Ba mhaith liom cur síos ar Vótanna 45, 46, 47, 48 agus 49, agus gan bheith ag cur síos ortha ina gceann agus ina gceann. Má tá cead agam, dheanfaidh mé mar sin.
Caithtear breis agus 4½ milliún púnt ar chúrsaí oideachais sa stát so in-aghaidh na bliana, agus téigheann an costas sin i méid i ndiaidh a chéile fé mar a chuirtear brainnsí nua oideachais ar bun. Níl aon dul uaidh sin. Ní fuláir dúinn an t-oideachas is fearr a sholáthair d'aos óg na tíre, má's mian linn dul chun chinn. Ní mór féachaint chúige, ámh, go gcaithtear an t-airgead san ar an tslighe is feárr, go mbaintear oiread buntáiste as an suim mór airgid sin agus is féidir.
Dá bhrigh sin, samhluightear domhsa nár bhfearr rud a dheunfainn ná tagairt a dhéanamh do phoinntí áirithe in a bhféadfaí feabhas a chur ar gach roinn de'n oideachas—bíodh an feabhas san beag nó mór. B'fhusa go mór é sin a dhéanamh dá mbéadh fhios againn cad tá beartuighthe ag Aire an Oideachais fá mholtaí Choimsiún an Chéardoideachais do chur i n-éifeacht. Tá geallta aige Bille a thabhairt isteach i ndeire an t-samhraidh. Go dtí san, ní féidir plean ná scéim an oideachais do bhreithniú i gceart agus in iomlán. Tá lúb ar lár ann fá láthair. Tá na scoileanna leanamhacha agus na scoileanna cheárdoideachais i n-easnamh go fóill.
Anois, maidir le Bun-Oideachas, tá 5,500 scoileanna ann do leathmhilliún leanbhaí. D'admhuigh an t-Aire féin cúpla bliain ó shoin go raibh 350 scoileanna nua de dhíth orra, agus go raibh tuairim 500 scoil ró-bheag. Ba mhaith linn fios a bheith againn cad tá déanta i rith na bliana so caithte le scoileanna nua do thógáil nó le sean-scoileanna do dheisiú. Is mó an gábhadh atá leis an obair sin ó cuireadh iachall ar na leanbhaí go léir an scoil do thinnreamh. Dála an scéil, bhí áthas orm a clos go bhfuil toradh maith ar an reacht san ar fuaid an tSaorstáit.
I dtaoibh na leabhar scoile, dubhras, anuiridh go mba chóir coiste fé leith bheith i mbun na leabhar scoile—Béarla agus Gaedhilge. An rud ab fhearr im thuairimse b'é sraith leabhar do chur i n-eagar ar Roinn an Oideachais féin —rud a deineadh ag an sean-Bhord Náisiúnta—agus gan glacadh le h-aon leabhair scoile a cuirfí amach ag aon chomhlucht foillsightheóirí muna mbeidís ar aon dul leis an mbarr-shamhail sin. Tá leabhair scoile in úsáid fá láthair agus gan aon phioc de'n náisiúntacht ionnta, gan mórán tagairt d'Eirinn ionnta, in aon chor. Ní ceart san. Maidir le cuid de na leabhair staire, tá siad go dona, cuid acu contabharthach do spiorad na náisiuntachta. I dtaoibh na leabhair Gaedhilge, is olc an mianach atá i gcuid acu agus is measa an Ghaedhilg atá ionnta. Táthar ag gearán fá mhúineadh na matamaitice ins na scoileanna naisiúnta agus is dóigh liom go bhfuil bunadhas éigin leis an ngearán san. Ní deireann san nach ndeineann na h-oidí scoile a ndítheheall. Acht tá athrú mór tagaithe ar an dteagase so le roinnt blianta anuas agus níor cuireadh na h-óidí in oiriúnt chuige sin. Sé mo bharúil-se nár mhisde cúrsaí samhraidh, nó cúrsaí éigin, do chur ar bun i gcóir na múinteóirí sa matamaitice.
