Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 20 Nov 1941

Vol. 85 No. 6

Committee on Finance. - Vote 46—Primary Education.

Tairgim:

Go ndeontar suim breise, ná raghaidh thar £37,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníochtha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1942, chun Bun-Oideachais, maraon le hAoisliúntas Múinteoirí Scoile Náisiúnta agus Deontas-i-gCabhair, etc.

Tá an t-airgead breise seo ag teastáil le haghaidh dhá sheirbhís. An chéad cheann aca sin, do thárla ann é de thoradh na breithe agus an dearbhuithe do rinne an Chúirt Uachtarach, an 15adh lá de Mhí na Nodlag, 1940, sa chás úd Mhic an Eanaigh—v— An tAire Oideachais. Do bhain an cás sin le rialú do rinne an tAire do bhí i mbun na Roinne Oideachais i mbliain a 1930—rialú d'orduigh go mba riachtanach cáilíochta i nGaedhilg do bheith ag oidí chun méaduithe tuarastail agus chun bónusanna d'fháil mar gheall ar cháilíochta fá leith.

Maidir leis an nGaeltacht, b'é brí an riaghluithe go gcaithfeadh teastas dhá-theangach do bheith ag oidí ón 30adh lá de Mheitheamh, 1932. Oidí do bhí faoi 30 mbliana d'aois an 1adh lá de Mhí Iúil, 1922, agus do bheadh ag teagasc sa Ghalltacht, do chaithfeadh gnáth-theastas do bheith aca ón 30adh lá de Mheitheamh, 1932, agus do chaithfeadh teastas dhá-theangach do bheith aca ón 30adh lá de Mheitheamh, 1935. Oidí do bheadh gan teastas dhá-theangach, ní bhfuighdís bónusanna ar son cáilíochta fá leith ón 1adh lá de Mhí Iúil, 1931.

Do rinneadh an rialú sin de réir pholasaí an Riaghaltais chun an teanga Ghaedhilge d'aithbheóchaint, agus ní raibh an lucht riaracháin i n-amhras ar bith fá n-a gcumas sa scéal. B'antábhachtach an roinn de chlár na mbun-scol do bhí i gceist, agus do mheas an lucht riaracháin go raibh lán-chumas aca a dhearbhú nárbh fhiú breiseanna tuarastail oidí do rinne faillighe sa chaoi do bhí aca, ó bhliain a 1922, chun na cáilíochta oiriúnacha do ghnóthú.

Do bhí na hoidí scoile i n-aghaidh an riaghluithe seo, agus, ó am go ham, do chuir siad a ndearcadh fhéin i bhfios don Roinn go dian. Mar gheall air sin, do thárla, i mbliain a 1938, go ndearnas athruithe do chuir feabhas mór ar chúrsaí an airgid, ó thaobh na n-oidí den chúis. Acht níor leor le Cumann na nOidí an ghéilliúin do rinneadh. Do chuir siad an cás i láthair na hArd-Chúirte, agus do tugadh breith i bhfábhar an Aire. Do hathéisteadh an cás sa Chúirt Uachtaraigh, agus do tugadh contráracht na breithe do bhí déanta ag an Ard-Chúirt. Furmhór bhreitheamh na Cúirte Uachtaraighe d'áirimh siad an connradh seirbhíse do bheith ag saoradh Mhic an Éanaigh ar choinníollacha breis-thuarastail nach raibh i bhfeidhm tráth tháinig seisean isteach sa tseirbhís.

