freisin.

An rud is mó a chuireann isteach orm taobh amuigh den chogadh ná an deighilt atá á chruthú againn ó thaobh na dteifeach de. Tá na teifigh atá ag teacht ón Úcráin ag fáil gach tacaíocht agus is maith an rud é sin. Ach ní hé sin a chaoi atáimid ag déileáil leis na teifigh ó thíortha eile. Ba chóir go mbeadh ciall cheannaithe againn agus tuiscint againn nach féidir leanúint ar aghaidh mar sin, agus muid ag déanamh idirdhealú idir daoine atá ag teitheadh ó chogaí ar fud an domhain.

Go raibh míle maith ag na finnéithe as a gcuid oibre. Chuir siad lón machnaimh ar fáil dúinn go léir. Níl na freagraí agam. Ó mo thaithí féin agus an méid atá léite agam amháin, tuigim nach socraíonn cogadh aon rud. Ní shocraíonn sé aon rud. Má tá aon rud foghlamtha againn sa tír bheag seo, tuigimid go dtagann an t-am gur gá suí síos agus teacht ar réiteach. Tuigim na ceisteanna atá ardaithe ag na finnéithe toisc agus tál siad ardaithe againn anseo freisin.

Go raibh maith agat a Theachta Connolly. B'fhéidir go bhfuil cúpla rud le rá ag Aoibhínn.

Ms Aoibhínn Ní Cheallaigh

Ceapaim go bhfuil sé chomh tábhacht an stádas neodrach atá againn a choimeád ionas go gcoinneálfaimid na daoine agus an tír sábháilte i gcoinne ionsaithe nó conspóid le tíortha eile; mar shampla, na sár cumhachtaí sa Rúis. Is tír chomh beag sin muid. Ceapaim go bhfuil go leor bealaí eile ann fadhbanna a réiteach go síochánta, seachas cogaí nó ionradh a dhéanamh ar thíortha.

Mr. Rónán Ó hIcí

Ó thaobh cúrsaí cogaidh sa Sráice Gaza agus a leithéid, caithfimid a bheith cúramach freisin. Mar atá luaite agam, is tír a thacaíonn le tíortha an domhain muid agus tá roinnt suimeanna againn i roinnt tíortha atá ag tacú go mór leis an Araib Shádach agus a leithéid, mar sin is gá dúinn smaoineamh air sin. Deirtear nach bhfuil an chogaíocht rómánsúil, agus tuigim sin, agus go bhfuilimid ró-bheag chun arm mór a bheith againn. Mar thír neodrach ó thaobh cúrsaí míleata de áfach, caithfimid fós a bheith in ann muid féin a chosaint. Faoi láthair, níl sé d’acmhainn againn é sin a dhéanamh.

Ó thaobh córas na dteifeach de, níl an córas ina iomláine go maith ó thaobh na moráltachta de. Táimid ag glacadh na daoine seo isteach sa tír agus ní féidir linn aire a thabhairt dóibh. Níl sé sin maith go leor.

Caithfimid “stop” a rá ag pointe áirithe agus aire cheart a thabhairt ar mhéid áirithe daoine agus gan a bheith ag rá “tar isteach, tar isteach” agus ag fiafraí ansin céard a dhéanfaimid leis na daoine sin.

Mr. Eoghan Ó Cianáin

Aontaím leis an méid atá ráite ag Aoibhínn agus Rónán. Cén fáth mar oileán iomlán nach féidir linn comhaontú ar rudaí chomh tábhachtach is atá na rudaí seo? Le cur leis sin, cén fáth, má tá neodracht ann, nach bhfuil muid ag tabhairt an méid sin cuidithe do na tíortha eile seachas an Úcráin? Tá a fhios agam go bhfuil an méid sin cuidithe ag teacht do na teifigh atá teacht isteach ón Úcráin ach cén fáth nach bhfuil na tíortha eile ag teacht anseo chun éalú ón mbrú sna tíortha eile sin a bhfuil na cogaí ag dul ar aghaidh iontu?

Mr. Oisín Mac Craith

Aontaím. Tá go leor ionsuithe ag tarlú ar fud an domhain, ní hamháin san Úcráin. Is ceart dúinn tacaíocht agus cabhair a thabhairt dóibh go polaitiúil ach níor cheart dúinn aon chabhair a thabhairt dóibh go míleata. Freisin, nílimid ag tabhairt an méid céanna tacaíochta do na teifigh atá ag teacht isteach ó na tíortha eile timpeall an domhain lasmuigh den Úcráin. Ba cheart dúinn níos mó tacaíochta a thabhairt dóibh. Chun an fhírinne a rá, is tír róbheag muid chun a bheith ag cur rómhéid infheistíochta isteach inár n-Arm. Tá muid go breá faoi láthair leis an Arm atá againn chun a bheith neodrach go míleata.

