Tá laghdú £7,627 ar mheastachán na bliana airgeadais dá bhfuilimíd ag soláthar anois, ach ní h-ionann sin agus a rádh gur lugha an obair a bhéas á déanamh fén Vóta ná a bhí á déanamh anuraidh. Ach a n-íocfar ósna Leithreasaí-i-gCabhair d'áireamh, meastar go mbeidh mór-chaithteachas £242,068 ag baint leis an Vóta i mbliana in ionad an £226,662 a measadh don bhliain seo thart. Sin méadú £15,406 ar an mór-chaithteachas. Ach más mó an mór-chaithteachas, is mó fós an méadú a meastar a bhéas ann i mbliana ar na mór-fháltaisí. Méadú £23,033 a bhéas orra-sin i gcoinnibh an mhéaduitthe £15,406 a bhéas ar an mór-chaithteachas. Chífear mar sin gurab é fé ndear an laghdú ar an Vóta i mbliana ná an bhreis le n-a bhfuil coinne ós na mór-fháltaisí.
Roinntear an caithteachas fén meastachán ar na seirbhísí seo—an Ceann-Oifig, na Tionnscail Tuaithe agus an Taisc-Ionad, na Tionnscail Mhara, Seirbhísí Ilghnéitheacha agus Teach-Soláthar. Agus, ag féachaint dos na sábháiltí a cuireadh i bhfeidhm ar na figiúirí compráideacha a teasbántar don bhliain seo thart sa mheastachán atá anois fé mheas, tá méadú ar an gcaithteachas ar gach seirbhís díobhsin ach amháin ar na Seirbhísí Ilghnéitheacha. Sa Cheann-Oifig tá méadú £482 ar an mór-chaithteachas; i gcás na dTionnscal Tuaithe agus an Taisc-Ionaid le chéile, tá méadú £8,490; i gcás na dTionnscal Mara tá méadú £5,750; agus i gcás an Teach-Soláthair tá méadú £1,114. Tá laghdú £430 ar na Seirbhísi Ilghnéitheacha.
Ar an méid á gcóirightear d'fhuirinn na Ceann-Oifige fé Mhíreheann A tá tuairim is £4,500 a bhaineas le fuirinn atá tugtha ar iasacht do Rannaí eile Stáit ar obair thábhachtach a bhaineas leis an aimsir éigeandála so.
Fé sna Mírchinn D 1 go D 9 a bhaineas leis na Tionnscail Tuaithe tá méadú £5,148. Sé fé ndeár an méadú sin ná an £17,450 breise atá dá chóiriú fé D 9 don Mhuileann Sníomhacháin agus na breisithe eile dá gcóirightear fé sna Mírchinn D 3, D 4, D 5, agus D 7, lúide na laghduithe a bhaineas leis na Mírchinn D 1, D 6 agus D 8. Bhí soláthar ann anuraidh don Mhuileann Sníomhacháin ach níor h-úsáideadh ach cuid bheag de, toisc moill a bhain le fostú Innealltóra Comhairlíochta le haghaidh na hoibre. Tá dul chun cinn déanta anois maidir le leagadh amach na hoibre a bhéas le déanamh chun an Muileann sin do thabhairt i ngníomh, agus táthar ag súil leis go mbeidh an obair a bhaineas le tógáil an Mhuilinn tosnuithe sara bhfad.
Tá laghdú £12,300 ar fad ar an méid dá bhfuiltear ag cóiriú le haghaidh abhar déantóireachta — £8,500 fé Mhírcheann D 6 agus £3,800 fé chuid de Mhírcheann D 8. Laghduithe móra is eadh iad sin ach táid á ndéanamh ag féachaint don ghnó le n-a bhfuiltear ag súil i mbliana agus dos na stóranna atá ar láimh againn ón mbliain roimhe. Chífear ón méid atá á mheas d'fháltaisí na dTionnscal Tuaithe nach ionann na laghduithe sin agus aon laghdú bheith ag teacht ar ghnó na dTionnscal.
