Tá roinnte mar leanas:—An Gnáth-Arm, sé mhíle, céad is seachto; Cultacaí, cúig mhíle, naoi gcéad a ceathair is ochtó; Fórsa na nOglach, cúig mhíle dhéag is ocht gcéad. Mar seo leanas atá líon an Ghnáth-Airm atá beartuithe a bheith ann, déanta suas:— Oifigigh, cúig chéad a h-aon is nócha; Daltaí, trí is caoga (ar a náirmhítear ceathrar Daltaí is ion-choimisiúnta sa bhliain seo; Oifigigh Nea-Choimisiúnta, míle, ceithre chéad a dó is triocha (ar a n-áirmhítear triúr daltaí is ion-choimisiúnta sa bhliain seo; Saighdiúirí Singile, ceithre mhíle a h-ocht is seasca; Banaltraí, seachtar déag; Seiplínigh, naonbhar. Sa Mheastachán so, tá soláthar á dhéanamh do chúigear oifigeach, seacht ndaltaí fichead, oifigeach nea-choimisiúnta amháin, agus do chéad is naoi saighdiúirí nóchad de bhreis ar an líon dar deineadh soláthar sa bhliain, míle naoi gcead a sé triochad—seacht triochad. Ní mór miniu tnabhairt ar an méadu so. Sa Ghnáth-Bhunaíocht Síochána de sna Forsaí, deantar soláthar do chúig chéad aon oifigeach is nócha agus do chúig míle ocht gcéad is a seacht céimnigh eile; agus is ar éigin is leor an líon so don Ghnáth-Arm chun a dhualgaisí coitianta do chólíonadh maraon le Caidrí do chur ar fáil chun na Cúltacaí agus Fórsa na nOglach do thréineáil. Cúig chéad is againn an líon oifigeach atá againn fé láthair agus tar éis dúinn ceapacháin chun chéim choimisiúnta i rith na bliana seo do chur san áireamh, beidh cúig chéad a haon is nócha againn fé dheire na bliana. Fágfaidh sin againn an líon oifigeach atá orduithe leis an mBunaíocht Síochána atá anois i bhfeidhm, ach d'fhonn socrú chun luigheaduithe agus méaduithe i rith na mblian seo chughainn do dhéanamh, tá beartuithe againn triocha Daltaí do liostáil cómh luath 's is féidir é.
Tá easnamh i mBunaíocht na gCéimneach Eile. Cé gur orduigheadh fén mBunaíocht Síochána le roinnt bhlian anuas tímpal le cúig mhíle is ocht gcéad Ceimhnigh Eile do bheith ann, níor deineadh soláthar le Meastacháin na tréimhse sin ach amháin do chúig mhíle is trí chéad. Ba mhór mar do ghoill sé seo ar an Arm, agus ar a shon gurbh éigean dúinn, dá dheascaibh sin, an líon do mhéadú dhá chéad, tá easnamh de thrí chéad, nó mar sin, Céimhnigh Eile, sa Bhunaíocht fós. An Bhunaíocht Chúltaca—cúig mhíle, naoi gcéad a ceathair is ochtó Ceimhnigh Eile—dá bhfuil soláthar déanta, is mar leanas atá sí riartha:—Oifigigh, dhá chéad a ceathair is triocha; Cúltaca den ghrád "A," cúig mhíle; Cúltaca den ghrád "B," seacht gcéad is caoga. I gcomparáraid le figiuirí na bliana seo caithte tá méadú d'aon is nócha, Céimnigh Eile, tar éis teacht ar líon na seirbhíse seo, ach 'sé fé ndear é ar fad ná an méadú a thagann uaidh féin ar Chúltaca den ghrád "A" mar gheall ar go mbeidh a dtéarmaí seirbhíse sa Ghnáth-Arm curtha isteach ag na fearaibh.
Mar seo leanas atá Bunaíocht na nÓglach atá beartuithe a bheith ann, có-dhéanta:—Oifigigh, trí chéad; Céimnigh Eile, an Treas Tosaigh, tá liostálta cheana, naoi míle; Céimnigh Eile, an Treas Tosaigh, liostálfar sa bhliain seo, trí mhíle; Céimnigh Eile, an Meán-Treas, tá liostálta cheana, dhá mhíle; Céimnigh Eile, an Meán-Treas, liostálfar sa bhliain seo, míle; Ceimnigh Eile, an Treas Deiridh, cúig chéad. Sin iomlán de chúig mhíle dhéag is ocht gcéad—luigheadú de dhá mhíle is seacht gcéad ar iomlán na bliana seo caithte, agus 'sé is mó is cúis leis gur deineadh soláthar chun cúig mhíle do liostáil sa bhliain, míle naoi gcéad a sé triochad—seacht triochad agus ná fuil soláthar againn á dhéanamh ach amhain chun trí mhíle do liostáil sa bhliain airgeadais seo.