Go raibh míle maith agaibh. Caithfimid bogadh ar aghaidh anois. Tá ábhar spéise agus cainte cúpla lá nó b'fhéidir cúpla bliain againn ó thaobh na neodrachta de. Bhí cúpla reifreann againn tamall maith de bhlianta ó shin ag déileáil leis an gceist seo agus b'fhéidir go mbeidh gá arís a chinntiú go mbeidh an neodracht níos fréamhaithe i bpolaitíocht nó i mBunreacht na tíre seo.

Casaimid anois ar an gcéad ábhar eile, an t-ábhar deiridh atá againn, is é sin: “Athrú aeráide - an bhfuilimid ró-leithleach chun é a chur i gcrích?”. Tosóimid anois le hAndrea Ní Fhearaíl agus le Síofradh Bhreathnach-Peelo ó Ghaelcholáiste na Mara.

Ms Andrea Ní Fhearaíl

Ba mhaith liom labhairt libh inniu mar gheall ar athrú aeráide agus plé a dhéanamh ar an gceist: an bhfuilimid ró-leithleach chun é a chur i gcrích? Is éard atá i gceist nuair atáimid ag labhairt maidir le hathrú aeráide ná an raon leathan díghrádaithe comhshaoil a mheastar a bheidh mar thoradh ar leibhéil mhéadaithe CO2 san atmaisféir: le téamh domhanda, athruithe ar fhrasaíocht, athruithe ar leibhéal na farraige, agus teagmhais aimsire níos foircní ina measc.

Ar dtús báire labhróidh mé libh maidir lenár dtréithe leithleacha maidir le hathrú aeráide. Tá a fhios ag gach mac máthar cad atá ag tarlú mórthimpeall an domhain de bharr athrú aeráide agus na hiarmhairtí tragóideacha a bheidh ann sa todhchaí mura gcuirimid stop leis. Tá a fhios againn go bhfuil sé go hainnis ach, fós, nílimid ag iarraidh ár stíleanna maireachtála a athrú. Cén fáth? Is léir go bhfuil tionchar suntasach ag athrú aeráide orainn anseo in Éirinn cheana féin, le tuilte méadaithe, imeachtaí aimsire níos foircní, agus athruithe dáilte speiceas plandaí agus ainmhithe. Is oth liom a rá go rachaidh na héifeachtaí seo in olcas sa todhchaí de réir mar a mhéadaíonn an t-athrú aeráide. Ní mór d’Éirinn beart práinneach a ghlacadh chun a hastuithe a laghdú chun cuidiú leis na héifeachtaí is measa a bhaineann le hathrú aeráide a chosc. Tá meon glactha againn anseo in Éirinn nach bhfuil mórán tionchar ar an athrú aeráide orainn anseo toisc nach bhfuil sé chomh dona is atá sé in áiteanna eile ar fud na cruinne. Is eolas ginearálta é, ach go dtí go bhfeictear éifeachtaí an athraithe aeráide ar do shorn féin, ní dócha go mbeidh tú ag iarraidh rud ar bith a dhéanamh. Nach cinnte gurb é sin an cás anseo in Éirinn? Is mór an trua nach dtógaimid dáiríre é anseo.

Táimid ró-leithleach chun cabhrú le daoine a bhfuil na hiarmhairtí athrú aeráide ag cur isteach ar a saol laethúil. Tá a fhios againn go bhfuil siad ag streachailt ach nílimid ag iarraidh athruithe a chur i bhfeidhm toisc go bhfuilimid ró-shantach. Caithfimid tosú ag smaoineamh ar an saol amach anseo agus an tionchar a dhéanfaidh ár damáiste, ní orainne amháin, ach ar ár bpáistí, ár ngarpháistí agus ar na glúnta eile atá le teacht. Ba cheart dúinn athruithe beaga a dhéanamh inár saol féin chomh maith leis na hathruithe móra ba cheart a bheith i bhfeidhm sa tír. Caithfidh muid níos mó bealaí agus bealaí níos saoire a aimsiú a oireann le gach uile dhuine na hathruithe seo a chomhlíonadh mar bailíonn brobh beart. Creidim go láidir má thagaimid ar bhealaí chun na mionfhadhbanna agus na mórfhadhbanna a réiteach go héasca agus ar bhealach inacmhainne, go mbeidh daoine lán-sásta páirt a ghlacadh ár bpláinéad a shábháil. Ní próiseas thar oíche atá i gceist agam anseo, a chairde, mar is eol dúinn go léir mar is ar scáth a chéile a mhairimid agus is de réir a chéile a thógtar na caisleáin.

