Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

COMMITTEE of PUBLIC ACCOUNTS díospóireacht -
Thursday, 2 Mar 2000

Vol. 2 No. 8

Údarás na Gaeltachta, Annual Financial Statements, 1998.

Ruán Ó Bric (Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta), Antóin Ó hIoruaidh (Leas-Phríomhfheidhmeannach, Seirbhísí, Údarás na Gaeltachta), Gearóid Breathnach (Údarás na Gaeltachta) and Brian Ó Cuív (Rúnaí, Údarás na Gaeltachta) called and examined

Anois Údarás na Gaeltachta agus ceisteanna i nGaeilge le bhur dtoil anois. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh na daoine ó Údarás na Gaeltachta atá anseo, an Príomhfheidhmeannach, Ruán Ó Bric agus na daoine eile.

Caithfidh mé a rá anois, cé go bhfuil pribhléid ag na Teachtaí, níl aon privilige Parlaiminte ag aon rud a deir daoine a thugann fianaise anseo. Agus anois an tUasal Ó Bric agus iarraim ort na daoine eile a chur in aithne.

An tUas. Ó Bric

Ar thaobh mo láimhe clé anseo tá Antóin Ó hIoruaidh Leas Príomhfheidhmeannach/Seirbhísí, in aice leis tá Gearóid Breathnach, atá i gceannas ar chúrsaí airgeadais san eagraíocht agus ansin tá Brian Ó Cuív atá mar Rúnaí ar an eagraíocht.

Gura maith agat. An mbeidh ráiteas á thabhairt agat?

An tUas. Ó Bric

Más mian libh is féidir liom dul tríd an ráiteas. Ba mhaith liom a rá , a Chathaoirligh agus a bhaill den Choiste go bhfuil mé breá sásta deis a bheith againn léargas a thabhairt ar imeachtaí agus ar chuntais Údarás na Gaeltachta don bhliain 1998.

Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga beo sna pobail Ghaeltachta agus í a sheoladh ar aghaidh go dtí an chéad ghlúín eile an bunús atá le cuspóirí Údarás na Gaeltachta. Agus tá cuspóir cothabhála agus forbartha teanga i gcroílár gach gníomhaíocht de chuid na heagraíochta. Is í an aidhm atá ag an Údarás ná a gcothrom féin a thabhairt do chuspóirí eacnamaíochta agus do riachtanais shóisialta agus cultúrdha araon.

Tá fórsaí ilceaneálacha inmheánacha agus seachtracha - an státchóras féin agus an próiséas forbartha san áireamh - ag imirt tionchair ar staid na teanga ag leibhéal an phobail ar bhonn leanúnach agus ní furasta léiriú staitisticiúil a thabhairt ar a staid ag aon tráth ar leith. Is gá a rá, áfach, go bhfuil an Ghaeilge ag staid leochaileach mar theanga phobail agus is gá don státchóras ina iomláine a bheith gníomhach ina neartú agus ina caomhnú. Ar ndóigh, tá slata tomhais réasúnta soiléir agus intomhaiste againnn don staid agus don chur chun cinn eacnamaíochta.

I 1998 cruthaíodh 1,296 post nua lánaimseartha i gcuideachtaí a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltalchta. Seo an figiúr is mó a baineadh amach riamh maidir le poist a chruthú sa Ghaeltacht. Faoi dheireadh na bliana bhain fostaíocht lánaimseartha i gcuideachtaí Gaeltachta buaic nua de 8,174 amach. Le deich mbliain anuas bhí glan mhéadú de 60 faoin gcéad i bhfostaíocht lánaimseartha i gcuideachtaí Gaeltachta. Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl do na Rialtais éagsúla a chuidigh go mór linn na torthaí seo a bhaint amach do phobal na Gaeltachta.

Léiríonn an glanmhéadú iomlán de 320 san fhostaíocht méadú de 4% glan de bhreis ar an mbliain roimhe sin. Má chuirtear an an ráta glan fáis seo san fhostaíocht i gcomórtas leis an bhfás glan de 5% san fhostaíocht náisiúnta tá an-chuma air, go háirithe nuair a chuirtear toise réigiúnach agus suíomh geografach na Gaeltachta san áireamh.

Is sna hearnálacha Innealtóireacha, Leictreonaice agus Seirlbhísí is mó a cruthaíodh thart ar 50% den mhéadú sna poist nua. Sin iad na hearnálacha céanna a raibh fás mór orthu go náisiúnta. Is féidir cur síos ar na cuideachtaí Gaelachta seo mar "chuideachtaí forbartha dara céim" sa mhéid gur fo-sholáthróirí iad do na mórchuideachtaí leoctreonaice agus ríomhaireachta atá lonnaithe lasmuigh den Ghaelacht.