Ma dheinimíd an Meastachán d'infhiúchadh anois ón dtaobh airgeadais, chifimíd go bhfuil glanmhéadú de chúig mhíle seascad, ocht gcéad is trí púint fhichead ann. Tagann an gnáth-mhéadú san go díreach agus nách mór ar fad de thoradh na dtrí neithe seo leanas:—(a) an tArm do dhul i líonmhaireacht; (b) costas págha is cothála do dhul i méid; (c) costas na tréineála speisialta do Chúltacairí agus d'Óglaigh do dhul i méid. Cúig mhíle dhéag, naoi gcéad is ceithre púnt déag an méid ba ghádh chun líon an Airm do mhéadú dhá chéad, ach toisc gur féidir nách mbeidh an cóilíon iomlán againn ar feadh na bliana airgeadais go léir, níl soláthar á dhéanamh leis an Meastachán so ach amháin d'aon mhíle dhéag, naoi gcéad is ceithre púint déag.
Gan trácht in aon chor, áfach, ar an nídh seo, atá soiléir, tá neithe eile, nách ró-shoiléir, sa scéal, as a dtiocfadh gnáth-mhéadú, fiú amháin dá bhfanadh líon an Airm mar do bhi cheana .i., cúig mhíle is trí chéad Céimnigh Eile. 'Siad na neithe seo go cumair ná costas breise na n-earraí is gádh chun an tArm do cotháil, comh maith le breisithe agus leathnuithe na págha is na liúntaisí atá údaruithe le Rialacháin. Trí mhíle dhéag, naoi gcéad is ceithre púint nóchad an méadú a thagann de dhruim phága is liúntaisí, mar shompla, agus tá ann, leis, gnáth-mhéadú eile de fiche míle, trí chéad is ceithre púint chaogadh, gurb é costas bídh, connaidh, soluis, furra agus petrol fé ndear é.
Sé an tríomhadh nídh ná an gádh atá le n-a thuille cúrsaí speisialta do Chúltacairí is d'Oglaigh do chur ar fáil agus gnáth-mhéadú eile é sin, gurb é forfhás an Airm is fáth dhó. Níor ghádh anuraidh na cúrsaí sin do sholáthar ach amháin do sé chéad fear i gcóir trí mhí, ach tá orainn i mbliana soláthar do mhíle is cúig chéad i gcóir na tréimhse céadna do dhéanamh—rud a chosnóchaidh tímpal le ceithre mhíle dhéag is dhá chéad púnt sa mbreis alos págha agus cothála. Tuigfear, mar sin, i dtaobh an ghlan-mhéaduithe iomlán de chúig mhíle seascad, ocht gcéad is trí púint fhichead go bhfuil suim nách lugha ná dhá mhíle sheascad, is ceithre púint triochad á caitheamh ar an dá chéad sa mbreis, Céimnigh Eile, ar chostas méaduithe na cothála agus ar an leathnú den tréineáil is gádh do Chúltacairí agus d'Óglaigh.
Téigheann mion-neithe ilghnéitheacha chun an fuighleach, trí mhíle, seacht gcéad is naoi bpúint ochtód do shlánú, agus níl ortha san ach dhá nídh gur mhaith liom thrácht ortha anois mar gheall ar fhó-mhírchinn nuadha bheith ceapaithe dhóibh. 'Sé an chéad nídh dhíobh san dá bhfuil míle púnt á chur in áirithe ná "An Daonra Síbhialta do Chosaint ar Ionnsuithe Aeir agus Geas."
Pléideadh an rud a déanfaí dá dtagadh na h-ionnsuithe sin ar ár ndaoine, ag Cómhdháil ar a raibh Ionaduithe i láthair ón Roinn Dlí agus Cirt, ó'n Roinn Cosanta, ón Roinn Rialtais Áitiúil agus ón Roinn Tionnscail is Tráchtála, agus tar éis don Árd-Chómhairle an scéal do bhreithniú ó bhun, shocruigheadar ar an ngnó san do thabhairt don Roinn Cosanta le déanamh. Táimíd tar éis coiste speisialta do bhunú, dá bhrígh sin, a fhéachfaidh i ndiaidh na ceiste seo sa mhéid go mbainfeadh sí leis an dtír seo in am práinne agus chun aon roimh-chostaisí dá ngeobhadh léi do ghlanadh, tá míle púnt a sholáthar leis an Meastachán so.
