Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Nov 1927

Vol. 21 No. 10

ORAL ANSWERS. - CLEACHTA NA GAEDHILGE IN OIFIGI RIALTAIS.

D'fhiafruigh

den Aire Airgid cad iad na rudaí atá á ndéanamh chun cleachtadh na Gaedhilge do spreagadh in Oifigí Rialtais; an gceaduightear do gach Stát-Sheirbhíseach ag a bhfuil an Ghaedhilg cómh-sgríbhne eadar-rannóige agus eadar-roinne do dhéanamh i nGaedhilg; má cuirtear aon bhac ar a leithéid do bheart cad fé ndeár an bac san agus an ar mhaithe leis an Gaedhilg é; agus an dtabharfar órdú gan cur isteach do dhéanamh ar shaor-chleachtadh na Gaedhilge i gcursaí cómh-scríbhne eadar-rannóige agus eadar-roinne.

Ní foláir do gach duine nua a thagann isteach sa Stát-Sheirbhís eolas a bheith aige ar an nGaedhilg agus ní glacfar le héinne tar éis a threimhse thastála ná beidh ar a chumas an Ghaedhilg do labhairt go maith. Tá sé ar intinn agam ordú do chur amach go luath chun na Seirbhíse ina luadhfar an méid eolais ar labhairt na Gaedhilge go mbeithfear ag súil a bheidh acu se atá fé thástáil agus déarfar leo, agus fós leis na hoifigigh eile ag a bhfuil an Ghaedhilg, úsáid do dhéanamh di ina ngnáth-obair. Ní miste dhom a rá, leis, go bhfuil ag roinnt de sna Stát-Sheirbhísigh cumann ina bhfuilid ag foghluim conus an Ghaedhilg d'úsáid ina gcuid oibre. Fé mar a tuigfar níl ag furmhór na Stát-Sheirbhíseach atá ann anois agus ní deallrathach go mbeidh aca san choíche leor-eolas ar an nGaedhilg chun có-fhreagarthas oifigiúil do dhéanamh sa teangain sin, agus cé ná fuil aon bhac ar úsáid na Gaedhilge i gcásanna ina bhfuil sí ag gach duine a dheighleádlann leis an gcó-fhreagarthas is léir nárbh fhéidir gnó do dhéanamh dá mba gur i nGaedhilg a scrífí chun oifigigh gan Gaedhilg.

Barr
Roinn