Bé meánchostas deontais in aghaidh an phoist i 1998 ná £6,900 agus an meánchostas thar thréimhse cúig bliana ná £8,900. De bhreis ar dheontais chaipitil. léiríonn an costas in aghaidh an phoist caiteachas ar dheontais i leith tréanála, fostaíocht, taighde agus forbartha. Bíonn an costas a ghabhann le post a chruthú i gcuideachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta ar aon dul i gcoitinne leis an meánchostas náisiúnta fad a bhaineann le tionscail bheaga agus meánmhéid. Tá an ráta deontais a cheadaítear á laghdú go seasta, rud atá ag teacht le cinneadh a rinneadh roinnt blianta ó shin go laghdófaí ar mheánrátaí deontais agus níos mó den infheistíocht a fháil ó na príomhaithe féin.

Tá spás monarchan léasaithe in úsáid ag 95% de na cuideachtaí atá suite sa Ghaeltacht. Ag deireadh na bliana bhí breis agus 252,000 méadar cearnach de spás tionsclaíoch ag an Údarás, a raibh breis agus 21,000 méadar cearnach de neamhshealbhaithe. Chríochnaíomar 8,400 méadar cearnach de spás breise i rith na bliana rinneadh athchóiriú ar bhreis agus 2,000 méadar cearnach eile do thionscail nua.

Cloíonn an tÚdarás go docht leis na nósanna imeachta agus na dea-chleachtais agus na treoirlínte a bhaineann le cúrsaí cothromaíochta, sábháilteachta, soláthar do dhaoine mí-chumasacha agus nochtadh leasa chomh fada agus a bhaineann sé le comhaltaí boird agus feidhmeannaigh na heagraíochta.

Tá mé lántasta go bhfuil muid ag cloí le dea-nósmhaireachtaí rúndachta tráchtála agus ag an am céanna go bhfuil oscailteacht ghinearálta ann maidir leis na cistí agus na cúraimí a bhfuilimid freagrach astu.

Gura maith agat agus anois éisteoimid leis an Uasal Purcell.

Mr. Purcell

Níl aon ní speisialta le rá agam faoi chuntais an Údaráis. Feicfear gur thug mé tuarascáil ghlan don Údarás i 1998. Chomh maith leis an Chomhairle Ealaíon bhí fadhb ag an Údarás leis an Acht um Íoc Pras Cuntas, 1997 nó más mian leat is féidir liom mo thuarascáil a léamh faoi sin.

Thug an scrúdúchán a rinne mé le fios nár íoc an tÚdarás ús ar íocaíochtaí déanacha sonrasc le linn na bliana dár chríoch 31ú Nollaig 1998. In a dhiaidh sin, áfach, ghlac sé ar féin íocaíochtaí a rinneadh lasmuigh de na tréimhsí íocaíochta agus an t-ús iníoctha i gcásanna dá leitheíd a ríomh. Mar thoradh ar an mbeart sin íocadh ús de £495 ar íocaíochtaí déanacha a rinneadh le linn 1998 le solathróirí i 1999. Seachas sin rinne an tÚdarás ar gach bealach ábhartha de réir fhorálachta an Achta le linn na bliana dár chríoch 31ú Nollaig 1998.

Gura maith agat. An bhfuil ceisteanna anois ag na Teachtaí?

Níl an Ghaeilge go líofa agam ach d'fhéanfaidh mé mo dhícheall mo cheist a chur as Gaeilge. Tá ceist eile agam gur mhaith liom a chur as Bearla.

Tá sé soiléir ón Tuarascáil Bhliaintiúil go bhfuil an-chuid oibre déanta ag an Údarás agus tá an Tuarascáil curtha le chéile go han-ghairmiúil. Cé d'fhoilsigh é daoibh agus cé chuir i gcló í?

An tUas. Ó Bric

Muidne a d'fhoilsigh í.

Ar cuireadh i gcló í sa Ghaeltacht?

An tUas. Ó Bric

Sea. Clódóirí Lurgan san Indreabhán a rinne é.

An tUas. Breathnach

Bhí orthu cuid den obair a chur lasmuigh den Ghaeltacht.

An furmhór.

An tUas. Breathnach

Bheadh orthu na colour separations a chur go Baile Átha Cliath.

Dúirt tú go raibh 8,174 duine fostaithe go lánaimseartha agus sa Tuarascáil Bhliaintiúil tá 3,485 páirtaimseartha. An mbíonn an Ghaeilge á labhairt go nádúrtha go rialta nó i gcomhnaí ag na daoine sin nó an bhfuil daoine ann nach bhfuil aon Ghaeilge acu?

