Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 13 Nov 1935

Vol. 59 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Ceárd-Scoil i Bhéal Atha an Ghaorthaidh.

D'fhiafrai

den Aire Oideachais an bhfuair sé aon iarratas ó mhuintir Bhéal Atha an Ghaorthaidh á iarraidh air cabhair a thabhairt dóigh chun Ceárd-Scoil a thógaint sa cheanntar san agus á innsint dó gur tairgeadh láithreán i gcóir tighe scoile do Chomhaltas Ghairm-Oideachais Cho. Chocairghe in aisce; agus an ghfuil an tAire ar intinn an chabhair do hiarradh air do thabhairt uaidh.

Fuarathas an t-iarratas sin atá luaidhte ag an dTeachta ach ni féidir a rádh go cinnte go fóill an bhfuil go leór Scoláiri le fagháil sa cheanntar sin chum gurbh fiú Ceárd-Scoli nuadh do thógáil ann. Tá a thuille fiosrúcháin ádheunamh agam fé'n scéal fé láthair, agus bheurfar breith in a thaobh chomh luath agus is féidir.

Barr
Roinn