Ms Síofradh Bhreathnach-Peelo

Chun a bheith macánta libh, is fadhb ollmhór é an t-athrú aeráide anseo in Éirinn. Mar is eol díobh, is tír bheag muid ach fós táimid ar cheann de na tíortha a bhfuil na hastaíochtaí gáis is airde in aghaidh an duine ar fud an domhain aici agus is é sin an t-eolas ón Global Carbon Council, GCC. Bíonn na tíortha i mbéal forbartha faoin éifeacht is measa ó na gníomhaíochtaí Éireannacha. De bharr na héifeachta seo, is daoine leithleacha muid a bheith bainteach leis an athrú aeráide. Conas a tharla sé go bhfuil tionchar ollmhór an domhain ag an tír bheag seo ina bhfuilimid? Bíonn tionchar ollmhór ag an téamh domhanda ar ardú leibhéal na mara, bíonn méadú ar líon na stoirmeacha, agus bíonn méadú ar thubaistí aimsire, gan ach cúpla ceann a lua. Tá slite ann gur féidir linn na hastaíochtaí seo a laghdú.

Is féidir dó na breoslaí iontaise a stopadh agus a laghdú, agus na hacmhainní in-athnuaite a fháil mar atá: fuinneamh gaoithe, fuinneamh hiodrálach, agus fuinneamh na gréine chomh maith. Má tá an leibhéal fuinnimh seo sroichte againn is féidir linn fadhb an athraithe aeráide a réiteach in Éirinn.

A chairde, is rud tábhachtach é go ndéanfaidh na daoine atá i láthair anseo, polaiteoirí na tíre seo, an réiteach seo, is é sin cibé rud a bheidh le déanamh acu. Tá an Rialtas Éireannach ag íoc faoi láthair as iompórtáil na breoslaí iontaise. Tá €1 milliún caite gach uair ar bhreoslaí ar nós ola agus gás san iompórtáil seo. Ba í Éire an dara tír deireanach as 28 tír san Eoraip ó thaobh spriocanna an fhuinnimh in-athnuaite a shroicheadh. Síníodh conarthaí éagsúla atá bainteach leis an athrú aeráide, ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil aon rud ag tarlú.

Tá cáin íoctha ag pobal na hÉireann atá ag dul isteach chuig an Rialtais. An é sin an fáth nach bhfuil an Rialtas ag iarraidh an ola, mar shampla, a stopadh, de bharr nach mbeadh an méid sin airgead ag teacht ina treo? Tá a fhios agam cad atá ar bhur n-intinn ó thaobh rudaí a chur i bhfeidhm; sé sin, nach déanfaidh an pobal na rudaí a chuirfear amach os a chomhair. Nuair a rinne an Rialtas an cosc ar thobac a chur ar aghaidh in 2004, chloígh an pobal leis an gcosc agus d’oibrigh sé. Tharla sé seo de bharr gur lean an pobal na gníomhaíochtaí a chur an Rialtas i bhfeidhm. Bhí a fhios ag an Rialtas ag an am go raibh an tobac contúirteach do shaol an gnáthdhuine ach tá an t-athrú aeráide níos contúirtí fós. Leanfaidh na daoine an Rialtas maidir leis na fadhbanna atá ann. Beidh an éifeacht athrú aeráide ag cruthú an domhain agus na timpeallachta le haghaidh mo ghlún agus glúine ár bpaistí. Cabhraigh linn anois, ionas go mbeadh an domhan réidh don todhchaí. Gabhaim buíochas leis an gcoiste.

Casaimid anois ar Niamh Ní Mhuirí ó Scoil Iósaef, Domhnach Mór.

Ms Niamh Ní Mhuirí

A dhaoine uaisle, is mór an onóir dom a bheith anseo chun labhairt leis an gcoiste agus tá mé an-bhuíoch as an deis seo teacht chuig Dáil Éireann inniu. Leis an ábhar seo a phlé mar is ceart, caithfidh tuiscint a bheith againn faoi cad is brí le hathrú aeráide. Dar leis an UN, is é atá i gceist le hathrú aeráide ná athruithe fad-téarmacha maidir le teocht agus patrúin aimsire. Thig leis na hathruithe seo a bheith nádúrtha, ach ón 18ú haois, ar an drochuair, tá na hathruithe seo ann mar gheall ar an chine daonna, go háirithe mar gheall go ndónn muid breosla iontaise, cosúil le gual, ola agus gás, rud a chothaíonn gás a cheapann teas san atmaisféar.

Síleann muid nach rachaidh athrú aeráide i bhfeidhm orainn agus go mbeidh an deireadh i bhfad ar shiúl uainn ach níl sé seo fíor. Ach mar gheall air seo, áfach, measann muid nach gcaithfidh muid rud ar bith a dhéanamh faoi, ach caithfidh muid gníomhú ina leith seo. Faoin bhliain 2050, caithfidh gach tír ar domhan neodracht carbóin a bheith acu nó beidh dochar do-athraithe déanta don timpeallacht. Mar sin de, tá 27 bliain fágtha againn le rud éigin a dhéanamh faoi seo.

Tá muid i bhfad ró-fhéinchúiseach sa lá atá inniu ann, go háirithe le méadú na meáin shóisialta le blianta beaga anuas. Tá níos mó suime ag daoine in TikTok agus Instagram in áit an domhan a chaomhnú. Ní hé seo le rá nach bhfuil muid ábalta sult a bhaint as na rudaí seo mar go gcaithfidh mé admháil go gcaithim féin cúpla uair sa lá ar mo ghuthán, ach ba chóir dúinn aire a thabhairt don timpeallacht fosta.