An tUas. Ó Bric

Cinnte tá daoine ann nach bhfuil Gaeilge acu. Braitheann sé ar cad é an ceantar atá i gceist agat. Mar shampla, i nGaeltacht Dhún na nGall, Gaoth Dobhair ach go háirithe, An Fál Carrach agus na ceantair sin is Gaeilge sa chuid is mó atá á labhairt. Tá Conamara mar an gcéanna. Bheadh cuid den Ghaeltacht i Maigheo lag agus tá Bearla ann. Níl aon amhras faoi sin. Braitheann sé ar an phobal mór-thimpeall. Má tá an Ghaeilge láidir sa phobal mór-thimpeall beidh an Ghaeilge sách láidir sa mhonarcha agus má tá sí lag mór-thimpeall beidh sí lag is dócha sa mhonarcha. Braitheann sé ar cén áit a bhfuil tú ag díriú air.

Cad a tharlaíonn sa mhonarcha chun an Ghaeilge a láidriú i measc na ndaoine atá fostaithe ann.

An tUas. Ó Bric

Tá Rannóg Cultúrdha agus Teanga againn agus tá réimsí leathan gníomhaíochtaí ar siúl acu siúd chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a fhairsingiú agus a láidriú. Tá comórtais éagsúla ar siúl, tá ranganna ar siúl agus cuirtear pacáiste meabhraíochta ar fáil do thionsclóirí nua a thugann tuiscint dóibh faoi na rudaí ar chóir a dhéanamh chun cabhrú leis an bhfuireann an Ghaeilge a choimeád beo. Tá réimse leathan rudaí ar bun againn chomh maith le tionchar againn ar an bpobal agus mar a lua Patricia Quinn, Príomhfheidhmeannach an Chomhairle Ealaíon, tá comhpháirtíocht againn le chéile atá ag feidhmiú go han-éifeachtach agus tá réimse leathan gníomhaíochtaí ar bun againn chun na healaíona a chothú i measc an phobail agus sna monarchain.

Lua tú go bhfuil fadhb agaibh daoine oilte a fháil do roinnt de na postanna. Cén saghas postanna atá i gceist ansin do na daoine oilte?

An tUas. Ó Bric

Is fadhb í atá comónta do cheantair eile tuaithe agus rinne an ESRI suirbhé cúpla bliain ó shin dúinn a foilsíodh i 1998 nó 1999 agus léirigh sé go bhfuil daoine óga oilte Gaeltachta ag imeacht ón Ghaeltacht agus ag dul go dtí na tionscail seirbhísí nua-aimseartha a chruinníonn thart ar na bailte móra seachas faoin dtuaith. Tá iarracht láidir againn na tionscail sin a chothú sna Gaeltachtaí nó faoin dtuaith, más mian leat. Ach níl aon mhacasamhail ann áit ar bith go bhfios dúinn a léireodh dúinn conas é sin a dhéanamh. Mar sin, tá dúshlán mór anseo d'Údarás na Gaeltachta. Tá sé fíor a rá go bhfuil ganntanas speisialtóirí a bhfuil cáilíochtaí teicniúla acu ach go háirithe atá ag cur cosc ar an fhorbairt nua-aimseartha sa Ghaeltacht. Tá sé ar siúl ach d'fhéadfadh sé a bheith ar siúl ar bhonn níos tapúla ach daoine a bheith ar fáil.

An bhfuil tacaíocht ar fáil do na daoine atá ag iarraidh an idirlíon a úsáid? An bhfuil siad ábalta dul ar an idirlíon go héasca?

An tUas. Ó Bric

Tá. Tá na comhlachtaí atá dírithe ar chúrsaí teileachumarsáide - ar an idirlíon mar adúirt tú - lonnaithe cuid mhaith i gConamara agus tá cuid acu i nDún na nGall. Tá roinnt tograí nua á gcur isteach ansin anois. Tá ceann amháin, Server Farm mar a ghlaonn siad ar i mBearla, thuas i nGaoth Dobhair.

An bhfuil broadband ansin?

An tUas Ó Bric

Tá an access acu agus beidh siad i mbun oibre sul i bhfad agus ag cur seirbhís ar fáil don tír, don Eoraip agus don domhan. Níl aon chosc, d'fhéadfá a rá, sa Ghaeltacht seachas i gceantair iargcúlta, teacht ar bhealach chun eolas digiteach a chur amach. Beidh orainn in áiteanna, b'fhéidir, micro wave links a chur isteach seachas fibre optic.

Cén luas atá ag na daoine atá ar an idirlíon, na daoine atá ag obair sa bhaile nó áiteanna mar sin?

An tUas. Ó hIoruaidh

Tá an ISDN ar fáil go forleathan.

