Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 29 Nov 1933

Vol. 50 No. 4

Ceisteanna.—Questions. Oral Answers. - Costas fé Acht na dTithe.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadé an méid iomlán a bheidh sa chostas chaipitiúil a bheidh le n'íoc ag an Stát fé Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932, (a) maidir leis na 2,717 dTithe a bhí críochnuithe ag údarásanna puiblí fén Acht san um an 31adh Deire Fómhair, 1933; (b) maidir leis an 5,342 thigh eile bhí á dtógaint aca san an lá san; agus (c) maidir leis na 8,305 tithe eile a bhí ceaduithe dhóibh an lá san a thógaint.

Cuireann an Stát an costas caipitiúil atá riachtanach le h-aghaidh tógáltha na dtigh atá luaidhte ar fáil as Chisde na n-Iasacht n-Aitiúl do sna h-Udarásannaibh Aitiúla go léir ach amháin do Bhardais Chorcaighe, Bhaile Atha Claith agus Dún Laoghaire. Beidh rann-íoch mar chabhair chun muirear bliantiúl iasachta le n-íoch do réir forálach Act na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) 1932. Ní féidir an méid fé'n gceád de sna muirir iasachta a bheidh le n-íoch ag an Stát a mheas go dtí go mbeidh na scéimeanna 'na bhfuil na tithe gur tagradh dóibh curtha chun críche.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadé an méid airgid, fé Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932, (a) a híocadh no atá le n'íoc as na 2,342 thigh a bhí críochuithe fén Acht san um an 31adh Deire Fómhair, 1933, ag daoine príobháideacha agus cumainn mhaitheasa phuiblí; agus (b) atá curtha ar leith i gcóir na 6,826 tithe eile go raibh toilithe um an 31adh Deire Fómhair, 1933, le daoine príobháideacha agus cumainn mhaitheasa phuiblí dá dtógaint fén Acht san.

(a) £184,054; (b) £339,548.

Barr
Roinn