Tá laghdú £1,230 ar a gcóirightear fé Mhírcheann D 8 do chostaisí an Tionnscail Bréagán, ach is le hadhbhair pacála agus meaisíní a bhaineann sé-sin—rudaí gur deineadh mór-sholáthar dóibh anuraidh.
Fésna Mírchinn E 1 go E 4 a bhaineas leis na Tionnscail Mara tá méadú £5,740. Baineann an méadú sin ar fad nach mór le cúrsaí ceilpe agus feamna. Tá cóiriú sa mheastachán do cheannach 800 tonna ceilpe agus 2,000 tonna feamna i gcoinnibh 450 tonna ceilpe agus 450 tonna feamna a fuarathas anuraidh. Ní bhfuarathas anuraidh an oiread ceilpe le n-a raibh súil, toisc gan an aimsear bheith oireamhnach tráth bailithe na feamna. Maidir le Tionnscal na Feama ní rabhthas ag plé anuraidh ach le Tionnscal nua a bhí ag tosnú. Chífear ón méid feamna dá bhfuiltear ag cóiriú i mbliana gur mór an dul chun cinn atá déanta, agus tuigtear dhúinn go mbeidh an t-éileamh ar fheamain ag méadú feasta. I rith na bliana d'imthigh tharainn do cuireadh cose le ceilp do chur amach as an dtír toisc an deacracht a bhaineas le potáis d'fháil. D'éirigh linn an méid ceilpe a fágadh againn do dhíol mar leasú talmhan ar phraghas a bhí ar aon dul leis an bpraghas a bheadh ar fáil as í chur thar lear. Mar adubhradh cheana, tá ar aigne againn 800 tonna, nó breis más féidir é, den cheilp do cheannach i mbliana, agus, mar leasú talmhan, raghaidh sí chun tairbhe do chúrsaí curadóireachta. Ceannófar an cheilp uile a déanfar, agus sin ar phraghsanna a socruigheadh ag féachaint dos na praghsanna gurbh fhéidir í dhíol air leis na déantóirí leasuithe agus leis na feirmeóirí.
Is beag an difríocht atá ar an méid a cóirightear don Taisc-Ionad fésna Mírchinn F 1 go F 3; agus fé Mhírcheann G níl ach soláthair chomhartha dá ndéanamh le haghaidh iasachtaí a bheadh an Fhó-Roinn sásta a thabhairt fé scéimeanna áirithe mar mhaithe leis an nGaeltacht. Tá £100 á sholáthar do sheirbhísí iomchair idir na hoileáin agus an mhór-thír.
Fésna Mírchinn H 1 go H 4 a bhaineas le Teach-Soláthar, tá méadú £1,114. Tá laghdú déanta ar an bhfuirinn lasmuigh a bhéas i bhfeighil na hoibre, agus, dá bharr sin, is lugha a cóirightear fé H 1 do Thuarasdail agus fé H 2 do Chostaisí Taistil agus eile. Fé Mhírcheann H 3 a bhaineas le deontaisí fé Achtanna na dTighthe (Gaeltacht) tá méadú £1,360. Tá deacrachtaí móra ag baint leis an obair seo i láthair na huaire agus tá cuid mhaith daoine ann ná fuil toilteannach dul ar aghaidh léi. Tá gach arbh fhéidir déanta againn chun saoráidí do chur ar fáil don obair, agus in a thaobh sin ní misde dhom a rádh go bhfuil éirithe linn margaí do dhéanamh le soláthrathóirí chun adhbhair tógála do chur ar fáil ar phraghsanna réasúnta d'obair na bliana so—margaí ná déanfar atharú orra ach ar réamhfhógra ag féachaint do mhéaduithe ar phraghsanna na n-adhbhar ins an aimsir phráinneach so.
Tá soláthar déanta fé Mhírcheann H 4 d'obair atá beartuithe a dhéanamh ar thighthe comhnaithe do mhúintóirí sa bhFíor-Ghaeltacht.