Is é an áirneáil an dúshlán is mó atá ag an Údarás - na comhlachtaí agus na gnóanna sin a lonnú sa Ghaeltacht. Mar adúirt an Tuarascáil ón ESRI tá na daoine ag imeacht ón Ghaeltacht agus is daoine le oideachas trí leibhéal furmhór díobh sin. Má bhreathnaíonn ar an tír i gcoitinne, an áit ina bhfuil na comhlachtaí seo á mbunú is ins na bailte móra atá siad. Ní amháin nach bhfuil siad á mbunú sa Ghaeltacht ach tá áiteanna eile sa tír. Deirtear gur féidir na comhlachtaí sin a reachtáil ar an ngealach agus tá sé sin fíor ó thaobh an infrastructure de ach tá na comhlachtaí sin bunaithe ar dhaoine seachas a bheith capital intensive. Ach tá na daoine atá oilte ag lorg níos mó ná jobs. Tá saol sóisialta á lorg acu, an infrastructure, swimming pools agus mar sin de.

Agus daoine mar an gcéanna in aice leol.

An tUas. Ó hIoruaidh

Sin an dúshlán. Ní amháin go bhfuilimid ag díriú ar bhunú tionscal ach caithfimid breathnú amach níos faide agus a fháil amach cad is féidir leis an Údarás a dhéanamh faoin infrastructure, infrastructure na Gaeltachta.

Deir tú sa ráiteas go raibh net increase 320 nó 4% ar jobanna i 1998 thar mar a bhí i 1997. Cé mhéid daoine atá ina gcomhnaí sa Ghaeltacht ach atá ag obair taobh amuigh dí, i gcathair na Gaillimhe nó in áiteanna eile? An bhfuil aon fhigiúr ar na daoine seo?

An tUas. Ó Bric

Níl fós. Tá an teorainn sin an-porous. Ach is fíor a rá go bhfuil daoine ón Ghaeltacht ag dul isteach go dtí na comhlachtaí móra sna cathracha agus tá gluaisteáin ag dul sa treo eile. Ach caithfidh mé a rá go bhfuil an ceart agat. Tá líon mór daoine anois ag obair i gcathair na Gaillimhe agus anuraidh bhí 300 post i gConamara nach raibh líonta ag deireadh na bliana. Bhí sé deacair ar na comhlachtaí seo teacht ar dhaoine. Táimid ag caint ar chomhlachtaí maithe idirnáisiúnta in a measc. Le meán leibhéal dífhostaíochta náisiúnta os cionn 5% beidh deacrachtaí sa Ghaeltacht mar atá i gceantair eile.

Ba mhaith liomsa fáilte a chur roimh na daoine atá anseo ó Údarás na Gaeltachta agus comhgháirdeachas a ghabháil leo as an obair thábhachtach atá á dhéanamh acu ag cur postanna ar bun i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre. Ach ba mhaith liom ceist a chur maidir leis na fadhbanna ag cur postanna ar bun sa Ghaeltacht. Tá ag éirí go measardha maith leis an Údarás sin a dhéanamh ach goidé mar a chíonn siad cúrsaí ag dul sna blianta romhainn?

An tUas. Ó Bric

Tá mé ag ceapadh go bhfuil árdán fostaíochta sroiste againn. Tá mé ag ceapadh nach mbeidh an fás céanna ann sna blianta amach anseo mar a bhí ag dul siar. Tá sé ag éirí níos deacra teacht ar dhaoine. Mar a tharla i roinnt comhlachtaí Gaeltachta, tá daoine ag teacht isteach ón taobh amuigh, ón bhFionlainn agus ó Latvia fiú, rud atá comónta, seans, don chuid eile den tír. Léiríonn sé sin go bhfuil árdán fostaíochta sroiste againn. Beidh na comhlachtaí atá sean-bhunaithe, a bhfuil baint acu leis an sean-teicneolaíocht, ag titim as de réir a chéile. Táimid ag iarraidh na comhlachtaí nua-aimseartha seo a fháil isteach agus mar a tharla i gcás comhlachta bog-earraí i nDún na nGall atá ag déanamh go maith agus atá ag iarraidh forbairt a dhéanamh, ní féidir leo teacht ar dhaoine. Tá na hinstiúidí earcaíochta nó na employment agencies ag rá lleo dá mbogfaidís go Baile Átha Cliath nó go Gaillimh féin go dtiocfaidís ar na daoine. Ní theastaíonn uaim mórán a dhéanamh as sin mar is rud discreet atá ann ach léiríonn sé na rudaí go gcaithfimid dul i ngleic leo.

