Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 3 Dec 1931

Vol. 40 No. 20

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bóithrín do Dheisiú.

D'fhiafruigh

den Aire Tailte agus Iascaigh—maidir le tionóntaithe áithride ar fheilm Ghleann na Sceithe (Glenaskehy), ar Estát Smythe, i gceanntar Bheul Atha na Sluagh—an bhfuil fhios aige go bhfuil an bóithrín chomh dona sin nach dtig leo siúd trucail d'aon tsaghas a thabhairt isteach go tí na gabháltaisí, agus nár deineadh an bóithrín sin do dheisiú ón lá a haistrigheadh ó estát Ussher iad; agus cathoin a cuirfear treo ar an mbóithrín le caoi a thabhairt do na gabhálaithe tairbhe a bhaint as a gcuid talmhan.

Ta Coimisiun na Talmhan ag deanamh fiosracháin i dtaobh an nidh da dtagrann an Teachta agus cuirfidh me sceal chuige nuair a fhaghaim an t-eolus.

Barr
Roinn