Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 23 May 1928

Vol. 23 No. 16

WRITTEN ANSWERS. - CUSTOM AR BEITHIDHIGH.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an bhfuil fhios aige nach foláir dos na feiliméirí in áiteanna áirithe custom a íoc le daoine príobháideacha ar na bheithidhigh ar fhágaint an aonaigh dhóibh, agus an mian leis an Aire Bille a thabhairt isteach, más gabhadh é, chun deire a chur leis an nós sin.

Sé an freagra atá ar an gcead chuid den cheist na go bhfuil fhios san agam. Do cuirti aontai ar bun tré leitreacha paitinne agus imeasc an gceart aonaigh a bronntar ar an gcaoi sin tá an ceart chun custuim do ghearra agus do bhailiú. Níl de chomhacht agamsa maidir le haontai ach comhacht chun na hatharuithe is mian le hunaeri aonach a deanfai ar laetheanta agus ar aiteanna tionólta aonach do cheadú. Measaim gur don Roinn Tailte agus Talmhaíochta an cheist úd an gádh deire chur leis an nós a luaidhtear.

Barr
Roinn