Mar adúirt an tUas. Ó hIoruaidh anseo tá gá le forbairt substaintiúil a dhéanamh ar infrastructure fisiciúil na Gaeltachta. Tá gá le tithíocht breise mar tá daoine ag imeacht toisc nach bhfuil tithe acu. Tá gá leis an infrastructure sóisialta a mhéadú. Tá gá le roinnt lár-ionad a roghnú, rud atá á phlé againn faoi láthair agus, b'fhéidir, fáil isteach i bhforbairt an infrastructure sóisialta. Caithfidh an áit a bheith tarraingteach do na daoine atá ann i dtreo is go bhfanfaidís ann agus go ndéanfaidís saol ann agus go mbeadh sí tarraingteach chun daoine nó comhlachtaí nua a mhealladh chun na Gaeltachta. Táimid ag fáil isteach ar roinn nua forbartha, tá mé ag ceapadh, agus ní bheidh na gríosaithe nó na scéimeanna a bhí againn chomh húsáideach, b'fhéidir, san am atá ag teacht toisc go bhfuil easnamh mór i bhforbairt an infrastructure sóisialta. Níl fhios agam an bhfuil mé ag freagairt na ceiste seachas a bheith ag leagaint amach na challenges nó na dúshláin atá romhainn.

Ag éirí as an cheist sin, an bhfuil an tÚdarás a cuartú daoine i mBaile Átha Cliath nó, b'fhéidir. thar sáile, daoine a thiocfadh ar ais mar go bhfuil na postanna ann.

An tUas. Ó Bric

Tá. Tá súiomh againn ar an idirlíon - Post Baile - agus táimid ag dul i dteangbháil le daoine Gaeltachta a bhfuil cáilíochtaí acu agus iad a chur ar an eolas faoi jobanna atá ar fáil sa mbaile. Is saghas chicken and egg situation atá anseo. Caithfidh na jobanna a bheith ar fáil sula dtiocfaidh na daoine agus caithfidh na daoine a bheith ar fáil. Táimid ag iarraidh an cheist seo a láimhseáil ach is ceist mhaith í sin agus táimid anois ag dul i dteangbháil le coláistí tríú leibhéal agus register nó data base a chur le chéile. Táimid ag dul sa tóir ar dhaoine anois seachas a bheith sa tóir ar phríomhaithe.

Tuigim. Ba mhaith liom liom ceist a chur mar gheall ar an Ghaeltacht Lár agus an Ghaeltacht cheantair Ghleann Cholmchille. Tá fhios agam go bhfuil an tÚdarás ag tabhairt tacaíochta do chomhlachtaí ansin ach an féidir leis an Údarás a rá cé mhéid airgid atá caite i bparóiste Chill Chárthach ó thosaigh an tÚdarás agus an méid postanna atá curtha ar fáil ansin agus, b'fhéidir, an méid postanna atá caillte fosta?

An tUas. Ó Bric

Ní dócha gur féidir liom freagra a shásódh an riachtanas eolais atá uait a thabhairt ach beimid breá sásta an t-eolas sin a chur ar aghaidh in a iomláine.

Tá sin iontach maith. Ceist eile ná an bhfuil an tÚdarás ag tabhairt tacaíochta tré dheontais nó iasacht nó scaireanna do chomhlacht i gCarraig Fhinne sna Rossa, Avi-Paint, a bhfuil go leor mí-shásaimh faoi?

An tUas. Ó Cuív

Tá idir dheontais agus scaireanna á thabhairt ag an Údarás don Chomhlacht sin ach faoi réir cúrsaí pleanála agus mar sin de a bheith i gceart. Má thuigim i gceart é tá an rud imithe go dtí na cúirteanna anois chun breithiúnas a dhéanamh maidir leis an gcead a thug an bord pleanála. Go dtí go mbeidh sin glanta suas ní féidir a rá an rachaidh an rud ar aghaidh. Ach tá cúnamh ceadaithe faoi réir coinníollacha den tsaghas sin, idir dheontais agus scaireanna.

Go raibh míle maith agat.

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh, Cúpla ceist agam. Ar dtús, cén fáth nach raibh aon suim ag an Údarás i monarcha i nGaoith Sáile, Norsk-Hydro, nuair a bhí an mhonarcha ar an margadh cúpla bliain ó shin?

An tUas. Ó Bric

Mar is eol don Teachta is ó Norway don chomhlacht sin, Norsk-Hydro agus timpeall an ama seo anuraidh tharraing siad siar mar nach raibh ag éirí leis an togra. Bhí siad ag cailliúint airgid go trom. Dúirt siad linne go gcaithfidís idir £5m. agus £8m. sa bhreis a infheistiú sna sochmhainní, na assetts a bhí acu chun an táirgeadh a réiteach. Dúirt siad gur cheapadar go raibh an margadh ag dul i léig agus go raibh níos mó daoine ag iompó ar an ola seachas ar solid fuel. Bhí McDonaghs i nGaillimh mar scair-shealbhóirí sa togra chomh maith agus bhí eolas mion acu ar an mhargadh ó thaobh dáileadh - distribution -de agus bhí siad siúd den tuairim céanna. Mar sin, tháinig an mhonarcha sin chun deiridh agus ó thosaigh an comhlacht i 1996 bhí £30m curtha isteach ann - £2m. ón Stát, £3 ach fuaireamar £1m ar ais agus an cuid eile den airgead ón airneál príobháideach. Níor éirigh go dtí seo leis an tionscal sin agus iarradh orainne na sochmhainnní a cheannach.

