Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 26 Oct 1932

Vol. 44 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Airgead a deonadh fé Achtanna na dTithe.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadé méid iomlán an airgid a deonadh fé Achtanna na dTithe, 1925-1931, (a) d'údarásanna áitiúla, (b) do dhaoine príobháideacha, agus (c) do chumainn mhaitheasa puiblí go dtí 30adh Meán Fhómhair, 1932, agus cadé méid iomlán na dtithe a ceaduíodh do gach dream aca san do thógáil fé sna hAchtanna san go dtí an dáta san.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadé méid iomlán an airgid a deonadh (a) fé Achtanna na dTithe, 1925-28, (b) fé Achtanna na dTithe, 1929-30, agus (c) fé Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931, sna sé mí dar chríoch 30adh Meán Fhómhair, 1932, (i) d'udarásanna áitiúla, (ii) do dhaoine príobháideacha, agus (iii) do chumainn mhaitheasa puiblí agus cadé méid iomlán na dtithe a ceaduíodh do gach dream aca san do thógáil fé sna hAchtanna san i rith na tréimhse sin.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadé an méid de sna tithe a ceaduíodh (a) d'údarásanna áitiúla, (b) do dhaoine príobháideacha, agus (c) do chumainn mhaitheasa puiblí do thógáil fé Achtanna na dTithe, 1925-1931, a bhí críochnuithe an 30adh Meán Fhómhair, 1932.

Táim ag tabhairt freagra ar na tri ceisteanna so le cheile. O's rud é gur gá táibhlí fada figúirí chun na gceisteanna so d'fhreagairt, ba chaothúla dom' Roinn-se cóip des na táibhlí sin do chur chun an Teachta trid an bpost. Má bhíonn an Teachta sásta leis sin, bheidh athas orm na figúirí do chur chuige chó luath agus is féidir é.

Táim sásta. Cathain a bheidh na figúirí agam?

Ní dóich liom go mbeidh cuid acu réidh go ceann tamaill ach beidh an chuid is mó acu réidh i gcionn seachtaine.

An gcuirfidh an tAire na figúirí atá aige ag triall orm an tseachtain seo?

Cuirfidh mé chuig an Teachta iad chó luath agus is feidir é.

Barr
Roinn