Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 8 Mar 1928

Vol. 22 No. 9

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - TALAMH DO ROINNT (CO. CHILL DARA).

D'fhiafruigh

DOMHNALL UA BUACHALLA

den Aire Iascaigh an bhfuil aon ní á dhéanamh aige chun talamh eastáit Chluain Chorraigh i mBaile Nuadh i gCo. Chill Dara do roinnt ar na daoine a bhfuil sé ag teastáil uatha; an fíor gur eirigh fear darab ainm Prendergast as an fheirm —cúpla céad acra—afuair sé le déanaí; agus an dtabharfar an méid sin féin do sna daoine seo.

Tá breithniú agus socrú á dhéanamh ag Coimisiún na Talmhan fé láthair i dtaobh conus a deighleálfar leis na tailte atá gan roinnt ar Estat Chluain Chorraigh. Ní fíor é gur eirigh fear darb ainm Prendergast as an bhfeirm a tugadh do le déanaí.

DOMHNALL UA BUACHALLA

An bhfuil fhios ag an Rúnaí, um an am go mbeidh an cheist seo na hiasachtaí réitithe ag an Aire, go mbeidh se ródhéanach do sna feirmeoirí aon rud fónta do dhéanamh chun a gcuid talmhan do chur i gcóir—chun síol do chur agus a leithéid.

Dubhras leis an Teachta gur shocruigheam ar cheana i dtaobh na bhfeirmeoirí a bhí oiriúnach.

DOMHNALL UA BUACHALLA

Sin é is dó leis an Rúnaí.

Barr
Roinn