Muna bhfuil togra nó príomhaí againn níl aon chúis nó ní dhéanfadh sé ciall go gceannóimis sochmhainní dúinn féin seachas go mbeadh togra againn agus níl togra againn mar eagraíocht do na socmhnainní sin agus níl aon promoter ann. Do phléimear an cheist le an-chuid grúpaí eile go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Níl aon spéis ag grúpa ar bith eile na sochmhainní seo a cheannach nó togra a chur le chéile.

Creideann siad go láidir nach mairfeadh an togra. Dá gceanóimis na sochmhainní bheimis ag íoc astu, care and maintainance is dócha, agus cúrsaí árachais le linn dúinn a bheith ag feithimh le príomhaí. Níor tháinig aon phríomhaí ar aghaidh le togra. Níor chuir éinne pingin rua ar an mbord. Sa chás sin bheadh sé an-dheacair orainne moladh a dhéanamh don bhord sochmhainní den chineál seo a cheannach. Táimid sásta dul sa bhfiontar go háirithe san áit ina bhfuilimid. Tá sé soiléir that we do take risks. Ach ceapaimidne sa chás áirithe seo nár bhfiú an iarracht toisc nach bhfuil aon phríomhaí ann agus níl aon airgead ar an mbord ó dhuine ar bith eile seachas go gceannóimis na sochmhainnní. And we dont know what to do with them.

Ceart go leor. An bhfuil baill an bhoird sásta go bhfuil an mhonarcha sin críochnaithe faoin am seo. An mbeadh aon suim agaibh ann?

An tUas. Ó Bric

Tá treoir ón mbord againn faoi láthair labhairt leis an duine gur leis na sochmhainní agus a fháil amach cé mhéid a chosnódh sé ar an Údarás na sochmhainní a cheannach. Ach is dócha go nglacann siad leis nach bhfuil aon fhiúntas leis na sochmhainní

Fuair an tÚdarás grant aid ar ais ó Norsk-Hydro. An bhfuil sin ceart?

An tUas. Ó Bric

Fuair.

Cé mhéad a fuair ant-Údarás?

An tUas. Ó Bric

Fuaireamar beagnach £1.87 milliún ar ais ó Norsk-Hydro.

An mbeidh an t-airgead sin á chur ar ais sa cheantar céanna chun postanna nua a fháil?

An tUas. Ó Bric

Cinnte, má thagann togra ar aghaidh ó Mhaigheo nó ó áit ar bith eile nó má fhaighimid togra do Mhaigheo beidh airgead á chur isteach ann gan trácht ar an £1.87milliún a tháinig ar ais ó Norsk-Hydro. An méid sin ráite táimid ag breathnú ar ionad fiontaríochta - an enterprise centre - chun infheistíocht a dhéanamh i Maigheo nó thart faoin cheantar sin, b'fhéidir, chun tionscail bheaga a chur chun cinn. Táimid ag plé na ceiste sin.

Beidh mé ar ais ar an cheist sin mar creidim go bhfuil sé an-thábhachtach an t-airgead sin a chur ar ais i gContae Mhaigheo. Níl mé sásta go bhfuil an tÚdarás ag obair go crua i ngach Gaeltacht nuair a fhéachaim ar an airgead a chaitear. Conas a roinntear airgead an Údaráis idir na Gaeltachtaí?

An tUas. Ó Bric

Ní dóigh liom go bhfuil sé fíor a rá go bhfuil an t-airgead á roinnt idir na Gaeltachtaí. Caitear airgead ar thograí agus ar dheiseanna forbairt eacnamaíochta agus níl sé cothrom. Caithfear sin a admháil. Agus mar atá ag tarlú sa chuid eile den tír, caitear an t-airgead, d'fhéadfá a rá, sna háiteanna ina bhfuil an infrastructure, áiteanna ina bhfuil an bunús le forbairt eacnamaíochta. Súann na ceantair seo an t-airgead. Tá ceantair ann a bhfuil buntáistí níos mó acu ná mar atá ag ceantair eile agus tá ceantair sa Ghaeltacht atá fíor imeallach agus lag. Seans gur dheineamar botúin roinnt blianta ó shin ag iarraidh na fadhbanna áitiúla sna ceantair neamhfhorbartha a réiteach tré tionscail a chur isteach ionntu. Agus uaireannta theip ar na tionscail sin. Tá polasaí ann anois maidir le forbairt áitiúil, forbairt turasóireachta, forbairt cúrsaí oidhreachta, cultúrdha, timpeallachta agus eile. Ach táimid faoi bhrú maidir le Contae Mhaigheo. B'fhéidir go bhfuil seo bailithe timpeall ar Norsk-Hydro. B'fhéidir go bhfuil tú ag smaoineamh ar Norsk-Hydro nuair a mhothaíonn tú go bhfuil easpa infheistíochta déanta i Maigheo, rud atá fíor i gcás ceantar eile Gaeltachta. Beimid ag díriú níos mó ar na ceantair neamhfhorbartha níos mó, the underdeveloped areas, an Ghaeltacht Lár san áireamh. B'fhéidir go bhfuil sin beagáinín rhetorical. Tá sé éasca é sin a dhéanamh ach táimid ag iarraidh níos mó deiseanna a aimsiú sna ceantair sin. Caithfidh mé a rá go bhfuil an potential sách teoranta, the potential is limited ach tá treoir tugtha ag an mbord níos mó a dhéanamh do na ceantair neamhfhorbartha agus tá ár gcuid iarrachtaí ansin á dtomhais.