Tá deire curtha leis na cúrsaí samhraidh sa Ghaedhilg. Is dóigh liom féin go mba cheart leanamhaint dóibh go ceann dhá bhliain eile. Ar aon chuma, iarraim ar an Aire chur in iúl dúinn cad tá ar inntinn aige chur in ionad na gcúrsaí sin idtreo is go mbeidh ar chumas na múinteoirí teistiméireachtaí fhághail. Tá teisteas sa Ghaedhilg ag 7,500 as 13,300 múinteóirí ach cad mar gheall ar an 6,000 nach bhfuil teistiméireachtaí aca?
Ba mhaith liom-sa duine amháin de mhúinteóirí gach scoile bheith ina Ghaedhilgeoir ó dhúthchas, toise gur annamh a bhíonns rith na cainnte ag an té fhoghlaimeanns an Ghaedhilg agus é ina dhuine fhásta. An dtiocfaidh san as na coláistí ollmhucháin? Sin ceist. Dheineas clamhsán anuiridh nach sa Ghaeltacht a rugadh furmhór mór na mac léighinn a bhí ar na coláistí sin. Bhí áthas orm a chlos go bhfuil feabhas tagaithe ar an scéal sin ó shoin agus gur Gaedhilgeoirí ó dhúthchas a leath de's na daoine óga san anois, agus gur ag dul i líonmhaireacht a bheas an dream san feasta. Tháinig an t-athrú san as breis marcanna a thabhairt do labhairt na Gaedhilge. Is sa Ghaeltacht ba chóir na coláistí sin a bhunú. Ní fhéadfaí teach nó árus oiriúnach fhághail ar an bpoinnte dóibh go léir. Is dócha gur mian leis an Aire Coláiste Caoimhin agus Coláiste Móibhí a coiméad in Ath Cliath, acht tá coláiste i geóir na mbuachaillí i Magh Ealla—go sealadach. Cathaoin a aistreofar go dtí an Ghaeltacht é? Tá ceann eile i gcóir cailíní i Leitir Ceannain—áit nach bhfuil roGhaedhalach. Cathaoin a bhunófar sa Ghaeltacht é? Tiocfaidh 70 buachaillí agus 70 cailíní ó na coláistí sin gach bliain go dtí na coláistí múinteoireachta; tiocfaidh an meid ceudna ó n dream ar a dtugtar "pupil teachers," ag a mbíonn an Ghaedhilg go maith. Sin 140 buachaillí agus 140 cailíní. Sé méid na gcailíní a théigheanns isteach ins na coláistí múinteoireachta in aghaidh na bliana ná 150. Dá bhrigh san, níl acht 10 in casnamh. Gheobhfar an deichneabhar san tré scrúdú na Cásca.
'Sna coláistí múinteoireachta na mbuachaillí, tá 180 ag dul isteach gach bliain, nó 40-60 in easnamh, tar éis mic léighinn na geoláistí ullmhucháin agus na "pupil teachers" do choimhirimh—geobfar iad san tré scrúdú na Cásca. Maidir le stáid na Gaedhilge, ins na Coláistí Múinteoireachta, tá feabhas tagaithe ar Choláiste Pádruig. Ní raibh ach ollamh amháin ag a raibh an Gheadhilg annsin uair amhain. Tá ceathrar ollamhan ann anois atá in ann adhbhair léighinn a mhúineadh tréGheadhilg—agus atá á dheunamh san. Tá na Coláistí eile ag dul ar aghaidh go h-iongantach, go h-áirithe Carraig Dubh. Is tré Ghaedhilg a deintear an cuid is mó de'n obair ag Carraig Dubh. Sin mar ba cheart.
