Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 21 May 1935

Vol. 56 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tithe do Chriochnú.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadiad na bailelíomatáistí inar críochnuíodh um an 31/12/1934 tithe go mbaineann Alt 5 (1) (a) d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932, leo; agus cadé an méid de sna tithe sin a críochnuíodh i ngach líomatáiste fé leith acu san (1) ag daoine príobháideacha agus (2) ag cumainn mhaitheasa puiblí.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadiad na tuathlíomatáistí inar críochnuíodh um an 31/12/1934 tithe go mbaineann Alt 5 (1) (a) d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932, leo; agus cadé an méid de sna tithe sin do críochnuíodh i ngach líomatáiste fé leith acu san (1) ag daoine príobháideacha agus (2) ag cumainn mhaitheasa puiblí.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadiad na bailelíomatáistí inar críochnuíodh um an 31/12/1934 tithe go mbaineann Alt a 5 (1) (b) (i) d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932, leo; agus cadé an méid de sna tithe sin do críochnuíodh i ngach líomatáiste fé leith acu san (1) ag daoine príobháideacha agus (2) ag cumainn mhaitheasa puiblí.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadiad na bailelíomatáistí inar críochnuíodh um an 31/12 1934 tithe go mbaineann Alt a 5 (1) (b) (ii) d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932, leo; agus cadé an méid de sna tithe sin do críochnuíodh i ngach líomatáiste fé leith acu san (1) ag daoine príobháideacha agus (2) ag cumainn mhaitheasa puiblí.

Tabharfar freagra do cheisteanna 1—4 le cheile. Atáthar ag ollmhu na bhfigiúirí i dtaoibh na ndeontaisí do díoladh ar son tighthe do tógadh le daoinibh príobháideacha agus le cumannaibh maitheasa puiblí i rith na bliadhna a críochnuigheadh an t-aonmhadh lá tríochad de mhí Mhárta. Cuirfear cóip de na figiúraibh sin chum an Teachta chom luath agus bheidh siad réidh.

Barr
Roinn