Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Friday, 27 Jul 1923

Vol. 4 No. 19

CEISTEANNA—QUESTIONS. [ ORAL ANSWERS. ] - TEIDIOL I mBEURLA.

de'n Aire um Ghnóthaí Dúithche cé an fáth go bhfuil na focla "Civic Guard Station" i mBearla os cionn an dorais ar árus na nGárda Síochána i gCathair na Gaillimhe, i gceart-lár na Gaedhealtachta; cé an fáth nách bhfuil focla i nGaedhilg ar an mbearraic seo; agus an dtabharfaidh an t-Aire ordú anois chun na focla Beurla do sgrios amach agus focla Gaedhilge do chur suas i n-a n-ionad.

CAOIMHGHIN O hUIGIN

Bhi an t-átreabh á dheisiú le déanaí agus nuair a bhí an deisiúchán a chríochnú ag an gconnrathóir, do chuir sé suas na focail dá dtagartar i gan fhios do Lucht Ceannais an Ghárda agus gan a gcead d'fháil. Táthar ag féachaint chun an scéil anois.

Barr
Roinn