Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 10 Oct 1928

Vol. 26 No. 1

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - FIABHRAS I LEITIR MHOIR.

D'fhiafruigh

den Uachtarán an eol do go bhfuil fiabhras ar siubhal i Leitir Mhóir, Gaillimh, agus gurab é bochtanas na ndaoine is mó fé ndeár leathadh an ghalair sa cheanntar; agus na ndéarfaidh sé cad tá ceaptha ag an Rialtas chun fóirthint ar mhuinntir an cheanntair agus ar mhuinntir uile na Gaedhealtachta.

Níl fiabhras ar siubhal i Leitir Mhóir. Tugadh roinnt bheag cásanna d'Fhiabhras Breac fé ndeara i Mí Iúil seo caithte ach ní raibh sé ach i dhá líon-tighe. Do dineadh láithreach fé stiúrú Chigire Dochtúireachta na Roinne an méid a dintar de ghnáth i gcásanna den tsórt so chun cosc do chur leis an bhfiabhras, agus níor leath sé in aon chor.

Barr
Roinn