Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Friday, 10 Jul 1931

Vol. 39 No. 15

In Committee on Finance. - Vote 69—Relief Schemes.

I move:

Go ndeontar suim ná raghaidh thar £1,000 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1932, chun síntiúisí i gcóir fóirithinte ar dhíomhaointeas agus ar ghátar.

That a sum not exceeding £1,000 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1932, for contributions towards the relief of unemployment and distress.

I will move the Supplementary Estimate and the two can be considered together:

Go ndeontar suim bhreise ná raghaidh thar £35,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1932, chun síntiúisí i gcóir fóirithinte ar dhíomhaointeas agus ar ghátar.

That a Supplementary sum not exceeding £35,000 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending the 31st March, 1932, for contributions towards the relief of unemployment and distress.

The reason for the Supplementary Vote is that the amount which it was expected to expend prior to 31st March was not in fact expended, and this £35,000, added to the amount of the Vote, will complete the £300,000 granted in the previous financial year.

Domhnall O Buachalla

Bhí suim airgid curthaí leath-taoibh le déanaí a Chinn Chomhairle, timpeall ocht gcéad púnt is dóich liom, i gcóir Contae Cilldara chun oibreacha do dhéanamh ann, oibreacha dréineála agus bóithre do dhéanamh. Tá an t-airgead soin caithte anois agus níl leath na n-oibreacha déanta; go deimhin, do bheadh an méid sin fé cheathair ag teastáil uainn chun na n-oibreacha do chur chun críche. Tá áiteanna fairsinge ar fud na Contae agus táid fé uisge fé láthair. Táid na barraí, na prátaí, coirce is eile fé uisge d'easba dréineála. Rud eile dhe, ní féidir leis na daoine an mhóin do thógáil amach ón bportach, agus is ar dhíol na móna is mó a sheasann a slíghe bheatha. Tá súil agam go mbeidh a thuille airgid le fagháil i n-a gcóir.

Ní dóich liom gur féidir a thuille airgid do chur ar leath-taoibh i gcóir Chill Dara. Ar dtúis do ceapadh oibreacha áirithe do dhéanamh annsan agus do cuireadh ar leath-taoibh roinnt airgid chun iad san do dhéanamh. Bhí oibreacha éigin le déanamh annso agus bhí oibreacha eile le déanamh annsúd. Déanfar na hoibreacha seo ach ní dóich liom gur féidir aon oibreacha eile do thosnú nách bhfuil tosnuithe cheana. Is dóich liom go mbeidh a thuille airgid ar fáil uair éigin i gcóir oibreacha ná fuil tosnuithe fós. Tá an t-airgead ceaptha i gcóir oibreacha atá á ndéanamh.

Domhnall O Buachalla

Mara bhfuil a thuille airgid le fagháil níl agam le rádh ach go mbeidh na daoine i gcruadh chás i rith an gheimhridh seo chughainn.

Questions agreed to.

Barr
Roinn