Admhuighthear go bhfuil coláiste eile ag teastáil i gcóir na gcailíní. Tá súil againn go mbunófar an Coláiste sin i nGaillimh—an baile mór is Gaedhealaighe sa tír, é ar theorainn na fior-Ghaeltachta. Cabhróchadh coláiste de'n tsaghas san go mór le Gaedhlú na cathrach san agus le h-obair coláiste na hOllscoile annsin. Thiocfadh leis na sgoláirí fosta a bheith ag cainnt le múinntear na Gaeltachta. Is iad na h-adhbhair léighinn atá riachtanach ins na scoileanna náisiúntacha ná Gaedhilg, Bearla, Matamaitice, Stair, Tír Eolas agus Amhránuíocht. Is maith an rud an amhránuíocht a bheith ann agus tá súil agam go mbaintear úsáid aisti le fuaimeanna na Gaedhilge do thabhairt amach i gceart. B'fhéidir go n-eosfadh an tAire duinn an méid scoil nach bhfuil ceól na amhránuiocht ghá theagasg ionnta.
Tá locht amháin le faghail ar mhuinntir na tíre seo—nách léigheann siad mórán, Gaedhilg nó Béarla. Ba choir leabharlainn do chur ar bun ins na scoileanna. Ní dó liom go bhfuil aon ní déanta mar gheall air sin go fóill.
Do deineadh a lán díospóireachta annso indiu agus indé fá cúrsaí sláinte puiblí agus a ngabhann léi. D'fheudfadh na múinteóirí scoile na leanbhaí do theagase ina thaoibh, i dtaobh sláinte, i dtaobh glaine, agus i dtaobh dualgaisí na cathraigh-theoireachta, agus gan aon ceachtanna fá leith bheith ann ina gcóir sin.
B'fhéidir nár mhisde tagairt a dheunamh do na scoláireachtaí ó bhunscóil go meadhon scoil a bhronntar ag an Comhairlí puiblí. Ar an chéad dul síos, is do leanbhaí na mbocht a ceapadh na scoláireachtaí sin agus ba chóir féachaint chuige gurb iad na leanbhaí bochta a gheobhas iad. Déantar an obair go maith in Ath Cliath—go h-áirithe san chathair. Is iad na leanbhaí bochta a gheibheas na scoláireachta in Ath Cliath ach, fe'n dtuaidh, níl siad chó cúramach agus bá chóir doibh a bheith. Sa dara h-áirt, b'fhearrde an tír agus b'fhearrde na leanbhaí féin iad a chur go dtí scoil ceárdoideachais nó scoil chuireadóireachta. D'fheudfaí a rádh go mbéadh leanbh 14 bliain d'aois ró óg le dul isteach i scoil de'n tsaghas san. Bhéadh cuid den fhírinne annsin, acht d'feudfaí an scoláireacht de roinnt —dhá bhliain ar gnáth-scoil idirmheadhonaigh agus dhá bhliain ar scoil cheárd-oideachais, no scoil tighis agus cócaireachta, nó scoil chuiradóireachta. Tá obair mhaith den tseort san ghá dhéanamh i Ros Cré agus i gCill mac Coda agus in áiteacha eile agus ba cheart úsáid do bhainnt as na Coláistí seo.
Baoth-chainnt is eadh an chuid is mó de'n chainnt a bhi ann le goirid fá chearcalan a cuireadh amach i mbliana fá na coingeallacha a bhaineans leis na marcanna úd "éifeachtúil" agus "árd-éifeachtúil" d'fhagháil ag oide scoile. Ní tugtar marcanna fá leith do gach adhbhar léighinn anois agus níor bhfuláir rud éigin a chur in ionad an marc dúbálta a tugtaí do labhairt na Gaedhilge ó 1924 anuas. Ní mór na leanbhaí scoile bheith go "h-anamhaith" i labhairt an t-SacsBheurla agus i labhairt na Gaedhilge i ranganna 4—7, má's mian leis an múinteóir bheith "ana-éifeachtúil." Beatha aon teangan í labhairt agus dá fheabhas a labhartar í is amhlaidh is fearr an teagasc. Dár ndóigh deintear agus deunfar cóingheallacha áitiúla a thabhairt isteach agus ní baoghal do na múinteóirí. Ní gadh standard an Bhéarla a bheith chó h-árd i nDún Chaoin agus mar a bhéadh sé in Atha Cliath nó chó-h-Árd i nGaedhilg i gCountae na Midhe agus mar a bheadh sé i nDún Chaoin.