Tá a fhios againn go léir go mbíonn aimsir na tíre seo fuar, fliuch agus gaofar. B’fhéidir go bhfuil cuid againn ann a shíleann nach mbeadh sé go holc méadú cúpla céim ceinteagrád a bheith againn, ach i mo bharúil, tá sé seo go hiomlán leithleach. Tá áiteanna atá buailte leis an triomach agus falscaí mar gheall air seo.

Tá an t-ádh dearg orainn nach bhfuil sé seo ag tarlú sa tír seo, ach is dócha go mbeidh sé má leanann muid ar aghaidh mar seo. Caithfimid smaoineamh ar na glúnta atá le teacht inár ndiaidh. Ar mhaith leat go mbeidh bás i ndán dóibh nó i ndán do gach duine ar domhan? Tá athrú meoin iomlán de dhíth orainn mar náisiúin. Táimid báite i bplaisteach, ní hamháin sna buidéil aonúsáide ach freisin san éadach a chaithimid. Cé go bhfuil farraigí fiáine thart timpeall orainn, níl go leor muilte gaoithe againn. Níl an leas ceart bainte as an ghrian ach an oiread. Is féidir linn smaoineamh fiú ar an méid carbóin a d’úsáid muid inniu le teacht go Baile Átha Cliath. Cén fáth nach bhfuil busanna ann a úsáideann cadhnraí nó hidrigin? Bíonn tionchar mór ag na mionrudaí ar ár saol agus tagann athraithe uainn agus uaibhse, a ionadaithe tofa. Is éifeachtaí mealladh agus bagairt ar ndóigh agus tiocfaidh an dá rud ón institiúid seo ach níl mórán ama fágtha. Ar shuíomh Idirlín Imperial College London, tugtar liosta de na rudaí is fearr le déanamh in aghaidh athrú aeráide. Ag barr an liosta, deirtear linn ár dtuairimí a chur chun tosaigh chuig ár bhfeisirí parlaiminte agus is é sin an rud atá mé ag déanamh. Tá mé ag impí oraibh. Mar a deir an seanfhocal, "Ní neart go cur le chéile" agus mar sin, caithfidh muid uilig obair a dhéanamh le dul i ngleic le téamh domhanda.

Glaoim anois ar Isabella Ní Rodáin, as Coláiste Oiriall.

Ms Isabella Ní Rodáin

A Chathaoirligh, a choiste, a mhúinteoirí agus a chomhscoláirí, tá freagra agam ar an gceist, "An bhfuil muid ró-leithleach é a chur i gcrích?", agus is é sin ná go mbraitheann sé ar roinnt constaicí. Ar dtús báire, cé hé "muid"? Más ag caint ar an mhórphobal atá muid, bheadh orm mo fhreagra a athrú chuig, "Is cosúil go bhfuil." Más ag trácht ar dhaoine óga atá muid, bheadh orm a mhalairt a rá, cinnte dearfach: "Níl muidne."

Deirtear gurbh fhearr an t-eolas ná an t-aineolas. Nach cinnte gurb é an t-aineolas sin a chéad chath atá le sárú againne? Bíonn mo mháthair is mó seanmháthair de shíor ag maíomh go bhfeiceann siad ar an Facebook agus ar an Twitter nach fíor an rud é athrú aeráide. Iarraim orthu a gcuid súile a oscailt agus na fuinneoga a oscailt. Nuair a thosaigh mé ag scríobh na hóráide seo, mí Eanáir a bhí ann agus bhí 14°C le feiceáil ar an teirmiméadar. Bhí sioc againn an tseachtain roimhe sin. Mura gcreideann muid fianaise ár gcuid súile agus ár gcuid saineolaithe, ní bheidh tús maith leath na hoibre ann ach tús olc agus dhá oiread oibre le déanamh againn chun an scéal seo a chur ina ceart.

Tá iarmhairtí dáiríre i ndán dúinn mar dhomhain mura féidir linn dul i ngleic leis an fhadhb seo. Imeoidh bailte, cathracha, tíortha agus pobail iomlána faoi uisce nuair a ardaíonn leibhéal na farraige. Deirim “nuair a” mar is dócha go bhfuil muid rómhall chun an taoide a chasadh. Faoi láthair, tá fairsingiú fásaigh ag titim amach i roinnt tíortha i dtuaisceart na hAfraice agus fiú sa Spáinn. Beidh ganntanas bia agus uisce ina bhfadhbanna ollmhóra agus gan amhras feicfear an bhearna idir saibhir agus daibhir an domhain ag leathnú sa chás seo. Luíonn an fhreagracht, ag deireadh na dála, le rialtais an domhain, go háirithe na mórchumhachtaí a stiúrann cúrsaí eacnamaíochta agus timpeallachta ar fud na cruinne. Caithfidh siad dea-shampla a léiriú agus tabhairt ar mhuintir s’acu a meon agus a nósanna a athrú tríd sraith dlíthe agus go leor infheistíochta a chuideodh go mór leis an ghnáthdhuine an cás bocht seo a athrú. Cinnte dearfach, beidh an infheistíocht i dteicneolaíocht ghlas, i gcóras iompar poiblí ceart, i bhfeirmeoireacht fhreagrach agus in ísliú ar úsáid bhreoslaí iontaise, feabhsú infreastruchtúr a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus go leor eile nach iad.

