Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 21 Jan 1919

Vol. F No. 1

4. BUNREACHT DALA EIREANN.

AN CHEUD ALT.
Beidh iomlán comhachta chun dlighthe dheunamh ag Dáil Éireann agus isé bheidh san Dáil ná teachtaí toghtha ag muintir na hÉireann ó sna dáilcheanntair atá san tír fé láthair.
AN DARA hALT.
1. Beidh iomlán comhachta gnímh éan tráth aca so a bheidh i bhfeadhmannus san Aireacht an tráth soin.
2. Isé bheidh san Aireacht ná Príomh-aireach, toghtha ag Dáil Éireann, agus ceathrar Aireach eile, eadhon:
Aireach Airgid.
Aireach Gnóthaí Dúthchais.
Aireach Gnóthaí Coigcríoch.
Aireach Cosanta
Isé an Príomh-Aireach ainmneochaidh an ceathrar Aireach eile, agus beidh de chomhacht aige iad do chur as feadhmannus.
3. Is éigean do gach Aireach bheith n-a Theachta san Dáil agus beidh sé freagarthach i gcomhnuidhe don Dáil.
4. Is éigean ainmneacha na nAireach do chur fé bhrághaid na Dála ag an gceud thionól taréis don Phríomh-Aireach a n-ainmniughadh, i gcóir a ndeimhnighthe.
5. Beidh an Príomh-Aireach i bhfeadhmannus chomh luath is a thoghfar é, agus beidh na hAirigh eile i bhfeadhmannus chomh luath agus a dheimhneóchaidh an Dáil a n-ainmneacha.
6. Is féidir don Dáil an Aireacht nó éan duine desna hAirigh do chur as feadhmhannus le neart bhótaí má chuirtear foláramh rúin fé scríbhinn d'éan toisc chuige sin isteach seacht lá roimh ré.
AN TRÍOMHADH ALT.
Ceann Comhairle toghtha ag an Dáil i naghaidh na bliadhna, nó Ceann Ionaid toghtha i naghaidh na bliadhna, muna mbíonn an Ceann Comhairle i láthair, a bheidh i gceannas gach tionóil den Dáil. Ní bheidh i gceannas infheadhma i gcóir na n-ionad so acht Teachtaí de'n Dáil. Má bhíonn an Ceann Comhairle agus an Ceann Ionaid as láthair, ceapfaidh an Dáil lucht ionaid nó toghfaidh siad Ceann Comhairle Sealadach.
AN CEATHRAMHADH ALT.
Gheobhaidh an tAireach pé airgead a bheidh uaidh de bhárr bhóta na Dála. Beidh an tAireach freagarthach don Dáil san airgead a gheobhfar mar sin agus leagfaidh sé cúntaisí mionscrúduighthe ar chaitheamh an airgid fé bhrághaid na Dála dhá uair sa bhliadhain - um Shamhain is um Bealtaine. Scrúdaidhe nó Scrúdaidhthe toghtha ag an Dáil a dheunfaidh an mionscrúdadh. Ní féidir éin Teachta den Dáil do thoghadh mar Scrúdaidhe.
AN CÚIGMHADH ALT.
Bunreacht sealadach é seo agus is féidir é d'atharughadh ach foláramh fé scríbhinn do thabhairt d'éan toisc chuige sin, seacht lá roimh ré.

Ní fuláir dúinn beirt do bheith againn chun san do chur i gceart os comhair na Dála, agus iarraim ar Sheán T. Ó Ceallaigh, an Teachta ó Fhaithche Choláiste Átha Cliath, an tairgsin do dhéanamh.

A Chinn Chomhairle is a Theachtaí, cuirim so fé nbhur mbrághaid. Is eól díbh gur Bunreacht sealadach é, tá sé léighte agaibh go léir. Níl ann acht a bhfuil riachtanach dúinn go fóill. Insan uain atá ag teacht beidh orainn, gan amhrus, é do chur i méad agus a lán neithe do chur ann chum oibre na hÉireann do dhéanamh. Tá an buille deiridh againn dá bhualadh chum an Saorstát do bhuanughadh, agus tá orainn a leithéid seo de bhunreacht do cheapadh ionnus go ndéantaidhe riaradh mar budh chóir. Déarfadh duine, b'éidir, go bhfuil neithe in easnamh insa Bhunreacht. Tuigimíd san, acht tá admháil insa chúigmhadh mír againn ná fuil ann ach rud sealadach, agus beidh sé de chead ag éan teachta ó am go ham tairgsint do chur isteach chum malairt nó feabhas do chur ar an scéal mar is gábha. Tuigeann gach n-aon go mbeidh cúigear d'Aireacht againn .i. Árd-Aireach is ceathrar eile, go mbeidh cúram na hoibre ortha agus éin phoinnte a bhaineann le n-a ngnó féin do chur os comhair na Dála agus a bheith freagrach i dtaobh gach nídh a bhaineann le n-a gcúram.

Is oth linn an oiread san d'ár gcáirdibh do bheith ar ceal orainn annso indiu, ach ní sinne is cionntach acht an namhaid. Badh mhaith linn againn congnamh is comhairle na gcarad san go léir, acht caithfeam dul ar aghaidh le tionnscain Shaorstát Éireann agus an dútha do riaradh mar a thigeann linn a dhéanamh.

Molaim díbh an Bunreacht so agus tá muinighin agam go dtoileóchaidh sibh leis mar reacht sealadach. agus tá súil agam i nDia go bhfuilimíd ag bunughadh Saorstáit Éireann agus go mairfidh sé go brách.

Is áthas mór damhsa cur leis an dtairgsint seo do cuireadh os ár gcomhair ag Teachta Faithche Choláisde Átha Cliath. Tá sé léighte agaibh go léir agus tá súil agam go n-aontoghaidh sibh é.

An toil libh an Bunreacht so d'aontughadh? ["Is toil."] Deirimse gur aontuigheadh san d'aonghuth.

Barr
Roinn