Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Nov 1927

Vol. 21 No. 10

ORAL ANSWERS. - CEARDAS AN BHAININ I dTIR CHONAILL.

D'fhiafruigh MICHEAL OG MAC PHAIDIN

den Aire Iascaigh an dtig leis eolas ar bith a thabhairt uaidh cia'n uair a bheidh Cigire na nDéantus Tuatha ag dul go Tír Chonaill leis na ceárdaisí tuatha, go fíor-speisialta ceárdas an bháinín, d'aithbheódhadh san Chontae sin agus margadh d'fhághail dóibh.

Seachtmhain no dó o shoin togadh cigire na nDéantús Tuatha do'n Roinn seo agus nuair a béidh sé tar éis Coimisinéirí na Stát Sheirbhíse do shásamh, maidir le aos agus sláinte, líonfhar an post láithreach baill.

Barr
Roinn