Tá machtnamh cúramach déanta ag an Riaghaltas ar thoradh na breithe sin, agus tá cinnte aca gníomh do dhéanamh ionann agus dá mbéadh Riaghail 77 as feidhm sa mhéid a bhaineas le hoidí do bhí go cinnte sa tseirbhís roimh an dáta a ndearnadh an Riaghail d'fhoillsiú. Tá cinnte aca, freisin, go n-íocfar ina iomláine an méid tuarastail do coinníodh ó na hoidí a mbaineann an cás leo. Tuairim agus £93,000 suim an airgid sin, go dtí an 30adh de Mheán Fomhair, 1941, agus (má's toil leis an Dáil é) táthar ag brath a íoc ina dhá thráth-chuid—an chéad tráth-chuid faoi cheann míosa nó mar sin, agus an dara ceann sa bhliain airgeadais seo chughainn — ionnas nach gcuirfear as go ró-mhór don Aire Airgeadais. Mar eisceacht don tsocrú i gcoitchinne (.i. an t-iarmhar d'íoc ina dhá thráth-chuid) tá socair an méid iomlán a íoc i n-aon tsuim amháin ins na cásanna seo a leanas:—(a) cásanna nach bfuil níos mó ná £25 ar fad ag dul don mhúinteoir; (b) cásanna ina bhfuair an múinteoir bás ó shoin; (c) cásanna ina bhfuil an múinteoir tar éis éirghe as an seirbhís fén scéim aoisliuntais nó ar aon chaoi eile. Rátaí tuarastail na n-oidí a mbaineann an scéal leo, táthar tar éis a dtabhairt ar aghaidh chómh fada agus do bhéidís dá mbeifí gan Riaghail 77 do chur i bhfeidhm, agus íocfar na tuarastail dá réir sin ón ladh de Dheire Fomhair, 1941.

Níor chóir dom, dar liom, gan an méid seo do rá i leith an ghníomha do rinne an Roinn Oideachais maidir le Riaghail 77:—

Gan amhras ar bith, do bhí an Riaghail ar comhardadh le polasaí ceaduithe an Riaghaltais chun an teanga Ghaedhilge d'aithbheóchaint. Maidir le dleathacht na rialach sa mhéid do bhain sí le hoidí do bhí sa tseirbhís sul ar foillsiodh í, do bhítheas ar feadh deich mblian beagnach gan an cheist sin do thógáil ar chor ar bith. Dá dtuigtí ar dtúis go mb'fhéidir an cheist seo na dleathachta do bheith ann, d'fhéadfaí modh daingean do-bhriste d'fháil le haghaidh an chuspóra chéadna do bhí ag Riaghail 77.

Iarmhar an airgid atáthar a d'iarraidh sa Mheastachán Breise seo, tá sé ag teastáil chun páirt-íocaíocht do dhéanamh ar thuarastail na n-oidí atá i gceann adhbhar liteardha sna Scoileanna Ceartucháin agus sna Scoileanna Saothair. Mar is cuimhin leis na Teachtaí, do mhol an Coimisiún Fiosrúcháin go gcuirfí teagasc liteardha na scol sin i gcóimh-cheangal díreach le Brainnse an Bhun-Oideachais agus gur ón mBrainnse sin do gheobhadh na hoidí a dtuarastail. Do measadh go gcuirfeadh sin tuairim agus £30,000 sa bhliain de chostas ar an Stát; agus, gidh gur ghlac an Riaghaltas le prionsabal an mholta agus gur mhaith leo a chur i ngníomh, do cinneadh go gcaithfí fanúint go raghadh an saol chun socrachta agus chun feabhais maidir le cúrsaí airgid. Acht do tháinig iarratais tréana ó mhórán Teachta le linn díospóireacht na Meastachán, agus, mar gheall air sin, do bhíos i ndon a rá go dtabharfaí socrú isteach le haghaidh pháirtíocaíocht na dtuarastal i mbliadhna. Tá an scéim ullamh anois, agus táthar ag brath an íocaíocht do dhéanamh ionann agus dá mbeadh sí i bhfeidhm ón 1adh Abrán, 1941. £8,000 atáthar a d'iarraidh sa Mheastachán seo, agus do bhéadh £8,800 ag teasáil le haghaidh lán-bhliana.