Leagaim an dúshlán roimh bhall an chomhchoiste seo atá agus a bheidh mar chuid den Rialtas: déan níos mó. Ní gá dúinn pionóis a chur ar dhaoine. Caithfidh muid iad a spreagadh. Is féidir linn - mar a dúirt cuairteoir chugainn roinnt bliain ó shin - a bheith inár gceannródaithe ar an ábhar seo a bhaineann leis an oileán glas Gaelach s'againne. Go simplí, ní féidir linn a bheith leithleach faoi mar a bhaineann sé leis an ábhar seo. Níl an t-am againn. Nuair a thiteann an lug ar an lag, an mbeidh sé rómhall dúinn? An mbeidh go leor den domhain fágtha le sábháil? Caithfear ceist ionraic a chur: mura n-athraíonn muid ár nósanna, cad é atá romhainn? Dar leis na saineolaithe agus an taighde is déanaí, ní mórán. Déanfar ollscrios ar fhoinsí bia agus uisce do dhaonra an domhain atá ag fás. Marófar na milliúin dá bharr. Cé hiad? Na daoine is boichte ar dtús. Cé go mbaineann an cheist seo leis an timpeallacht go príomha, cosúil le gach rud eile, tá gné eacnamaíochta ag baint léi fosta agus nach cinnte go mbeidh na daoine is boichte agus is leochailí a bheas thíos leis go luath. Ina ndiaidh, achan duine seachas an 1%. Ní haon Richard Branson mise agus is beag seans go mbeadh an deis agamsa dul go spás nó maireachtáil ar phláinéid eile má bhristear ár ndomhan. Níl an dara rogha againn faoi seo. Caithfidh muid gníomhú don ghlúin seo agus na glúnta inár ndiaidh.

Cad gur féidir linn a dhéanamh go praiticiúil? Is féidir linn córas iompair phoiblí níos éifeachtaí a sholáthar, athchúrsáil a dhéanamh níos minice, úsáid níos mó a bhaint as muileann gaoithe ar an chósta agus san fharraige, fuinneamh na gréine agus na farraige a úsáid go héifeachtach agus gan a bheith ag brath ar ola agus gual agus araile mar bhreosla a thuilleadh. Tá na sproicanna sin uilig indéanta leis an infheistíocht cheart agus an meon ceart. Caithfidh muid amharc air seo go fadtéarmach. Tá baol ann nach ndéanfar é seo mar go bhfuil seans ann nach saothróidh polaiteoirí mórán vótaí as. Is mór an trua é agus, go réadúil, thiocfadh leis na modhanna seo a bheith pianmhar sa ghearrthéarma agus torthaí móra maithe le feiceáil san fhadtéarma.

Baineann an fhadhb seo linne ar fad. Más féidir linn teacht le chéile mar phobal, polaiteoirí, scoláirí, múinteoirí agus achan uile duine eile, is féidir linn athrú aeráide a stopadh, an scéal a dhéanamh níos fearr agus an taoide a chasadh. Níl an rás rite agus ár gcosa nite - chan go fóill. Ach, caithfidh muid teacht le chéile air seo go práinneach. Impím oraibh - cuirigí an obair i gcrích go héifeachtach agus déanaigí saol na ndaoine níos fearr chan níos measa. Tabhair todhchaí dúinn, muintir óga na tíre seo. Fág oidhreacht chróga in bhur ndiaidh agus ní dhéanfar dearmad. Mol an óige agus tiocfaidh sí. Beart de réir briathar atá uainn anois.

Mr. Mark Horan

A Chathaoirligh agus a dhaoine uaisle go léir, táim anseo ó Ghaelcholáiste Luimnigh. Beidh mé ag plé athrú aeráide agus an bhfuilimid ró-leithleach chun é a chur i gcrích. Tá mé lán le muinín go bhfuil athrú aeráid cloiste ag gach duine sa seomra seo cheana. Níl lá dá dtéann tharainn anois nach mbíonn tagairt éigin déanta don athrú aeráide sa nuacht. Is fadhb dháiríre í agus ní hamháin go mbeidh tionchar orainne ach ar an nglúin atá le teacht. Níos measa ná sin, tá meon leithleach ag muintir na tíre agus ag muintir an domhain ó thaobh na faidhbe seo. Tá am fós againn chun dul i ngleic leis seo ach tá an fhuinneog dhóchas seo ag dúnadh agus mé ag labhairt.

