Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 26 Oct 1932

Vol. 44 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Leabhair Gaedhilge.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais an bhféadfadh sé innsint an mó leabhar Gaedhilge atá idir lámhaibh ag Coiste na Leabhar agus gur díoladh deóntais asta (a) roim deire na bliana 1930 agus (b) roim deire na bliana 1931, agus cathain a bheidh na leabhair sin le fáil ag an bpobal.

Tá 68 leabhra Gaedhilge idir lámhaibh ag an Roinn Oideachais fé láthair gur díoladh deóntaisi asta roimh deire na bliana 1930, agus 87 gur díoladh deóntaisi asta roimh deire 1931.

Táthar ag súil go mbeidh 50 de na leabhraibh seo ar an margadh roimh deire Meán-Fhomhair, 1933, agus go bhfoillseofar an fuighleach roimh deire 1934.

Barr
Roinn