Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 11 May 1933

Vol. 47 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Sceim Tithe

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus agus Sláinte Puiblí an bhféachfa sé an ceart abhar reachtúcháin do thabhairt isteach le haghaidh Scéime Tithe tré n-a dtabharfar comhacht don Stát agus d'Udaráis Aitiúla tithe oiriúnacha do thógáil in ionaíd chaothúla d'aon Oifigigh 'na mbeidh gá aca leo; na tithe d'fhanúint mar mhaoin de chuid an Stáit no do chuid an Udaráis Aitiúla; cíos d'íocfadh asta do chur mar mhuirear ar thuarastal an Oifigigh; agus a chur in áirithe go mbeidh daoine ionta i gcomhnaí tré Oifigigh phósta do cheapadh chun aon fholúntaisí thárlóidh.

Na dlithe i dtaoibh tithe atá i bhfeidhm fé láthair cuiridsan ar chumas na ndaoine atá luaite sa cheist bheith 'na n-únaeirí ar thighte a bheidh oiruinach dóibh.

Sé an congnamh airgid atá le fáil aca chuige sin ná iasachtaí fé's na Small Dwellings Acquisition Acts, 1899, go dtí 1919 agus Acht na dTithe (Forálacha II-ghneitheacha), 1931, mar aon le deóntas o'n Stát más gá é fé Acht na dTithe (Forálácha Airgid agus Forálacha II-ghneitheacha), 1932.

Níl ceaptha agam ar dlí fé leith do thabhairt isteach le tithe ar chíos do sholathairt do's na daoine atá luaite sa cheist.

Barr
Roinn