asked the Minister for Local Government and Public Health what is the number of houses built in the Free State since 1922, and the number of families living in one-room tenements in Dublin at present; and what is the total number of houses the Minister estimates should be built in the Free State to solve the housing problem.
CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - ERECTION OF HOUSES IN SAORSTAT.
Sé an méid tithe ar fad a togadh le Cabhair Stáit fé Achtanna na dTithe ó 1922 anuas na 9,597 (naoi mile, cuig cead, nocha a seacht). Tá 3,858 (trí mhile, ocht gcead, caogad a hocht) sa mbreis da dtogaint ach gan iad a bheith criochnuighthe fós. Níl aon eolas agam ar an méid tithe a togadh ag lucht an Choimisiúin Talmhan, ná gan Cabhair Stáit, ag daoine priomhaideacha. Do réir an Mhorairimh is deanaí tá 18,932 (ocht mile deag, naoi gcead, triocha a dó) de lionta tighe ina gcomhnai i dtionontachain aon tseómra i mBaile Atha Cliath. Lionta tighe de bheirt isea 5,312 (cuig mhile, tri chead agus a do dheag) diobh so, lionta tighe de thriúr isea 4,224 (ceithre mhile, dha chead, fiche a ceathair) diobh agus lionta tighe do cheathrar no níos mó isea an 9,396 (naoi mile, tri chead, nocha a se) eile. Meastar gurb é an méid tithe breise ar fad is gá a thogaint sa tSaorstát chun tithe a ndóthain do sholathar do sna daoine go léir na 30,000 (triocha mile).