Ar dtús, nuair a bhí tú ag caint go bhfuil 8,100 jobanna sna Gaeltachtaí. Cé mhéid atá i gContae Mhaigheo? Níl sé go hiontach ar fad. Cén fáth?

An tUas. Ó Cuív

Más féidir liom cur leis an méid a dúirt an Príomhfheidhmeannach ansin agus cúpla sampla a thabhairt. Má thógann tú Ceathrú Thaidhg agus an ceantar sin taobh ó thuaidh de Bhéal a' Mhuirthead is ceantar an-dheacair é. Bhí fostaíocht an-traidisiúnta ansin ar thionscal na cniotála agus theip ar sin anuraidh. Tá tionscal beag bunaithe anois ag an duine céanna go mba leis an comhlacht roimhe sin.

Taobh leis bhí monarcha eile agus deineadh iarrachtaí thar na blianta tionscal maith a fháil. Ach tá sé réasúnta éasca rud a fháil a fhanfaidh ar feadh cúpla bliain agus a imeoidh arís. An rud atáimid i gcomhnaí ag iarraidh a fháil ná rud a fhanfaidh sa cheantar ar feadh ar a laghad deich mbliana nó mar sin. Tá sé deacair tionscal a fháil atá slán sábháilte a raghadh isteach i gceantar mar sin. Má thógann tú 1999 d'éirigh linn dhá ghnó a fháil isteach sa cheantar sin idir Gleann na Muaidhe agus Ceathrú Thaidhg, ceann amháin atá bunaithe ar an tionscal earraí sláinte agus an ceann eile a bhaineann le cúrsaí bitheolaíochta má thuigim i gceart. Sé an rud atá ag teastáil ná tortha ar na hiarrachtaí seo. Ní thagann na torthaí chomh scioptha is a bhíonn muidne ag súil leisach an oiread. Ach iarracht an t-am ar fad atá i gceist.

An bhfuil an tÚdarás sásta go bhfuil an figiúr seo go maith?

An tUas. Ó Cuív

Níl siad. Níl siad chomh maith is gur mhaith le héinne iad a bheith. Bheadh muidne i bhfad níos sásta dá mbeadh níos mó fostaíochta i Maigheo agus i gCiarraí. Tá Corcaigh agus Port Lairge ag teacht ar aghaidh go han-láidir le cúpla bliain anuas.

Más féidir liom comparisons a dhéanamh, cé mhéd daoine a bhfuil comhnaí orthu i nGaeltacht Mhaigheo i gcomparáid le Gaillimh?

An tUas. Ó Cuív

Níl na figiúirí cruinn agam anseo.

An tUas. Ó Bric

Tá figiúirí déanta amach againn a cheanglaíonn an daonáireamh leis an méid fostaíochta agus an méid caiteachais agus déanfaimid tracking ar sin. Níl sé sa leabhar seo ach is féidir an t-eolas sin a chur ar aghaidh. Ach tá sampla gur mhaith liom a chur in iúl agus tógann sé sinn ar ais go poinnte a ardaíodh tamall siar. Tá comhlacht Fionnlaineach i nGaillimh nach raibh in ann teacht ar oibrí breise agus chinn an comhlacht seo fo-ionad a bhunú in Acla. Chuireamar fógraí amach agus dúirt breis agus 80 nó 90 duine go dtiocfaidís ag agallamh. Tháinig níos lú ná seasca sa deireadh. Tá obair sách critriciúil i gceist anseo, micro-work go poinnte. Bhíodar ag lorg 50 nó 40 duine ach tar éis na hagallamha agus tar éis na daoine a chur faoi scrúdú, dexterity testing agus a leithéid, ní bhfuair siad ach deichniúr ag deireadh an lae, b'fhéidir cúig duine déag. Chuamar ar ais i dteangbháil leis an gcomhlacht mar bhí fhios againn go raibh gá le fostaíocht in Acla. Bhí an pobal agus na baill ag cur brú orainn rud éigin a dhéanamh. Ach nuair a tháinig sé chuige ní raibh bunús le togra 50 nó 40 duine in Acla. D'fhéadfaí a rá gur obair de shaghas faoi leith a bhí i gceist ansin, obair shonrach ach theip orainn i ndáiríre toisc nach raibh dóthain daoine ar fáil.

