Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 7 Aug 1940

Vol. 80 No. 17

Written Answers. - Rátaí na Bliana.

D'fhiafruigh

den Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe an ndéarfa sé, maidir le gach contae, (a) cadé is méid iomlán do rátaí na bliana 1939-40; (b) cadé méid an riaráiste rátaí o 1938-39 a cuireadh isteach i mbarántas na bliana 1939-40; agus (c) cadé an méid de bharántas na bliana 1939-40 a bhí bailithe um an 31/3/40, agus um an 30/6/40, agus cadé an méid fén gcéad é sin d'iomlán an bharántais; agus (d) cadé an méid a bhí gan bailiú um 31/3/40, agus um 30/6/40.

Cuirfear mininnste ar staid Bhailiúcháin Rátaí na gConndae ar an 31adh lá Márta seo caithte chun an Teachta. Níl an t-eolas i dtaobh an Bhailiúcháin ar an 30adh lá Meitheamh ar fáil fé láthair.

Barr
Roinn