Tairgim:
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £602,584 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1938, chun Pinsean Créachta agus Mí-ábaltachta, Pinsean Breise agus Pinsean Fear Pósta, Liúntaisí agus Aiscí (Uimh. 26 de 1923, Uimh. 12 de 1927, agus Uimh. 24 de 1932); chun Pinsean Seirbhíse Míleata (Uimh. 48 de 1924 agus Uimh. 43 de 1934); chun Pinsean, Liúntaisí agus Aiscí (Uimh. 37 de 1936); agus chun síntiúisí agus costaisí iolardha ina dtaobh san, etc.
Sé chéad is dhá míle, cúig chéad is ceithre púint ochtód an méid iomlán atá leagtha amach sa Mheastachán ar Arm-Phinsin i gcóir na bliana airgeadais míle naoí gcéad a seacht triochad—ocht triochad. Gan aon mhion-dealú do dhéanamh air, is féidir an t-iomlán san do roinnt 'na thrí mírchinn mar leanas:—(1) Costas na Molta —Cúig chéad is aon mhíle ochtód, trí chéad is sé púint nóchad; (2) an costas a meastar ar Riarachán—Sé mhíle dhéag is sé púint sheascad; (3) Fo-Chostaisí—Cúig mhíle céad is dhá phunt fhichead. Sin iomlán de sé chéad is dhá mhíle, cúig chéad is ceithre púint ochtód.
Ag cuimsiú ar an bprímh-sheirbhís sa Mheastachán so—mar atá, an méid a meastar a caithfear ar Mholta— chítear, ar é do dhealú, gur mar seo atá an t-iomlán, cúig chéad is aon mhíle ochtód, trí chéad is sé púint nóchad déanta suas:—(1) Pinsin agus Aiscí Créachta is Mí-Abaltachta—Cead is seacht míle, dhá chéad is dhá phúnt chaogad; (2) Liúntaisí agus Aiscí Cleithiúnaithe—trí mhíle fichead, céad is dhá phúnt sheascad; (3) Deontaisí nách deontaisí reachtúla—trí chéad púnt; (4) Pinsin Seirbhíse Míleata— ceithre chéad naoí míle is dachad, ceithre chéad is seacht bpúint déag; (5) Pinsin de sna Connaught Rangers— Míle, dhá chéad is cúig púint sheascad. Sin iomlán de cúig chéad is aon mhíle ochtód. trí chéad is sé púint nóchad.
Is do réir na nAchtanna Arm-Phinsean míle naoi gcéad a trí fichead, míle naoi gcéad a seacht fichead agus míle naoi gcéad a dó triochad, a moltar pinsin agus aiscí créachta is mí-ábaltachta, agus 'sé iomlán na molta do rinneadh cheana fé gach Acht fé leith aca san, maraon le n-a gcostas ná:—Acht míle naoí gcéad a trí fichead —ceithre chéad is ocht molta fichead— ceithre mhíle fichead, sé chead is trí púint ochtód; Acht míle naoi gcéad a seacht fichead—Céad is cúig molta fichead—ceithre mhíle fichead, sé chéad is trí púint ochtód; Acht míle naoi gcéad a seacht fichead—Céad is cúig molta deag—aon míle dhéag, seacht gcéad is cuig púint fhíchead; agus Acht míle naoi gcéad a dó triochad—Trí chéad is ochtó moladh —seacht míle triocad, trí chéad is ceithre púint triochad. Sin trí mhíle seachtód seacht gcéad dhá phúnt is dachad ar fad.
Maidir leis an gcéad is seacht míle, dhá chéad is dhá phúnt chaogad atá leagtha amach sa Mheastachán chun pinsin agus aiscí créachta is mí-ábaltachta d'íoc, tá ceangailte orainn cheana do réir Reachta trí mhíle seachtód, seacht gcéad dhá phúnt is dachad de do chaitheamh. Meastar go gcaithfear an chuid eile dhe, trí mhíle triochad, cúig chéad is deich bpúint, ar phinsin nó ar aiscí nua, a thiocfaidh chun bheith iníoctha fé sna trí hAchttanna i rith na bliana míle naoi gcéad a seacht triochad—ocht triochad, agus tagann aon mhíle triochad is dhá chéad púnt ar a laighead den méid sin fé Acht míle naoi gcéad a dó triochad. Maidir leis an suim seo, aon mhíle triochad is dhá chéad púnt, áfach, is costas é ná beidh le caitheamh gach bliain mar riaráiste iseadh ceithre mhíle fichead púnt de, agus rachaidh míle is ocht gcéad púnt de chun aiscí d'íoc.
Is do réir na dtrí nAchtanna céadna a h-íoctar liúntaisí agus aiscí cleithiúnaithe. 'Sé iomlán na molta atá déanta cheana fén mírcheann so, maraon le n-a gcostas, ná:—Acht míle naoi gcéad a trí fichead—Dhá chéad is sé molta—ocht míle, dha chéad is cúig púint sheascad; Acht míle naoí gcéad a seacht fíchead—Seacht molta nóchad —dhá mhíle, naoí gcéad is ocht bpúint nóchad; Acht míle naoí gcéad a dó triochad—Céad is ceithre molta triochad—ceithre mhíle, seacht gcéad naoi bpúint is dachad.
