Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1931

Vol. 39 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Dréineáil do dhéanamh.

D'fhiafruigh

den Aire Tailte agus Iascaigh, o thárla nach féidir an mhóin do shábháil de bharr an uisge, an bhfuil sé ar aigne aige na portaigh ag Baile Iseal (Lowtown) agus ag Doire an Mhuilinn (Derrymullen) ar Estáit Aylmer, Uimhir a 4348, do dhréineál.

Do Díoladh Estáit Aylmer fén Acht Talmhan, 1903, agus do roinneadh na portaigh ar na tionóntaithe agus do chaith Coimisiún na Talmhan airgead ar dhréineáil agus ar bhóithre do dhéanamh. Nuair a bhítheas chun an airgid do tugadh do Choimisiún na Talmhan as an Vóta chun foirithine ar dhíomhaointeas agus ar gChátar do chaitheamh do breithníodh ar bhféidir tuilleadh dréineála agus deisiú bóthar do dhéanamh, ach fuarthas nár bhféidir cur chun na hoibre sin.

Barr
Roinn