An raibh na jobanna skilled?

An tUas. Ó Bric

Bhí siad sách skilled.

Agus níl na daoine ann.

An tUas. Ó Cuív

Don saghas sin oibre. Ach tá togra eile á phlé don cheantar sin.

Tá an industry mícheart.

An tUas. Ó Bric

An tseachtain seo caite ceadaíodh togra eachtraíochta, water sports centre, turasóireacht ceangailte leis an nGaeilge do Chuan Eilí. Tá i gceist go mbeadh sé seo ina ionad náisiúnta seoltóireachta agus eile, sé sin coláiste uisce. Beidh tionchar maith ag an tionscal sin ar an réigiún. Is Gaeltacht láidir atá in Eachléim agus tá sé bunaithe ar acmhainn nádúrtha agus tá Cuan Eilí iontach oiriúnach d'eachtraíochtaí uisce. Tá ag éirí leis an togra sin le píosa maith anois ach tá i gceist é a mhéadú go mór. Mar sin, táimid ag féachaint isteach sa scéal. Tá forbairt mór déanta ar an ngailfchúrsa i gCairn. Chuireamar airgead mór isteach ansin agus tá sé sin ag tarraingt daoine go dtí an áit. Táimid gníomhach leis an gComhairle Chontae, le tionsclóirí agus le grúpaí eile. Mar sin, leanfaimid leis an iarracht. B'fhéidir gur ghá athrú ó na rudaí traidisiúnta, tionscal mar a lua tú i gcás Acla, go dtí rudaí eile atá ag teacht leis an timpeallacht agus le sochmhainní nádúrtha an cheantair.

Ceantar Tuar Mhic Éadaigh?

Tá ceist ag an Teachta Gildea.

Ceist ghearr atá agam. Tá plean forbartha i dTír Chonaill anois le cúpla mí Is féidir talamh a cheannach sa Ghaeltacht Lár fá choinne forbartha. An bhfuil plean ar bith ag an Údarás dó sin?

An tUas. Ó Bric

Tá ionadaíocht againn ar an mbord sin agus táimid ag cur plean oibre le chéile don chontae a chlúdóidh an Ghaeltacht Lár agus a dhéanfar a chomhdhlúthú leis an plean chontae.

An tUas. Ó Cuív

Tá plean ann monarcha a thógáil i mBaile na Finne féin. Sin réamh-ionad thart ar 400 méadar cearnach, agus tá dhá ionad eile le tógáil sa Ghaeltacht Lár freisin.

Sin an-mhaith. An féidir a rá cad é an méid airgid idir dheontas agus scaireanna atá a íoc le Avi-Paint

An tUas. Ó Cuív

Is féidir a fháil amach.

Bhí ceist sa Dáil tamall ó shin agus bé an freagra ná that The Freedom of Information act does not apply to Údarás na Gaeltachta. An bhfuil sé seo fíor?

Níl aon Ghaeilge ar Freedom of Information.

An tUas. Ó Bric

Beimid clúdaithe faoin Acht ó thús na bliana seo chugainn.

Mr. Furlong

Theastaigh uaim cúpla pointe eolais a léiriú, go háirithe faoi rud a lua an Teachta Ardagh faoi Broadband. Ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuil an tAire Stáit faoi láthair ag plé cúrsaí Broadband leis an Roinn Fiontair Phoiblí féachaint nach mbeadh na Gaeltachtaí ar chúl ó thaobh 'roll out' mar a déarfá.

Pointe beag eile. B'fhéidir go bhfuil fhios agaibh go bhfuil sé i gceist ag an Aire Bille nua tithíochta a fhoilsiú níos déanaí sa bhliain. Sa Bhille sin tá sé i gceist an ar dlí faoi mar atá sé a thabhairt suas chun dáta agus táimid ag súil go mbeidh an Bille ar fáil ag deireadh mí Aibreáin. Ach braitheann sé ar an Parliamentary Draughtsman. Agus nóta eolais eile; tá an tAire Stáit ag cur an-chuid béime ar fheabhsú infrastruchtúir fisiciúil agus sóisialta sna Ghaeltachtaí agus go háirithe ar na bóithre ar chúrsaí séarachais agus ag iarraidh infheistíocht sa bhreis a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

Tá na cuntaisí nótáilte anois.

Barr
Roinn