den Aire Airgid an ndéarfadh sé cadé an chúis ná haisíoctar le hAine Ní Chinnéide, Cloch a' Rinnce, Magh Bhealaigh, bannaí ba le n-a máthair nach maireann, cé gur cuireadh isteach chuige Roinn an Airgid fadó samhail de chríoch-léiriú maoine a máthar.
CEISTEANNA—QUESTIONS. WRITTEN ANSWERS. - BANNAI d'AISIOC.
D'fhiafruigh
DOMHNALL UA BUACHALLA
Do fuarathas ó Aine Ní Chinnéide iarratas go n-aisíocfaí léi síntiús £5 do thug a máthair nach maireann .i. Bríghid Bean Uí Chinnéide, Cloch a' Rinnce, Mágh Bhealaigh d'Iasacht Intíre Dháil Eireann. Do sgríobheadh chun Aine Ní Chinnéide dá iarraidh uirri críochléiriú maoine a máthar nó teistiméireacht chun estáit a máthar do riara a sheoladh chuig an Roinn. Ní bhfuarathas aon freagra uaithe, áfach. Nuair a gheobhfar an sgríbhin uaithe, cuirfear Cárta Coigiltis ag triall ar ionadaí pearsanta an duine mhairbh chomh luath agus is féidir san.