Is ábhar leathan é athrú aeráide; mar sin, ní bheidh mé in ann gach rud a plé in aon óráid amháin. Tá mé anseo chun an fhreagracht atá orainn mar shaoránaigh an domhain, agus a bhfuil le déanamh againn chun troid in aghaidh athrú aeráide, a chur os bhur gcomhair sula mbeidh sé ródhéanach. Ar an gcéad dul síos, pléifidh mé an tionchar diúltach atá ag athrú aeráide orainn. Seans nach smaoineofá nó nach bhfeicfeá é, ach tá athrú aeráide ag dul i bhfeidhm orainn an t-am ar fad agus ag cur isteach ar ár saolta go laethúil. Mar shampla, bíonn na caidhpeanna polacha ag leá de bharr ardú i dteocht an atmaisféir ach b'fhéidir go bhfuiltear ag ceistiú conas a théann sé seo i bhfeidhm orm. Mar thoradh do ná caidhpeanna polacha ag leá, tagann ardú ar leibhéal na farraige agus, mar sin, bíonn ardú ar an méid tuilte a chuireann isteach orainn. Cuirfidh sé isteach orainn nuair atá an teach breá saoire atá againn i gCill Chaoi ag bun na farraige agus tú ag bualadh leis an bhfarraige 1 mhíle taobh amuigh de Bhaile na hInse. Ar an taobh eile, i dtíortha te, bíonn méadú ar thriomach. Gan uisce, ní bheidh plandaí in ann fás, ní bheidh ainmhithe in ann maireachtáil agus ní bheidh aon bhia againn, rud a chuirfeadh isteach go mór orainn. Mar a fheictear, is fadhb dháiríre í athrú aeráide.

Ar nóta níos éadroime, tá dóchas fós againn ach tá an t-am ag imeacht. Caithfimid rudaí a dhéanamh anois. Táimid leithleach mar dhaoine. Smaoinímid orainn féin, ar ár dteaghlaigh agus ar ár gceantar féin, ach ní mór dúinn smaoineamh go mbíonn tionchar ag ár ngníomhaíochtaí ar dhaonra uile an domhain - dóibh siúd atá beo anois agus daonra na todhchaí. Cad gur féidir linn a dhéanamh? Is é scaoileadh CO2 an chúis is mó le hathrú aeráide ach go háirithe ag dó breoslaí iontaise. Táimid ag dó an iomarca breoslaí iontaise ach dá ndéanfadh gach duine athrú beag, mar shampla, ag smaoineamh ar siúl, rothaíocht nó iompar poiblí a ghlacadh seachas tiomáint nó athúsáid agus athchúrsáil a dhéanamh, bheadh tionchar mór aige ar an troid in aghaidh athrú aeráide.

Ar deireadh, mar a dúirt mé níos luaithe, is fadhb dháiríre é athrú aeráide agus is gá aghaidh a thabhairt air láithreach. Tá am againn fós ach caithfimid ár meon i leith an ábhair seo a athrú. Caithfimid éirí as a bheith leithleach agus smaoineamh ar dhaoine eile, ar ár bpláinéad álainn, agus ar na glúnta atá le teacht. Anois an t-am le haghaidh athruithe a chur sa tsiúil.

Tá deis anois ann ceist nó ráiteas gairid a dhéanamh. Táimid thar am ach tá síneadh ama faighte agam. Is féidir linn glacadh le cúpla ceist má tá aon rud le rá ag éinne.

Go raibh maith ag an finnéithe. Díreoidh mé isteach ar cheist amháin. Tá sé soiléir go bhfuil dea-thoil ann le dul i ngleic le cúrsaí ach ag an am céanna tá tuairimí éagsúla ag dreamanna difriúla mar gheall ar cé chomh tapa nó mall a tharlóidh rudaí agus conas a dhéanfar rudaí a láimhseáil. Braitheann feirmeoirí, mar shampla, go bhfuil an-chuid béime á leagan orthu siúd agus go bhfuil an milleán á gcur orthu i gcomhair an-chuid rudaí. Ag an am céanna, tá córas séarachais ó shráidbhailte ag truailliú na haibhneacha céanna agus b’fhéidir go bhfuil níos mó den locht orthu siúd. Maidir le feirmeoireacht, tá gá le bia, feoil, bainne agus go leor eile. Tá tuairimí éagsúla ag daoine ach an féidir iad seo a thabhairt le chéile nó an bhfuil sé ró-phráinneach ag an staid seo? An chóir bogadh ar aghaidh le rudaí faoi leith gan aontas a fháil ó gach éinne, toisc gur éigeandáil atá ann?

Go raibh míle maith ag na finnéithe. Rinne siad jab iontach leis na cur i láthair don tráthnóna ar fad. Molaim iad go hard.