Labhras an lá fá dheire i dtaobh "Ciste Aoisliuntais na n-oidí scoile." Ní fhuair na Teachtaí Dála tuarasgabháil na n-inniúchthóirí fá'n gCiste sin, agus níl cóip den tuarasgabháil sa leabharlainn. Gidh go mbaineann an sceul san le Aireacht an Oideachais, is dlúithe a bhaineann sé le h-Aireacht an Airgid agus b'fhearr an sceul a chur ath-ló, dá dtabharfaí cead dúinn é pléidhe nuair a bheas meastachán an Aire sin ós ár gcomhair.
I bhfreagra a thug Aire an Oideachais ar cheist a chuireas air tuairim is mí ó shoin, dubhairt sé go bhfuil suas le 800 múinteóirí scoile ar phinsean agus fé bhun £70 an duine acu. Bheadh £21,000 de chostas ag baint leis an bpinsean san a árdú go £70 agus ní dóigh liom go mbeadh an tAire sásta é sin a dheunamh. Acht, go deimhin, is mór an náire níos lugha ná púnt sa tseachtmhain a bheith ag aon mhúinteóir a chaith a shaoghal ag obair ins na scoileanna.
Cím go bhfuil 1850 ban-chongantóirí ann—"Jams" a tugtar orra. Sé Mr. Starkie, Coimisinéir, a chuir isteach ins na scoileanna ar dtúis iad. Is fíor go bhfuil tuarasdal níos fearr go mór acu thar mar a bhíodh acht níl fhios agam an mian leis an Aire stáid na múinteóirí sin a fheabhsú. Rud eile dhe, an mbeidh an oiread ceudna díobh ag teastáil nuair a chuirfear an Amalgamation Scheme i n-eifeacht.
Ba mhaith linn, fréisin, colas beacht fhághail fá cé an stáid i dtaobh pinsin agus eile atá ag na múinteóirí so leanas: 450 cailíní atá ag múineadh ins na coinbhintí agus 160 fir i scoileanna na mBráthar.
B'ionmholta an rud é meadhon oideachas do sholáthairt d'aos óg na tíre agus tá's againn go caithfar é sin a dhéanamh i ndiaidh ar ndiaidh.
Maidir leis na meadhon scoileanna atá ann indiu, ba mhaith liom cur síos ar na roinntí seo leanas:— Cúrsaí matamaitice, cúrsaí startha, ceachtanna do scríobhadh agus d'foghluim sa mbaile, laetheannta saoire agus cúrsaí ceoil.
Maidir le Matamatice, bhí a lán daoine ag scríobhadh chun na bpáipéirí nuachta anuraidh agus an bhliain roimhe sin ghá rá go raibh na ceisteanna ar na páipéirí scrúduithe le h-aghaidh meadhon scoil ró-dheacair agus ró chruaidh agus ghá rá fós gur ghá céim iolscoile bheith ag duine chun bheith in ann iad do fhreagairt. Tamall ó shoin, chonnaic mé páipéar matamatice le h-aghaidh scrúduithe sa Ghearmáin. Agus cé go raibh sé ceaptha le h-aghaidh grád níos ísle, bhí na ceisteanna chó cruaidh agus an standard chó h-árd leis an Ard-Testiméireacht annso in Éirinn.
Tá atharú tagaithe ar mhódh múinteoireachta na Matamatice fé láthair. Is eagal liom nach bhfuil na múinteoirí matamatice san meadhon-scoileanna sáthach oilte, nó curtha in oiriúint, mar adéarfá chun matamatice do theagasc ar an tslí sin. Is é mo thuairim go bhfuil gá le cúrsaí chun na múinteoirí féin do theagasc cionnas na matamatice do mhúineadh.
