Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 17 Aug 1921

Vol. S No. 2

TUARASGABHAIL ON AIRE UM GHNOTHAI DUITHCHE.

Tá dul chun cinn cuibheasach maith déanta ag na cuirteanna fén Saorstát. De bharr an chogaidh do thuiteadar ar lár i mórán áiteanna, do marbhuigheadh agus do gabhadh cuid mhaith de sna Guistísí agus de sna hoifigig. Táid ar siúl arís, amhthach, i ngach ball den tír nách mór, agus sar a bhfad tá súil agam go mbeidh siad ar bun arís agus iad bunaithe chó láidir sin nách féidir le haon iarracht o Shasana iad do chur fé chois. Caithfeadsa anso tagairt speisialta do dhéanamh do sna dúthaighibh anso is ansúd ar fud na tíre nár tharraig siar ón obair ar feadh fiú is aon lá amháin. Dinim tagairt fé leith mar sin do Chontae Longphuirt thuaidh agus theas, do Chathair Bhaile Atha Cliath thuaidh, do Chathair Chorcaighe agus do chuid den Chontae, do Luimneach thoir, agus do Chontae an Chláir thiar agus thoir.

Ar bhFian Riartha: Tá ár bhFian Riartha curtha ar bun ar fuaid na tíre ar fad nách mór. Is cinnte go mbeidh an fórsa so ar fheabhas chun smacht do chur ar na daoine a bheidh i gcoinnibh dlí an tSaorstáit agus chun gach órdú o sna Cúirteanna do chur i bhfeidhm. Beidh obair chruaidh tháchtach ar Cheann na bPóilíní i ngach Ceanntar Briogáide, agus táim chun a thairiseint go gcaithfid so a n-aimsir ar fad do chaitheamh leis an obair. Iarrfad orraibh roinnt airgid a leaga amach chuige sin.

Búireo Conganta: Do réir órdú ón Aireacht, tá búireo curtha ar bun fén Roinn seo chun obair chonganta do rialú i dtreo is go mbeidh caidreamh ag gach Dúthaigh le gach dream go bhfuil airgead idir lámhaibh acu i gcóir na seirbhíse seo.

Imtheacht Thar Lear: D'éirigh go hanmhaith le n-ár n-iarrachtaí chun cosc do chur le himtheacht ár ndaoine óg as Eirinn. Tá iachall dá chur ar lucht na dticéidí géille do dhlí an tSaorstáit. Teasbáineann na figiúirí i gcóir mí na Bealtaine, mí an Mheithimh, agus mí Iúil tuitim siar mór i gcompráid leis an méid daoine a fhág an tír i rith na ráithe céanna na blianta so ghaibh tharainn.

[Translation].

The Republican Courts since the last Session have made some progress. Owing to enemy action—death and arrest of Justices and Officials—the Courts for a time fell into abeyance in many places. They are going again, however, in almost every part of the country, and ere long it is expected that they will be re-established and in such a strong position that no effort on the part of the British forces will be able to dislodge them. I must here pay a special tribute to a few districts which never for a day ceased to carry on their work. I refer particularly to North and South Longford, North City of Dublin, Cork City and parts of Cork County, East Limerick, and East and West Clare.

The Republican Police have been established practically throughout the entire country. This force is certain to prove an efficient arm of the Government in the maintenance of order and in the execution of Court Orders. The work of the Brigade Police Officers will be heavy and responsible, and I propose to make these men whole-time officials. For this purpose I shall move for a vote.

In accordance with a decision of the Ministry, a Bureau has been established under this Department for the purpose of co-ordinating Relief Work by keeping each District in touch with the different bodies having control of moneys for Relief.

Steps which have been taken have had a very good effect in checking the flow of young people out of Ireland. Emigration Agents are being made to comply with the law of the Republic. The figures for the months of May, June, and July, whilst not absolutely satisfactory, show a decided falling-off when compared with the number of persons who left the country during the same period in former years.

Tairgim go ndéanfar díospóireacht ar an tuairisg seo ag an Siosón Príomháideach.

For very obvious reasons to every Teachta here, I think it is absolutely necessary we should refer discussion of this Report to the Private Session. Therefore I rise to propose this.

Aontuím leis sin.

Ceist curtha agus aontuithe.

Barr
Roinn