Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 15 Jul 1931

Vol. 39 No. 16

Written Answer

D'fhiafruighe

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an bhfuil fhios aige gur mhol an fo-choiste aitiúil i gCinn Mhara an pinsean (trí huaire) do Bhrighid Ní Dhonnchadha, Raithín, Gort Inse Guaíre (Uimhir Athchomhairc C. 8291), acht nach bhfuair sí an pinsean go fóill toisc gur chuir an Pinsean-Oifigeach ina choinnibh de bharr aoise, gidh go n-abrann na comhursain go bhfuil an bhean sin 74 bliana d'aois, agus go bhfuil móid-scríbhinn curtha isteach ag feilméir creidheamhnach dhá dheimhniú sin, agus an bhfeuchfaidh an tAire chuige go ndeunfaidh cigire eicínt an sceul so d'infhiuchadh.

Tháining an t-éileamh so os cóir Fo-Choiste Pinsin Chinn Mhara trí huaire. Do nea-lomháladar é ar an 24adh Márta, 1927, ach do lomháladar pinsean deich scilling sa tseachtain ar an 20adh Bealtaine, 1929, agus arís ar an 27adh Mí na Samhna, 1930. Níor tháining an chéad chás os mo chóir, ach sa dá chás eile do socruíodh ná féadfaí aon phinsean do lomháil, toisc ná rabhas sásta, do réir na fianaise do tugadh, gur cólíonadh an coinnióll reachtúil maidir le haois. Níl aon athchomharc fém bhráid fé láthair, agus, ar an abhar san, níl comhacht agam éinní do dhéanamh sa scéal.

Barr
Roinn