Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 30 Oct 1935

Vol. 59 No. 1

Céisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontas do bhaint den Amharclainn.

D'fhiafraí

den Aire Airgid an feasach do gur cuireadh fearg ar mhórán daoine siocair an dráma úd The Silver Tassie a bheith dá léiriú in Amharclainn na Mainistreach tá seal o shoin agus gur chuir lucht na bpáipéar agus daoine eile diamhasla agus neamh-ghlaineacht i leith an dráma; an bhfuil teachta ón Rialtas ar lucht stiúrtha na hAmharclainne agus, má tá, ar aontuigh sé leis an rún an dráma úd a léiriú; agus, más amhlaidh nách féidir leis an Rialtas smacht a chur ar lucht Stiúrtha Amharclann na Mainistreach, an mbeadh an tAire toilteannach anois an deontas do bhaint den Amharclainn agus an t-airgead a chaitheamh le drámaidheacht san Ghaedhealtacht a chur 'un tosaigh.

Chonnac cuid den mhéid a scríobhadh i dtaobh léirithe an "Silver Tassie" i nAmharclainn na Mainistreach le déanaí. O 1926 anuas, is le haontú an Rialtais a cheap Bord Stiúrthóirí na hAmharclainne stiúrthóir amháin ó am go h-am, ach ní raibh sé de nós riamh aige dul i gcomhairle leis an Rialtas sar a nochtfadh sé a thuairim don Bhord i dtaobh aon dráma thar chéile do léiriú. Níl aon eolas agam cioca ar aontuigh an stiúrthóir sin leis an rún an "Silver Tassie" do léiriú nó nár aontuigh. Mar is eol don Teachta, tá airgead curtha ar fáil ag an Stát chun cabhruithe le léiriú drámaí Gaedhealacha sa Ghaeltacht. Ní gá, dá bhrí sin, a bhreithniú an ceart an deontas do bhaint d'Amharclainn na Mainistreach agus é 'chaitheamh chun dramaídheacht sa Ghaeltacht do chur ar aghaidh.

Arising out of the Minister's reply, can he state how many native Irish speakers have seen this play? Can the Minister also say what cultural state has been reached in the constituency of my friend the Deputy who asked this question, so that Irish plays may be performed there?

I have no information at my disposal to enable me to reply to the Deputy's question.

Barr
Roinn