Anois, i dtaobh staire, tá gearán le déanamh agam. Tá tréimhse áirithe leagtha amach i gcóir na bliana so agus na bliana so chugainn, agus na bliana ina dhiaidh sin. Agus mar gheall ar sin, ní féidir don mhac-léighinn an "perspective" nó an poinnte radhaire ceart d'fhagháil ar an stair. B'fhéidir go bhfaghann siad colas doimhin ar thréimhse áirithe ach ní fhaghann siad radhare iomlán, leathan ar an stair i geoitchinne. Sílim gur chóir cómhdháil lucht stiúrtha oideachais do thabhairt le chéile gach samhradh chun an cheist seo do phléidhe.
Rud eile de, is cuimhin liom seisear buachaill i mbaile mhór sa tír seo, timecheall 20 bliain ó shoin, agus d'éirigh leo "exhibitions" d'fhagháil de thora na scrúduithe Idirmeadhonacha a bhí ann san am. Laistigh de bhliain ó'n am san, bhí ceathrar aca ar casláinte. Bhí an cúrsa ró-chruaidh dóibh. Is dó liom go bhfuil an iomarca oibre le déanamh istoiche ag na micléighinn. Is dóigh liom gur cheart sos níos fearr do thabhairt dóibh. Tá aithne agam ar bhuachaillí atá ag dul ar scoileanna idir-mheadhonacha annso i mBaile Atha Cliath fá láthair, agus is éigin dóibh ceithre h-uaire oibre do dhéanamh sa bhaile tráthnóna. Ní ceart san agus níl sé ar mhaithe le sláinte na mac léighinn. Ní bhíonn ar mhacaibh léighinn na meadhon-scol, de réir na riaghalachaacht 130 laethe do chur isteach i mbliain scoile. B'fhearr, dar liomsa, na laethe saoire do ghiorrú agus níos lú oibre do thabhairt dóibh le dhéanamh sa bhaile istoiche. B'fhearr dóibh go mór bheith amuigh ag iománaidheacht nó ag imirt peile sa tráthnóna ná bheith ag obair ar feadh ceathair nó cúig d'uaire a chluig.
Mar gheall ar na cúrsaí i nGaedhilg, tá gearán le déanamh agam agus ag Aireacht an oideachais ar leathanach a 53 de thuarasgabhail na bliana 1927 i dtaobh na múinteóirí idir-mheadhonacha. Níor fhreastail siad na cúrsaí leath chó maith leis na múinteóirí náisiúnta. Measaim gur cheart dóibh dul ar na cúrsaí sin agus foghlaim cionnas abhair scoile do theagase tríd an Ghaedhilg.
Mar gheall ar cheol agus amhránaíocht san meadhon-scoileanna, tá tuairim 300 meán-scoil ann agus níl córacha ceoil ach i dtimcheall 15 de scoileanna na mbuachaillí. Is aidhbhéil an scéal san agus ba chóir iad do ghríosú.
Rinne mé tagairt anuraidh do theagase na Laidne i scoileanna na gCailín. Agus d'aontuigh Micheál Ó Tighearnaigh, Teachta, liom go raibh an scéal go dona. Ó shoin leith, tá feabhas tagaithe ar an scéal. Tá na cailíní ag tosnú ar an Laidin níos luaithe. Agus níl an oiread san "cram" agus a bhíodh chun an méid Laidne d'fhoghlaim atá riachtanach chun dul isteach san iolscoil. Tá ciall ag teacht chuca agus tá siad ag caitheamh bliana ar a luighead anois ag foghlaim Laidne sul a dtéigheann siad go dtí an Iolscoil. B'fhéidir gur cheart dóibh dhá bhliain nó trí do chaitheamh ag foghlaim Laidne sul a dtugadh siad fé dul isteach san Iolscoil. Ba mhaith an plean é sin dá mb' fhéidir a dhéanamh.
