Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 17 Aug 1921

Vol. S No. 2

AIREACHT COSANTA.

Glaodhaim anois ar an Aire Cosanta chun cuntas a thabhairt dúinn.

Tá fhios agaibh ná fuil sé de nós agam cuntas a sgríobha cé go bhfuil sos cogaidh ann fé láthair. Is leór a rá go bhfuilim-se agus go bhfuil an Aireacht lán-tsásta le n-a bhfuil déanta ag an Arm go dtí so. Dubhairt an tUachtarán go bhfuilimíd ullamh chun bás d'fháil ar son an tSaorstáit, agus isé mo dhualgas a rá go bhfuil na hOglaigh ag seasamh taobh shiar den Dáil. 'Sea, agus déanfaimíd feasta gach uile iarracht chun sinn féin do neartú agus feabhas do chur ar an obair. Ní chun bheith ag bagairt atá mé á rá so, ach ní misde é rá. Ní cuirfear siar sinn le bagairt Sheáin Bhuidhe ná le bagairt ó éinne eile.

Tairgim go ndéanfar díospóireacht ar an tuairisc seo ag an Siosón Príomháideach. Tá fhios againn ná beadh sos cogaidh ann mara mbeadh obair na hAireachta Cosanta.

Aontuím leis sin.

Ceist curtha agus aontuithe.

Barr
Roinn