Sin ceithre chéad is seacht Molta triochad agus sé mhíle dhéag is dhá phúnt déag.
Mar sin de, tá ceangailte orainn cheana sé mhíle dhéag is dhá phúnt déag den iomlán, trí mhíle fichead, céad is dhá phúnt sheascad a luaidhtear sa Mheastachán d'íoc, agus tá an fuighleach, seacht míle, céad is caoga púnt ceapaithe i gcóir liúntaisí nua a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana airgeadais, míle naoi gcéad a seacht triochad—ocht triochad. Tiocfaidh sé mhíle, ceithre chéad is cúig púint ochtód den méid sin fé Acht míle naoi gcéad a dó triochad, ach sa chás so arís, is costas é ná beidh le caitheamh gach bliain, mar riaráiste iseadh dhá mhíle, ceithre chéad is caoga púnt de, agus rachaidh tuairim is trí mhíle púnt de chun aiscí d'íoc.
Tímpal le céad is triocha míle, ceithre chéad is ceithre púint déag an méid iomlán, mar sin, a chosnóchaidh na trí hAchtanna Arm-Pinsean, míle naoi gcéad a trí fichead go míle naoi gcéad a dó triochad do réir an Mheastacháin. Maidir leis an suim atá curtha síos mar gheall ar Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, míle naoi gcéad a ceathair fichead agus míle, naoi gcéad a ceathair triochad, chífear go bhfuil ceithre chéad naoi míle is dachad, ceithre chéad is seacht bpúint déag le caitheamh, sé sin, timpal le seachtó seacht fén gcéad den méid iomlán atá ar fáil chun molta d'íoc. Maidir le molta atá déanta cheana, seo iad na figiúirí:—Fé Acht míle naoi gcéad a ceathair fichead, trí mhíle, dhá chéad is cúig molta fichead agus céad is trí mhíle caogad, is sé chéad púnt; fé Acht míle naoi gcéad a ceathair triochad, dhá mhíle, dhá chéad is cúig molta caogad agus ceithre mhíle ochtód ceithre chéad is seacht bpúint déag. Sin cúig mhíle, ceithre chéad is ochtó moladh agus dhá chéad is ocht míle triochad, is seacht bpúint déag. Dhá bhrigh sin, tá ceangailte orainn cheana dhá chéad is ocht míle triochad, is seacht bpúint déag do chaitheamh den méid iomlán atá leagtha amach le h-aghaidh pinsean seirbhíse míleata fén dá Acht, agus maidir leis an bhfuighleach de, sé sin, dhá chéad is aon mhíle dhéag, is ceithre chéad púnt—tar éis na locáistí Reachtúla do bhaint as—is ionann é agus pinsin a thiocfaidh chun bheith iníoctha fén dá Acht i rith na bliana. Fé Acht míle naoi gcéad a ceathair triochad a thagann furmhór na suime sin, dar ndóigh, ach riaráiste ná bheidh le caitheamh gach bliain iseadh tímpal le céad is caoga míle púnt de, mar sin.
Is amhlaidh atá an scéal, dá bhrígh sin, fé sna trí hAchtanna Arm-Phinsean is fé dhá Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata le chéile, ná go meastar gur trí chéad is seacht míle fichead, seacht gcéad is aon phúnt seachtód a chosnóchaidh an sé mhíle, ocht gcéad is dachad moladh atá déanta cheana, agus go bhfuil dhá chéad is dhá míle chaogad, is seasca púnt á chur ar fáil againn le haghaidh molta nua déanfar fé sna hAchtanna céadna. Fágann san gur cúig chéad is naoi míle seachtód, ocht gcéad is aon phúnt triochad atá sa mhór-iomlán. ach ó thárla go bhfuil céad is sé mhíle seachtód, ceithre chéad is caoga púnt den méid sin le caitheamh ar riaráiste, agus ceithre mhíle is ocht gcéad púnt ar aiscí, 'sé glan-mhéid an mhuirir bhliantúil ná trí chéad is ocht míle nóchad, cúig chéad is aon phúnt ochtód.
Ní gádh puinn do rádh i dtaobh na neithe eile sa Mheastachán. Maidir leis an suim atá curtha síos i gcóir molta fé Acht Pinsean de sna Connaught Rangers, tuigeadh le linn í chur síos go mbéadh an riaráiste uile íoctha i ndeireadh mí na Márta, míle naoí gcéad a seacht triochad, agus ná béadh ach gnáth-chaitheamh le déanamh as san amach. 'Sé fé ndear an méadú fén mírcheann "Reiteoir agus Coiste Cómhairlitheach" ná luchtfuirinne breise do cheapadh chun brostú leis an obair a bhaineann le molta dhéanamh fé Acht míle naoi gcéad a ceathair triochad, agus is amhlaidh atá na deontaisí nách deontaisí reachtúla ceapaithe i gcóir beirt chlainne le Treoraí in Eirghe Amach míle naoí gcéad a sé déag, go bhfuil deireadh le n-a liúntaisí fén Acht, mar ní folair leanamhaint de sna liúntaisí sin d'íoc leo go ceann tamaill, i dtreo is go bhféadfaid leanamhaint dá gcuid foghluma.