Ní dóigh liom go bhféadfadh éinne cur ina choinne go mba cheart dúinn déileáil leis an gceist seo go práinneach. Ar aon bhealach, go heacnamaíochta, tá sé beagáinín craiceáilte a bheith ag iompórtáil ola agus gáis nuair atá fuinneamh amuigh ón gcósta atá in aisce agus ar fáil againn. An rud atá tábhachtach ná an gníomh a dhéanamh. Is ansin go minic an áit a bhíonn na fadhbanna polasaí. Bíonn gach duine i bhfabhar, mar shampla, cumhachta in-athnuaite, ach mar is eol do na Teachtaí féin, má thosaítear ag cur suas muilte gaoithe, deirtear gur dheas an rud na muilte gaoithe ach go bhfuil siad san áit mícheart. Caithfimid an pobal a thabhairt linn ach caithfimid é a dhéanamh go sciobtha. Mar an gcéanna amuigh san fharraige, caithfimid cinnte a dhéanamh de go n-éistimid leis na hiascairí. Mura n-éisteann, tógfaidh siad cásanna cuairte, agus an cheart acu. Caithfimid bogadh ar aghaidh ach caithfimid daoine a thabhairt linn.

Táimid ag breathnú ar rud amháin i nGaillimh. Tá an calafort, an ollscoil, ceann de na comhlachtaí leictreacha agus Bus Éireann páirteach ann. Beidh a fhios agaibh féin go gcaithfear na muilte gaoithe a stopadh scaití mar bíonn an iomarca cumhachta ar an gcóras i lár na hoíche. Tá i gceist acu hidrigin a dhéanamh agus é a chur isteach san busanna. Má thógtar an monarcha chun é seo a dhéanamh, is é an chéad ceann in Éirinn a bhéas ann lena a leithéid a dhéanamh. Beidh sé ag déanamh hidrigin agus ansin nuair a dhóitear H2, mar is eol daoibh, faightear H2O. Níl mórán fadhbanna le H2; níl ann ach uisce. Is smaoineamh an-mhaith é sin. Tá mise go mór taobh thiar den smaoineamh sin agus ceapaim go mba cheart dúinn bogadh ar aghaidh leis. Is dóigh liom go bhfuil gá le mórphlean ach tá an cheart ag na cainteoirí. Tá gá ag gach aon duine le plean beag dóibh féin. Céard a dhéanfaidh siadsan? An bhfuil siadsan chun gníomh beag a dhéanamh ar son na haeráide? Dá ndéanfadh chuile duine beagáinín, bheadh mórán déanta.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe arís. Cuirim sé iontas orm an méid muiníne atá acu agus an méid oibre atá curtha isteach acu san ábhar seo agus an dá ábhar eile.

Ag smaoineamh siar ar an trí toghchán deireanach, níor éirigh liom suíochán a fháil in 2011 agus d’éirigh liom in 2016 agus 2020. An fáth a luaim sin ná is na hábhair ceanann céanna a bhí á bplé ag na doirse i gcónaí. Seirbhísí poiblí an rud a bhí á lorg ag daoine; é sin agus macántacht faoi athrú aeráide. D’éirigh leis an Freasúra in 2019 rud éigin a dhéanamh le bhúr dtacaíocht. Bhí na gasúir ar na sráideanna ag impí orthu rud éigin a dhéanamh. De bharr an bhrú uilig, d’fhógair an Rialtas ag an am sin, in 2019, géarchéim athrú aeráide. Go hoifigiúil, tá géarchéim fógartha againn ó thaobh athrú aeráide agus ó thaobh bithéagsúlachta de. An bhfuil dul chun déanta ó shin? Tá agus níl. Cé gur thír shaibhir í Éire, tá an t-uafás aisíocaíochtaí ag dul amach agus ní féidir glacadh le sin.

Tá ról againn go léir, áfach. Tá ról agamsa mar Theachta agus mar chuid den Fhreasúra. Tá ról ag na finnéithe freisin. Ní mór dóibh a chuimhniú ar cad atá á dhéanamh acusan leis na phones nach bhfuil chomh meabhrach is a cheapann muid agus cárbh as do na rudaí a dhéanann an fón agus na coinníollacha oibre atá ann do na daoine i mbun an saghas oibre seo. Ní mór dóibh cuimhniú ar na batteries do na electric cars chomh maith. Ní mór dúinn machnamh a dhéanamh ar ár saoil féin. Mar pholaiteoir, tá gá dúinn rud éigin a dhéanamh. Cad iad na bearta atá á dhéanamh againn? Go teoiriciúil, tá a lán déanta. Tá plean athrú aeráide curtha i bhfeidhm; táimid ag fanacht ar na céimeanna faoi leith anois atá ag tógáil ar na céimeanna eile.