Fé Mhírcheann I teasbántar an méid airgid a meastar a bhéas le fáil ar feadh na bliana ó dhíolacháin na dTionnscal Tuaithe, ó dhíolacháin na dTionnscal Ceilpe agus Feamna, ó dhíolacháin na Cairrgín Bidh, ó aisíocanna iasacht, ó chíosanna tighthe múinteoirí scoile agus ó fháltaisí ilghnéitheacha a bhaineas le hobair na Fo-Roinne. Meastar go mbeidh £155,000 de dhíolacháin ag na Tionnscail Tuaithe i mbliana i gcoinnibh an £130,000 don bhliain anuraidh. Táthar ag súil go mbaileófar £143,200 de sna díolacháin sin ar feadh na bliana i gcoinnibh an £126,500 don bhlian roimhe.
Meastar go n-íocfar £40,700 i leith págh na n-oibrithe i mbliana, agus roinnfear an págh sin ar tuairim is 1,000 oibrithe atá fostuithe i 32 Ionad Tionnscail sa Ghaeltacht. Do híocadh, mar phágh:—
£9,802
|
sa bhliain
|
1935-36
|
£12,768
|
,,,,
|
1936-37
|
£14,680
|
,,,,
|
1937-38
|
£18,766
|
,,,,
|
1938-39
|
£26,391
|
,,,,
|
1939-40
|
Sa Mheastachán do 1940-41 bhí £37,000, agus i mbliana meastar go roinnfear £40,700 ar na h-oibrithe. Chífear ón méid sin go bhfuil méadú ana-mhór tagtha ar phágh na n-oibrithe ón bhliain 1935-36, agus gur mór an rud é do mhuinntir na Gaeltachta na Tionnscail Tuaithe sin bheith ar siubhal na laetheannta so. Tá deacrachtaí móra ag baint le h-adhbhair dhéantóireachta fháil dos na tionnscail, ach táimíd ag déanamh ár ndíchill chun ná beadh orainn aon cheann des na tionnscail seanbhunuithe seo do dhúnadh cheal adhbhar déantóireachta.
Tá cúntaisí trádála ullmhuithe dos na blianta ó 1935-36 go 1939-40. Leagadh na cunntaisí ó 1935-36 go 1937-38 ar Bhórd na Dála cheana. Tá cuntaisí na mblianta 1938-39 agus 1939-40 dá n-iniúchadh fé láthair ag an Árd-Reachtaire Cuntas Ciste agus táthar ag súil leis nach ró-fhada go dtí go leagfar iad-san freisin ar Bhórd na Dála.
Meastar méid na bhfáltas a gheobhfar ó dhíolacháin na dTionnscal Ceilpe agus Feamna do réir an mhéid caithteachais dár cóirigheadh fé Mhírcheann E 3. Is féidir, do réir mar a tuigtear dhúinn fé láthair, go mbeidh i bhfad níos mó ceilpe agus feamna á díol againn, agus go mbeidh, dá bharr sin, breis airgid le fáil. Má bhíonn, méadófar dá réir an méid a bhéas le n-íoc fé Mhírcheann E 3. Tá margaí cinnte fachta againn don Cheilp agus don bhFeamain dá gcóirightear sa Mheastachán.
Ní gá mórán a rádh i dtaobh na bhfáltaisí ó dhíolacháin an charraigín ach a chur in iúl ná baineann na fáltaisí sin ach leis an gcairrgín bidh a dhíolann an Fhó-Roinn. Níl aon trácht sa Mheastachán ar thionnscal an ghnáth-chairrgín tráchtála, rud a fágtar fé dhaoine príobháideacha. Cuireann an Fhó-Roinn suim ann, ámhthach, agus ó am go h-am, gheibhtear tuarasgbhála i dtaobh na bpraghsanna a h-íoctar leis na bailitheoirí. Féachtar chuige go mbíonn cothrom na féinne á fháil ag na bailitheóirí.
Ag féachaint do gach rud is dóigh liom nár mhisde dhúinn bheith buidheach go dteasbánann an Meastachán so borradh maith láidir bheith ins na Tionnscail Tuaithe agus Mara agus gur mó, dá bhrigh sin, an t-airgead a bhéas dá roinnt i mbliana ar mhuinntir na Gaeltachta.