Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 24 May 1928

Vol. 23 No. 17

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - CUITEAMH AGUS COINGEALLACHA.

D'fhiafruigh

MICHEAL OG MAC PHAIDIN

den Aire Airgid cia mhéid Aithne Cúitimh a rinneadh faoi Alt 10 den Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923, i gContae Dhún na nGall agus a raibh coingeallacha ag gabháil leo á chur mar oibliogáid ar na daoine a fuair cúiteamh amhlaidh foirgneamh no foirgintí nua (a) do réir an choingill lán-ath-shuidhimh, agus (b) do réir an choingill athshuidhimh leathrannaigh, do thógáil in ionad na bhfoirgneamh a díobháladh: cia mhéid duine a fuair cúiteamh agus nár choimhlíon na coingeallacha a bhí ag gabháil leis na hAitheanta Cúitimh a rinneadh; agus goidé dhéanfas an t-Aire mara gcoimhlíontar na coingneallacha go léir.

Do deireadh aon aithne déag is fiche (31) i gContae Dhún na nGall agus coingheallacha lán-ath-shuidhimh ag gabháil leo. Níor deineadh aon aithne go raibh coingheall ath-shuidhimh leath-rannaigh ag gabháil lei. Tá deire déanta maidir le naoi gcinn déag des na h-aitheantaibh úd; tá obair na tógála beagnach críochnuithe i gceithre cásana eile acht tá suimeanna beaga airgid ann ná díolfar go dtí go gcuirfear críoch leis an obair. Tá ocht gcásanna eile le h-áireamh agus de réir mar is eol dom Roinn-se níor deineadh éinní fós chun na foirgintí d'ath-thógáil. Maidir leis an gcuid deiridh den cheist deineann mo Roinn-se ó am go h-am daoine do spreagadh a thugann faillighe san ath-thógáil. B'fhéidir go mbéadh orm ar deire thiar a iarraidh ar an Oireachtas bille do rith go mbéidh de chuspóir aige aitheanta do chur ar neamhnidh nó do laigneadú pé áit ina ndeintear moill thar fóir. Ní doigh liom go bhfuil gádh leis an ngníomh san go fóill, áfach.

Barr
Roinn