Is gá cogaí a chuir san áireamh freisin. Má leanaimid ar aghaidh le cogaí leanúnacha, ní bheidh aon fhiúntas ann bheith ag caint faoi athrú aeráide mar beidh aisíocaíochtaí ag méadú an t-am uilig. Chomh maith le sin, tá orainn smaoineamh ar an gcumhacht atá ag na comhlachtaí móra agus ar na doirse atá oscailte dóibh a thugann deis dóibh labhairt leis na rialtais éagsúla. Is féidir linne rud éigin a dhéanamh agus is féidir libhse rud éigin a dhéanamh freisin ar scála beag. Tá plean mór le déanamh ansin agus bearta le déanamh de réir ár mbriathar ó thaobh na géarchéime agus na práinne atá fógartha againn. Níl drogall ar bith orm a rá go bhfuil brú leanúnach ó na finnéithe agus daoine óga eile na tíre ag teastáil chun a chinntiú go ndéanfar na bearta sin.

Táimid ar ais arís. Bhfuil Mark ag iarraidh aon rud a rá?

Mr. Mark Horan

Aontaím le gach rud. Ar ndóigh, caithfimid obair le chéile agus caithfidh gach duine rudaí a dhéanamh agus a gcuid meoin a athrú, ach is gá níos mó brú a chur ar na comhlachtaí mar gheall ar scaoileadh CO2 a laghdú. Má dhéanfaimid athrú, tarlóidh athrú beag, ach beidh athrú níos mó ann má thagann athrú ó na comhlachtaí móra.

Ms Isabella Ní Rodáin

Mar a dúirt mé, caithfimid níos mó infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíocht glas, mar shampla trí muilte gaoithe a chur sna ceantair uirbeacha. Má dhéanfaimid sin, bheimid ag dul i ngleic le plean na géarchéime i mbealach níos mó, mar a dúirt an Teachta Connolly. Níl an plean sin le feiceáil again fós. Caithfimid sin a dhéanamh.

Ms Niamh Ní Mhuirí

Aontaím go bhfuil polasaithe ann le dul i ngleic le hathrú aeráide ach fiú sa seomra seo, tá cupáin plaisteacha in úsáid ag gach duine sa seomra. Sílim gur gá go mbeadh athruithe beaga ag tarlú.

Ms Andrea Ní Fhearaíl

Ar dtús báire, mar a luaigh mé, caithfimid bealaí a fháil chun na mion- agus na mórfhadhbanna a réiteach. Beidh sé go hiontach má dhéanaimid athruithe ach caithfidh an Rialtas athruithe a chur i bhfeidhm, mar a luaigh Isabella. Caithfimid fuinneamh in-athnuaite agus a leithéid a chur i bhfeidhm chun athruithe móra a dhéanamh.

Nílimid in ann ach píosa beag a athrú ach caithimid na mórathruithe a chur i bhfeidhm.

Ms Síofradh Bhreathnach-Peelo

Aontaím le gach rud atá ráite ag gach uile duine anseo. Aontaím le Mark ó thaobh na comhlachtaí a bheith ag scaoileadh an CO2. Caithfidh an Rialtas agus na daoine atá bainteach leis gach rud a dhéanamh ionas go ndéanfar tionchar a imirt ó thaobh an phobail na rudaí sin a dhéanamh.

Bhí an méid a dúirt na finnéithe spreagúil agus ba léir go raibh taighde déanta acu. Ba chóir go mbeadh bród orthu, ar a múinteoirí agus ar a dtuismitheoirí as an gcur chuige a rinne siad. Tá sé le seasamh dóibh. Bhí fuinneamh i gceist agus bhí an t-ullmhúchán ann. Is léir go bhfuil na finnéithe dáiríre faoin méid a chuir siad os ár gcomhair, ach go háirithe an t-ábhar deireanach. Tá sé chomh mór sin go bhfuil sé deacair a thuiscint anois is arís cé chomh mór is atá sé agus cén slí a dhéanann athrú beag tionchar a imirt ar an saol mór. Tá mise beagáinín ró-fhada timpeall an pholaitíocht ach tarlaíonn athruithe beaga agus ansin tagann an t-athrú mór as sin. Ná bíodh lagmhisneach oraibh riamh. Má tá troid le déanamh déan sa bhealach ceart é agus déan an seasamh cuí a ghlacadh. Sin an sórt léacht uaimse.

Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe ar fad arís. Tá bualadh bos tuillte acu. Is mór an trua ach caithfidh mé críoch a chur leis an gcruinniú. Tá mé thar ama mar sin ní Chathaoirleach maith mé. Táim ag cur clabhsúr ar an díospóireacht. Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad, leis na múinteoirí, leis na príomhoidí agus leis na cairde a tháinig isteach chun cuidiú leo. Tá súil agam gur bhain siad sult agus tairbhe as.

Beidh an chéad chruinniú poiblí eile den chomhchoiste ar siúl ar an 22 Márta ar 2.30 p.m. nuair a phléifear riachtanais bailithe agus coireála fuíolluisce atá ag sráidbhailte agus lonnaíochtaí sa Ghaeltachta nach bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí fuíolluisce poiblí le gairid. Beidh an plé sin againn le hionadaithe ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus le hionadaithe ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 4.23 p.m. go dtí 2.30 p.m., Dé Céadaoin, an 22 Márta 2023.
Barr
Roinn