Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 23 May 1928

Vol. 23 No. 16

CEISTEANNA—QUESTIONS. Oral Answers. - AIS-IOC IASACHT DHÁIL EIREANN.

D'fhiafruigh

den Aire Airgid céard atá ghá dhéanamh aige chun iasacht Dháil Eireann, 1919-20 d'ais-íoc; agus cia'n t-am a bheidheas an iasacht ar fad aisíoctha; agus céard tá ghá dhéanamh aige chun ainmneacha na ndaoine a d'íoc agus nár cláruigheadh do bhailiú agus do chlárú.

Tá oifig faoi leith im Roinn-se agus gan de chúram ar an oifig sin acht aire do thabhairt d'Aisioc Iasacht (Intíre) Dáil Eireann. Gn nuige seo do híocadh suas le 70,000 iarrtaisí. Tá iarrtaisí ag teacht isteach ina gcéadta fós agus ó tharla nár socruigheadh cad é an lá deiridh i gcóir iarrtaisí ní feidir a rádh cé'n uair a bheidh iomlán na h-oibre déanta.

Maidir leis an gcuid deiridh den cheist, tathar tar éis i iarraidh ar dhoine áirithe do bhailigh airgead don lasacnt na páipéirí bunaidh a bhí aca do chur isteacht acht ins gach cás, nach mór do fuarasthas amach nach raibh na paipéirí sin le fháil anois. Do friothadh roint liostaí d'ainmneacha agus de sheolta daoine do thug airgead uatha acht is amhlaidh do cuireadh na liostai sin le chéile de réir cuimhne na mbailightheóirí i gcás nách féidir go minic iarrtaisí ó dhaoinibh ins na ceantair sin do dhéimhniú gan á lán dá dhuadh.

Do tháinig na milte iarrtaisí do dtí an Roinn agus tar éis iad do bhreithniú do fuarathas amach nách é Iasacht (Intire) Dhail Eireann a bhí i gceist in aon chor acht Iasachtaí eile ar fad.

Tá gach nidh is féidir dhá dhéanamh chun cabhruithe leis na daoine do thug sintiuisi uatha agus chun an obair go léir do chríochnú chómh tapaidh agus is féidir é.

D'iarrfainn ar an Teachta féachaint ar an bhfreagra do thugas, an 15adh la de Mhí Feabhra seo caithe, ar an Teachta Ó Cruadhlaoich i dtaoibh an sgéil cheanna.

An bhfuil fhios ag an Aire go raibh cead ag Teachtaí de'n Tigh seo dul isteach 'san oifig agus ainmneacha, uimhreacha agus áiteacha na ndaoini d'íoc do fheiceáil agus ce'n fá ná fuil cead ag na Teachtaí é seo do dhéanamh anois?

Níl fhios agam conus mar atá an sgéal i dtaobh an cheada san. Ba chóir do'n Teachta ceist do chur ar an Aire Airgid mar gheall ar sin.

Ba mhaith liom freagra d'fháil ó'n Aire Airgid ar an gceist sin.

Tá an Coiste um Nós Imeachta agus Príbhléidí ag dul isteach san gceist sin fá lathair.

Ba mhaith liom an cheist do phléidhe ar an ath-ló.

Bhí an cheist os cóir an Choiste um Nós Imeachta agus Príbhléidí agus dubhras leo go labharfainn féin leis an Aire mar gheall ar an sgéal go.

Barr
Roinn