Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Friday, 9 Mar 1923

Vol. 2 No. 40

CEISTEANNA—QUESTIONS. [ ORAL ANSWERS. ] - CEIST I DTAOBH PRIOSUNACH.

A fhiafruidhe den Aire um Chosaint an Féidir leis anois freagra iomlán do thabhairt ar na ceisteanna i dtaobh príosúnach éigin i gCo. na Midhe do cuireadh air an tseachtain seo thart .i. ceisteanna a 11 is a 14 a bhí ar Riar na hOibre, Deardoin, 1 adh Márta; agus fós an féidir leis an Aire freagra iomlán do thabhairt anois ar cheist a 13 a bhí ar Riar na hOibre, Déardaoin, 1adh Márta.

I dtaobh a 11 agus a 14, níl an t-eolas againn fós. I dtaobh a 13, do gabhadh Mac Uí Chormaic toisg go raibh amhras againn air. Do tógadh chun siubhail é ach nuair a deimhnigheadh ná raibh cúis againn air, do sgaoileadh é. Ní heol dom gur tugadh aon mhasladh dho, ach má dheimhnigheann an Teachta gur tugadh masla dho cuirfead ceist mar gheall air.

Goidé an fáth nach bh-fhuil an t-eolas sin agat.

Tá droch-amhras againn ar a lán daoine sa tír—agus gabhaimíd cuid aca mar gheall ar an amhras san ach ní fhágann san gur ceart an chúis amhrais sin do rádh go puiblidhe.

Barr
Roinn