Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 26 Oct 1932

Vol. 44 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tairisginti chun bóthar a dheanamh.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí ar dhein sé ón ladh Abrán, 1932, aontú le haon Udarás Aitiúil do ghlacadh le haon tairisgint chun bóthar a dhéanamh nárbh í an tairisgint ba shaoire í agus má dhein an ndéarfa sé cad ba fáth leis an aontú san, cadé an obair a bhí le déanamh, cadiad na mion-innste bhí sa tairisgint le n-ar glacadh agus cadiad na mion-innste bhí sna tairisgintí ní ba shaoire ná í agus nár glacadh leo.

Bhí dhá chás ann ná dearnas aon chur i gcoinnibh glacadh le tairisgintí nárbh iad na cinn ba shaoire iad, mar atá,

(1) Do ghlac údarás áitiúil le tairisgint, chun asphalt mastic do chur síos, o thigh gnótha do gheall an obair do dhéanamh níos tapúla ná an tigh gnótha do chuir isteach an tairisgint ba shaoire. Ba bheag an deifríocht a bhí idir an dá thairisgint i gcompráid le costas na hoibre.

(2) Do fuair údarás áitiúil eile tairisgint ina ranna chun concréit do chur ar bhóithre. Is o thithe gnótha Eireannacha a fuarthas an tairisgint ba shaoire i gcóir ranna áirithe den obair agus do glacadh leis an tairisgint sin dá rein sin. Do gabhadh thar an tairisgint ba shaoire i gcóir ranna eile den obair agus do ghlac an t-údarás áitiúil leis an "tairisgint ba shaoire de chuid na hEireann." Níor chuireas isteach ar shocrú an údarás áitiúla.

An féidir leis an Airm an Udaráis Aitiúla do thabhairt dúinn agus costas na hoibre?

Is féidir. Sa chéad chás, Cathair Corcaighe, b'é an South of Ireland Asphalt Company a bhí i gceist (£7,342 19s. 7d. an méid) agus an Western Trinidad Company (£7,186 6s. 8d.). Sa dara cás, Bothar Dealgan b'é an Pioneer Road Construction Company (£2,130 0s. 6d.), agus an Western Trinidad Company (£2,111 17s. 2d.) a bhí i gceist.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí ar dhein sé, ón ladh Abrán, 1932, a chur d'fhiachaibh ar aon Udarás Aitiúil glacadh le haon tairisgint chun bóthar a dhéanamh nárbh í an tairisgint ba shaoire í agus má dhein an ndéarfa sé cad ba fáth leis sin a dhéanamh, cadé an obair a bhí le déanamh, cadiad na mion-innste bhí sa tairisgint le n-ar glacadh agus cadiad na mion-innste bhí sna tairisgintí, ní ba shaoire ná í agus nár glacadh leo.

Do shocruíos, i gcás connartha i gCathair Bhaile Atha Cliath chun bóthar asphalt do chur síos, gur cheart glacadh leis an dara tairisgint ba shaoire. B'é fáth go ndearna amhlaidh ná go bhfuaireas comhairle eolgaisigh gur dheallruigh an tairisgint ba shaoire gur mó a theastuigh o lucht a déanta tithe gnótha eile do dhúnadh amach ná mar a theastuigh uatha gnáth-shochar do dhéanamh as an obair.

An féidir leis an Aire na figúirí a thabhairt dúinn?

An South of Ireland Asphalt Company £15,495 16s. 8d. agus an Western Trinidad Company £12,833 6s. 8d.

Barr
Roinn