Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Nov 1927

Vol. 21 No. 10

ORAL ANSWERS. - BAILTE CHLUAIN CHORRAIGH.

D'fhiafruigh DOMHNALL UA BUACHALLA

den Aire Iascaigh an raibh fhios aige, nuair a bhí bailte Chluain Chorraigh dá roinnt, go raibh iarrataisí istigh ag cuid mhaith óganach sa chomharsanacht a bhí oireamhnach ar gach slighe ach ná fuaireadar aon talamh, cé go bhfuair daoine áirighthe ó iarthar agus ó dheisceart na tíre oiread agus dhá chead acra an duine, agus go bhfuair duine acu so teach breagh, freisin; agus ar dineadh cás na bhfeirmeoirí beaga sa chomharsanacht do bhreithniú nuair a bhí an talamh so dá roinnt.

Do dhin Coimisiún na Talmhan na tailte neathionóntuithe ar estát Bharúin Chluain Chorraigh i gContae na Midhe agus i gContae Chill Dara do cheannach chun cuid acu d'úsaid chun malraid gabhaltaisí do sholáthar do dhaoine a haistríodh o Cheanntracha ro-thionóntuithe, malraid ar thailte a bhí ag teastáil go géar chun fuascailt do dhéanamh ar an ro-thionóntacht san.

Do roinneadh timpeal 600 acra ar 24 iarrthóirí as an áit agus do roinneadh 1,438 acra ar ochtar a haistriodh mar mhalraid ar 2,027 acra a bhí aca cheana.

DOMHNALL UA BUACHALLA

An bhfuil a fhios ag an Aire gur daoine macánta iad so atá ar lorg talmhan, daoine a bhíonn ag obair o cheann ceann na bliana ag iarraidh slighe maireachtain do bhaint amach; go bhfuil duine aca sa dar b'ainm Niochlás Buitléir agus cé nach bhuil aige ach trí acra talmhan móna, tá suas le ocht mbeithigh déag agus dhá chapall ag inbhior aige ar gabhaltas a chomharsan, gur íoc sé mar costas ortha anuiridh naoi bpuint dathad—cios feirme maithe?

Nach doigh leis an Aire go dtuillfheadh a leithéid d'fhear cuid den talamh atá i gceist agus an ndéanfaidh sé rud dá réir?

Ceist eile isea é sin.

Ceist eile é sin; cuir síos é mar cheist fé léith.

Barr
Roinn