Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 23 Jul 1935

Vol. 58 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Congnamh Theaglaigh.

D'fhiafruí

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadé an méid daoine bhí ag fáil congnaimh theaghlaigh i ngach aontas no ceanntar congnaimh fé leith an Satharn deireannach de Mhí Abráin, de Mhí Bealtaine agus de Mhí an Mheithimh, 1935: agus cadé líon iomlán na ndaoine bhí á fháil gach Satharn fé leith acu san.

D'fhiafruí

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa sé cadé an meánmhéid sa tseachtain a chosain an congnamh teaghlaigh i ngach aontas no ceanntar congnaimh fé leith i Mí Abráin, i Mí Bealtaine, agus i Mí an Mheithimh, 1935.

Tógfaidh mé ceisteanna (2) agus (3) le chéile. Tá an t-eolas á bhailiú agus déanfar é a chur ag triall ar an dTeachta chó luath agus is féidir é.

Barr
Roinn