Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 22 Nov 1933

Vol. 50 No. 3

Ceisteanna.—Questions. Oral Answers. - Diomhaointis i bhfíor-Ghaeltacht.

D'fhiafruigh

den Aire Tailte agus Iascaigh an eol do gur cuireadh stad i mbliadhna le hobair trí fichead cailín i monarchan brat urláir i gCill Chártha i bhFíor-Ghaeltacht Thír Chonaill, agus go bhfuil siad san díomhaoin anois; agus an bhfuil scéim ar bith eile ag an Aire le saothrughadh thabhairt do na cailíní seo.

Is eol dam gur dúnadh an mhonarcha seo le deireannaighe ach chuir na h-únéirí i n-iúil dam nach bhfuil sa dúnadh seo ach socrú sealadach agus go bhfuil siad ag súil leis an monarchain d'osgailt aríst sar i bhfad.

Barr
Roinn