Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 21 Feb 1934

Vol. 50 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Ghaedhilg san Stát-Sheirbhís.

D'fhiafruigh

den Aire Puist agus Telegrafa an eól dó an chainnt faoi chainnteoirí dúthchais na Gaedhilice a chraobhscaoil Rúnaidhe a Roinne os comhair Comhairle Ioanadathaighe na Stát-Sheirbhíse ar na mallaibh; an in ainm an Aire agus in ainm na Roinne a bhí an fear sin ag cainnt; agus an nochtann an chainnt adubhairt sé polasaí an Aire agus polasaí na Roinne faoi'n Ghaedhilic agus faoi Ghaedhealú na Stát-Sheirbhíse.

Tuigtear dom gur dhein Rúnaí na Roinne seo tagairt do chainnteoirí dhúthchais na Gaedhilge ag cruinniú den Chomhairle Ionadathach na Stát-Sheirbhíse le déanaí. Is mar bhall den Chomhairle a thug sé a thuairim ar cheist fé leith ón Aire Airgid a bhí dá pléidhe, agus ar an gceist sin amháin, i. an méid buntáiste gur cheart a thabhairt don Ghaedhilg gcóir árduithe céime sa Stát-Sheirbhís. Ní raibh polasaí na Roinne seo atá leagtha síos fén Ghaedhilg, nó ceist Ghaedhealú na Stá-Sheirbhíse i gcoitcinn ós comhair an chruinnighthe.

Barr
Roinn