Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 17 Jul 1928

Vol. 25 No. 5

(CEISTEANNA—QUESTIONS). (ORAL ANSWERS). - DREINEALA LOCH OIRIB.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an bhfuil fhios aige go bhfuil baoghal ann go loitfar an riar uisce do chathair na Gaillimhe de bharr an port ar a dtugtar an Terryland Embankment bheith dá lot ag na tuilte i Loch Oirib; agus an mian leis an Aire dul i gcomhairle leis na Ranna eile go mbaineann an sceul leo d'fhonn congnamh airgid idir iasacht agus deontas do thabhairt do Bhord-Dréineála Loch Oirib leis an bport sin do dheisiú.

Taobh amuich de leitir a fuarthas ón dTeachta ar an 12adh lá den mhí seo, nior cuireadh aon aithris chúise i dtaobh na ceiste seo chun mo Roinnese. Ceist isea í seo do Bhord Dréineála Locha Oirib, ar an gcead dul sios, agus, ina dhiaidh sin, d'Oifig na nOibreacha Puiblí agus táthar tar éis aithris chúise an Teachta do chur chun na hoifige sin.

Barr
Roinn