Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 27 Jun 1928

Vol. 24 No. 11

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - ESTAT DO ROINNT.

D'fhiafhruigh

den Aire Iascaigh an bhfuil sé socair ag Coimisiún na Talmhan—nuair a bhéas Estát Lewis, Gráig na Muilte Iarainn, Co. na Gaillimhe, dá roinnt—gan Henry H. Lewis (uncal agus feadhmanach don Tighearna, Talmhan) d'fhágaint i seilbh aon choda den Estát san i mBaile Gabhann, ná i nGort na Cille ná ar aon roinn eile den Estát san.

Tá ar aigne Coimisiún na Talmhan tailte Ghort na Cille, ina bhfuil 142a. 1r. 29p. agus atá ar seilbh ag H. H. Lewis, mar unaer, do thógaint maraon le trí gabhaltaisí i mBaile Gabhann, ina bhfuil 346a. 2r. 10p., agus atá ar seilbh aige mar thiononta ar Estát J. H. Lewis, agus le n-a bhfuiltar ag déighleáil fén Acht Talmhna, 1923, ach, go dti go mbeidh na himeachta chun na tailte do thógaint críochnuithe, ní féidir a rá an bhfánfidh aon chuid de sna tailte ina sheilbh no na fánfidh.

Barr
Roinn