Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 May 1922

Vol. S2 No. 12

REPORT OF THE DEPARTMENT OF EDUCATION.

I move the adoption of the Report.

I second that.

Question put and agreed to.

Ba mhaith liom a fháil amach ó Aire an Oideachais cad tá á dhéanamh aige chun an scéim a chur i bhfeidhm a bunuíodh i 1920 chun an Gaedhilg do leatha. Chó maith is is cuimhin liom do cuireadh seacht míle púnt i leataoibh dhá bhliain ó shoin i gcóir na scéime sin. Bhíomairne go bhfuil spéis againn i gcúis na Gaedhilge chun an scéim do chur i bhfeidhm nuair a chur fórsaí Rí Shasana isteach orainn. Do ghabhadar seisear nó mórsheisear dár dtimirthí agus do thuit an scéim ar lár dá dheascaibh sin. Ach cheapas nuair a tháinig an sos cogaidh go ndéanfaí rud éigin. Ach do dineadh atharú san Aireacht agus do ceapadh Aire nua Oideachais, fear atá go mór i bhfabhar na Gaedhilge agus tá fhios agam go maith gur mian leis cabhrú leis an nGaedhilg. Bhíos ag fiafruí cúpla mí ó shoin cad-a bhí á dhéanamh chun scéim 1920 do chur i bhfeidhm agus dubhradh liom ná raibh éinní á dhéanamh. D'fhéadfadh na sagairt mórán cabhrach a thabhairt dúinn sa scéal san mar go bhféadfaidís an scéim seo do chur os cóir na ndaoine go bhfuil Gaedhilg aca agus iad a mhealla chun í do labhairt leis na leanbhaí. D'fhéadfaidís a insint dóibh ón altóir go mbeidh comortaisí ar siúl agus go mbeidh duaiseanna le tabhairt do sna leanbhaí óga as Gaedhilg do labhairt. Tá fhios ag an Aire cad tá sa scéim agus ba mhaith liom a fháil amach an bhfuil sé chun í chur i bhfeidhm an samhra so; mar is gearr go mbeidh na feiseanna ar siúl agus is ag na feiseanna seo a bhíomair chun na comórtaisí seo do bheith againn.

Mara bhfuil aon cheist eile le cur, freagród é sin anois. Tá an freagra anso sa tuarasgabháil a chuireas isteach. Do tosnuíodh ar an scéim seo i 1920, agus táthar á cur i bhfeidhm anois. Tá ochtar timthirí againn sa Ghaeltacht agus táimíd chun tuille aca do chur ag obair. Táimíd chun a fháil amach an mó múinteóir atá ar fáil agus an mó scoil atá ann ná fuil an Ghaedhilg á múine ionta ach inar bhféidir í chur á múine. Ba cheart múinteóirí go bhfuil an Ghaedhilg aca do chur ag obair sna scoileanna sa Ghaeltacht. Gheobhmíd amach an mó múinteóir atá in án an Ghaedhilg a mhúine is féidir a chur chun na Gaeltachta. Maidir leis an gcuid den scéim a bhanieann le duaiseanna cuirfar ar siúl í anois agus gheobhmíd a thrí oiread airgid ar son na Gaedhilge agus a fuaireamair riamh cheana. Tabharfam níos mó airgid don scéim seo. Beidh sé deacair ina lán áiteanna a dhéanamh amach cad iad no líonta tighe is fearr chun na Gaedhilge, ach féadfaimíd a dhá oiread airgid a chaitheamh leis an scéim sin i mbliana. Sin a bhfuil ann agus cuirfar i bhfeidhm é.

An bhfuil fhios ag na sean-daoine go bhfuil an Ghaedhilg aca go mbronnfar na duaiseanna seo?

Tá a fhios aca go léir go dtabharfar £25 do sna líonta tighe is fearr chun na Gaedhilge. Agus beidh orainn níos mó airgid do thabhairt uainn i mbliana chun an scéim do chur ar aghaidh.

Barr
Roinn