I ngach meadhon scoil sa tír, go h-áirithe sna coláistí, tá seo le tabhairt fá ndeara: go bhfuil dream mór nó dream beag ann nach bhfuil róchliste. "Heavy weights" is ea iad. Agus níl siad ach ag cailleadh aimsire agus ag cur isteach ar obair na scoile. Sé mo thuairim féin gur cheart clár speisiálta do leaga amach ina gcóir siúd. Dá mbéadh clár ann 'na mbéadh Gaedhilg, Béarla, Matamatice, Eolaíocht Tuaithe, "Manual Work" agus i gcóir na gcailíní tigheas agus cócaircacht—dá mbéadh dhá roinn den tsort san déanta ba mhaith an rud é. Má's rud é go bhfuil dhá mheánscoil í mbaile, cuir i gcás, ba cheart a iarraidh ar cheann aca na h-abhair léighinn seo agus curadóireacht agus eile do theagasc. Bhéadh sé níos feiliúnaí do na feirméirí.
Dintar a lán docair tré dhuaiseanna agus "exhibitions" do thabhairt, agus tríd fhoillsiú na nithe sin san páipéirí nuachta. Chó fada agus tá comórtas den tsaghas san idir na scoileanna, tabharfar aire speisiálta do sna buachaillí agus do sna cailíní atá cliste agus dintar faillí ionta siúd nach bhfuil.
I dtaobh na n-iolscoil, ba chóir go mbéadh fhios againn—b'fhéidir nach bhfuil sé ar chumas an Aire an t-eolas san do thabhairt uaidh—cad é an teacht-isteach díreach atá aca in aghaidh na bliana; cá mhéid airgead a caithtear ar gach ceann de sna coláistí iolscoile; agus fós cad é an méid díreach a caithtear ar gach roinn no brainse den léigheann i ngach ceann aca. Chonnaic mé in áit éigin go raibh beagnach 2,000 mac léighinn san Iolscoil Náisiúnta gan trácht ar Mhagh Nuadhad. Fuair 300 aca san an céim, "B.A." agus 41 an "B.Sc." Is doigh liom féin go bhfuil an iomarca B.A. ar fad sa tír, agus san am chéanna tá sé an-dheacair muinteoir maith matamatice d'fháil. Ní deirim ná go bhfuil roinnt mhaith de mhúinteóirí maithe matamatice sna scoileanna cheana féin, ach tá dith ann. Ba cheart, dar liom, scoláireachtaí fá leith do thabhairt do mhic léighinn a chlaoidhfeadh le foghlaim matamatice go speisialta.
Ba mhaith liom colas d'fháil cionnas atá an Roinn Curadóireachta a bunuíodh i gColáiste na hIolscoil i gCorcaigh ag dul chun chinn. Tugadh roinnt airgid do Choláiste na hIolscoile i nGaillimh chun é do Ghaedhealú. Táid ag lorg a thuille airgid anois agus ba cheart, dar liom, riail dhaingean a bheith ann a chuirfeadh in áirithe go gcaithfear an t-airgead san ar Ghaedhealú an Choláiste agus ní ar éinní eile.
Rinne mé tagairt cheana don cheist seo: An méid daoine a bheidh ag teacht amach as na Coláistí Múinteóireachta agus an Ghaedhilg go maith aca—cuid aca ó'n Ghaedhealtacht. Beidh cuid aca ag dul chun na hiolscoile. Cad tá á dhéanamh san iolscoil i mBaile Atha Cliath chun leanúint tríd an Ghaedhilg d'oideachas na mac léighinn sin? Tá fhios agam go bhfuil rud éigin á dhéanamh i nGaillimh agus i gCorcaigh ach níl fhios agam cad táthar a dhéanamh i mBaile Atha Cliath.
Rud eile, tá difríocht mhór idir an "Matriculation" agus scrúdú na hArd-Teistiméireachta. Dhéanfaidh aon cheann aca cúis chun cead d'fháil dul isteach san iolscoil. Tá i bhfad i bhfad níos mó léighinn agus eolais agus foghlama ag teastáil i gcóir na hÁrd-Teistiméireachta ná mar tá ag teastáil i gcóir an "Matriculation." Bá chóir an dá scrúdú do chur ar aon dul. Ba cheart scrúdú an "Matriculation" do dhéanamh níos cruaidhe. Tá cuid mhór daoine ag dul isteach san iolscoil agus nil siad in ann tairbhe do bhaint as an dteagase atá le fáil san iolscoil.