Mion-chostas nua eile an deontas-i-gcabhair do Chistí Leasa de chúig chéad is dhá phúnt sheachtód, chun na h-áiseanna coitianta do chur ar fáil i Hallaí Bídh na Saighdiúirí. Go dtí so ní raibh riar ná eagar mar is cóir ar chúrsaí biadhlainne aca, agus measadh, maidir le h-am síochána, ná raibh ceart ná cóir á fháil ag an saighdiúir agus an scéal do bheith amhlaidh. D'fhéadfaí an cothrom san do thabhairt dóibh ar dhá shlí—na h-earraí ba ghádh do sholáthar, nó muna ndéanfaí sin, suim áirithe airgid sa bhliain do dheonadh do sna h-aonaid chun na h-áiseanna do cheannach. Tar éis áird chuibhe do thabhairt ar an nídh seo, socruigheadh ar an airgead do dheonadh, de bhrigh go spreagfadh sé sin spéis na bhfear sa ghnó, agus nár ghádh, 'na theannta san, mion-chúntas do thabhairt ar fho-chostaisí. Tá beartuithe, mar sin, aon phúnt déag do bhronnadh mar dheontas bliantúil ar na Cistí Leasa uile i dtaobh gach aonaid go mbíonn céad fear chun bídh ann. Is súil linn, dá bhárr san, go ndéanfar na coiníollacha seirbhíse d'fheabhsú mar aon le saoráidí do sna fearaibh i gcúrsaí bídh do chur in oireamhaint don tsaol atá anois ann.
Milliún, sé chéad is dhá mhíle chaogad, naoí gcéad is cúig púint déag an méid iomlán a meastar a chosnóchaidh an tArm i gcóir na bliana. Den mhéid sin, caithfear suim nach lugha na milliún, trí chéad is cúig mhíle ochtód, céad aon phúnt is nocha ar phearsanra do dhíol is do chotháil, seacht míle caogad, naoí gcéad is naoí bpúint déag ar Iompar, agus ní caithfear ar fhearas teicniúil cogaidh ach amháin dá chéad is naoí míle, cúig púint is ocht gcéad, sé sin le rádh, timpal le dó-dhéag ponnc a seacht fén gcéad den Mheastachán iomlán. Nuair a cuimhnítear air gur dá luighead é an tArm gurb eadh is géire an gádh atá le fearas nua-aimseardha agus gurb é atá tagaithe as fás na hEoluíochta ná costas an fhearais sin do mhéadú in ionad é do luigheadú, caithfear admháil gur measardha ar fad an méid atá á chaitheamh againn ar stóraisí cogaidh.
Baineann a lán den chaiteachas sin le stóraisí d'athnuachaint agus do choinneáil i dtreo, agus seo iad na prímhneithe den Chaiteachas Chaipitil atá roinnte ar na hAonaid, na Cóir agus na Seirbhísí deifriúla:—Stóraisí Chomharthaíochta, dhá mhíle, céad, ceithre púint is dachad; Fearas Puball, aon mhíle dhéag, dachad púnt is ceithre chéad; Cistineacha Machaire, sé mhíle, sé chéad is cúig púint triochad; an tAer-Chór, trí mhíle is dachad is trí chéad púnt; Cáirr Armúrtha, dhá mhíle dhéag púnt; Meaisin-Ghunnaí Eadtroma, sé mhíle dhéag, dhá phúnt is céad; Gunnaí in aghaidh Cárr Rianach, ceithre mhíle, seachtó púnt is seacht gcéad; Fearas Catha, ocht míle púnt; Moirtéirí Trinse, trí mhíle, ochtó púnt is sé chéad; Soillse Cuardaigh Soghluaiste, seacht míle, cúig chéad is sé phúnt seachtód. Sin céad míle is cúig chéad, sé chéad seacht bpúint is dachad.
Mar fhocal scuir, tá áthas orm a rádh i dtaobh an Airm sa bhliain seo ghabh tharainn go ndeachaidh an tréineáil chun cinn ann, go raibh an smacht ar fheabhas, nár tháinig luighead ná caitheamh ar an ndíoghrais agus go raibh an infheadhmacht chuirp chó maith is d'fhéadfadh a bheith.