Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 16 Aug 1921

Vol. S No. 1

ELECTION OF CEANN COMHAIRLE.

Sé an chéad rud atá againn le déanamh ná Ceann Comhairle a thogha.

I have great pleasure in proposing the re-election of the former Speaker, Mr. S.T. O Ceallaigh. You all know that he is specially fitted to discharge the duties of the office by reason of his long training and experience as a member of the chief public boards of this city. His name needs no words of recommendation because you are aware that he discharged the duties of the very important mission entrusted to him on the Continent during the past two years in a manner which has reflected credit not alone upon himself, but upon this body.

Is oth liom nach féidir liom m'ainm a leigint os cóir na Dála. Ní cóir dom glacadh leis an onóir seo. Tá fhios agaibh go bhfuilim as an tír seo le fada agus nach raibh sé im' chumas a bheith i láthair ag aon chruinniú ach an t-aon cheann amháin. Tá obair thabhachtach le déanamh ag an Dáil agus ba chóir do'n Cheann Comhairle a bheith i láthair ag gach aon chruinniú. B'fhéidir go dtiocfaidh an lá go mbeid in ánn a bheith i láthair ag an Dáil, ach go ceann tamaill eile caithfead a bheith ag obair i gcéin. Ar an adhbhar san, ba mhaith liom cead a iarraidh m'ainm a tharrac siar.

Caithfidh an Dáil duine eile d'ainmniú.

("Sceilg"): Ba mhaith liom ainm Eóin Mhic Néill a chur os bhúr geóir. Fear fial, flaitheamhail, cneasta, tuigsionach, léigheanta iseadh é. Ma bhíonn sé againn beidh fear againn a thabharfaidh cothrom na féinne do gach duine. Molaim a ainm díbh.

Aontuím leis an rún san. Níl fear a chuirfeadh níos mó onóir ar an Dáil mar Cheann Comhairle ná Eóin Mac Néill, agus tá taithighe aige ar stiúrú na h-oibre. Tá súil agam go nglacfar leis an rún d'aon ghuth.

Cuireadh an rún os cóir na Dála agus glacadh leis. Chuaidh Eóin Mac Néill i gCeannus an chruinnuighthe.

Cuirim mo bhuidheachas in úil díbh mar gheall ar an onóir seo a thabhairt dom is mé do chur sa chathaoir. Is mór agus is trom an obair a chuireabhar orm, ach déanfaidh mé mo dhícheall chun cothrom na féinne do thabhairt do gach Teachta chó fada is táim anso, chun obair na hÉireann a dhéanamh. Ceann de sna honóracha is mó in Éireann is eadh í seo. Ach ní chugam-sa atá an onóir ag dul. Siad muinntir Iolscoile na hEireann agus muintir Dhoire a chur anso mé agus is chucha san atá an onóir ag dul.

Barr
Roinn