Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 16 Nov 1933

Vol. 50 No. 2

Secondary Teachers' Superannuation (Amendment) Scheme.

Tairigim:—

Go ndaingnítear Scéim Aois-Liúntais na Meán-Mhúinteoirí (Leasú), 1933, do rinne an tAire Oideachais le toiliú an Aire Airgid, fé Acht Aois-Liúntais na Múinteoirí, 1928 (Uimh. 32 de 1928).

That the Secondary Teachers' Superannuation (Amendment) Scheme, 1933, made by the Minister for Education with the consent of the Minister for Finance under the Teachers Superannuation Act, 1928 (No. 32 of 1928) be confirmed.

Breis is ceithre bliana ó shoin cuireadh scéim i bhfeidhm fé Acht Aois-Liúntais na Múinteóirí 1928 chun pinsiúin do sholáthar do na mhúinteóirí meán-scoile. Tá na Coláistí Ullmhúcháin ar aon dul le na gnáth meánscoileanna agus sé brígh na scéime seo ná an prímh-scéim do leathanú chun na buntáistí céadhna maidir le pinsiún do chur ar fagháil do na muinteóirí ins na Coláistí seo.

Gach múinteóir gur mhaith leis a bheith páirteach sa scéim íofaidh sé isteach i gciste an phinsiúin sintiús do réir 4% sa bhliain d'á thuarastal iomlán agus iocfaidh an Stát 2½% de'n bhunthuarastal. Áirmhightear an bun tuarastal mar £200 (dhá chéad púnt) i gcás fir agus mar £180 (céad agus octmhadh púint) i gcás mná.

An t-seirbhís a thug múinteóir san tréimhse ó cuireadh an chéad scéim i bhfeidhm i 1929 is féidir san d'áireamh le h-aghaidh pinsiúin ach riaráistí na síntiúisí i gcóir na tréimhse sin d'ioc roimh Bealtaine 1935.

I gcás duine a thug seirbhís mar mheán-mhúinteóir roimh Lughnasa 1929 is féidir é d'áireamh mar sheirbhís neamh-ranníocach (non - contributing service) fé mar a deintear i gcás meánmhúinteóra.

Tá leath-chéad múinteóirí ins na Coláistí (seachtar) is fiche tuathmhúinteóirí agus triur is fiche de lucht na n-órd rialtas agus meastar go mbeidh suas le triochadh díobh siúd páirteach sa scéim ach ní beidh sé riachtanach ar aon duine glacadh leis.

Barr
Roinn