Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 May 1926

Vol. 15 No. 13

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - IARRTAS AR PHINSEAN MHILEATA.

D'fiafruigh

den Aire Cosanta ar fritheadh iarratas ar phinsean mhileata faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1925, ó Phádraic O Céidigh, Sail na hAbhna, an Spidéal, Co. na Gaillimhe; cé'n moladh a rinneadh i dtaobh an iarratais, no an bhfuil an t-Aire i ndán a rádh an mbeidh an pinsean le fághail ag an iarrthóir.

Táthar tar éis iarratais fé Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924, d'fhághail ó Mac Uí Chéidigh. Tá Bórd na Meastóirí tar éis a asgabháil ar an iarratas san do chur dtuarchugham. Tá fé bhreithniú agam fé láthair an ndeonfar deimhniú Seirbhíse Mhileata dhó, agus, má cheaduigheann an t-Aire Airgid é, an ndeonfar pinsean dó. Tá súil agam go bhféadfad toradh an bhreithnithe do chur chun Mac Uí Chéidigh go luath.

Barr
Roinn