Is cúis áthais dom é bheith le rá agam go bhfuil glactha ag Bainisteóirí na Scol leis an scéim seo. Ní hé amháin go dtugann sé congnamh maith airgid do na Scoileanna, ach tá sé ina thionnscnamh ar ní do bhí an-riachtanach .i. a chur i n-áirithe go mbéidh tuarastal cóir agus go mbéidh cáiliochta oiriúnacha ag na hoidí. Ba cheart a thuigsint nach dtiocfaidh faoi'n scéim acht daoine ag a bhfuil na cáilíochta atá riachtanach de ghnáth ag Oidí Bun-Scol—sin nó daoine mheasfaidh an Roinn do bheith oiriúnach mar gheall ar a gcáilíochta léighinn agus a gcleachtadh ar obair an teagaisc.

Mar atá luaidhte sa Mheastachán, tá tuairim agus 109 de na hoidí seo ann, agus leanfar de na síntiúis do bheireann na Bainisteóirí uatha le haghaidh thuarastail na n-oidí de réir £72 sa bhliain i gcás na bhfear agus £60 sa bhliain i gcás na mban. On Bhóta seo gheobhfar an chuid eile den airgead leis na tuarastail do chur ar an aonráta le tuarastail ghnáth-oidí na mBun-Scol.

Níl i síntiúis na mBainisteóirí acht socrú sealadach, dar ndóigh. I ndeireadh an scéil béidh costas iomlán na dtuarastal le híoc ag an Stát—gidh nach féidir liom a rá fá láthair cén uair a tosnófar dá dhéanamh sin.

Is áthas liom, freisin, bheith i ndon a rá go ndearnamar socrú i dtaobh scéime pinsean do na hoidí tuatha, agus táim ag súil leis an scéim do bheith ullamh ionnus go bhféadfar a iarraidh ar an Oireachtas glacadh leis roimh dheireadh na bliana.

An chéad leath de na riaráistí tuarastail a híocfar le hoidí mar gheall ar chás Mhic an Éanaigh, agus an t-airgead le haghaidh páirt-íocaíocht tuarastal na Scol Ceartúcháin agus na Scol Saothar, is é is iomlán dóibh £54,500. De thoradh sábhála atá measta do pháirteanna eile den Bhóta, táim ag baint £17,500 den iomlán sin —rud fhágfas ag teastáil anois suim ghlan de £37,000.

Tomás O Maoláin

An bhfuil an tAire i n-ann a rá linn an bhfuil sé ar intinn aige, nó an bhfuil sé fé bhreithniú ag Roinn an Oideachais, scéim a chur ar bun chun pinsean do thabhairt do sna múinteoirí ins na scoileanna seo, na scoileanna saothair agus eile? Tá cuid aca tar éis seirbhís cheathracha blian, cuir i gcás, do thabhairt i gcursaí oideachais sa tír seo. Is beag an t-éileamh aca sin agus is beag an chuid airgid atá i gceist, agus is mór an mhaith a dhéanfaidh sé má dheineann an tAire é sin.

In a very troubled world, Sir, we have reason to be pleased that this Estimate will solve two problems that were agitating the minds of a great many people over a long period.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire mar gheall ar an gcás a pléidheadh le déanaighe sa Chúirt Uachtarach. Ar chuir an bhreith a tugadh annsin an riaghail ar ceal ar fad agus an bhfuil fén Roinn aon tsocrú eile a dhéanamh chun ceart agus leas na Gaedhilge a chosaint mara raibh an riaghail sin do réir dlí? Níor mhaith liom, níor mhaith le Gaedhil, go ndéanfadh socrú mar sin aon díobháil do cheist na Gaedhilge ins na scoileanna nó do leathnú na Gaedhilge ar fud na tíre mar ghnáth-theangain. An féidir leis an Aire a rá an bhfuil an riaghail sin ar ceal anois ar fad mar gheall ar an mbreith a thug an Chúirt Uachtarach?

Mar gheall ar an bpointe a luaidh an Teachta O Briain, sé brí an bhreitheamhnais a tugadh ins an Chuirt Uachtarach ná go raibh furmhór na mbreitheamh ar an dtuairim annsin ná raibh de chead ag an Roinn riaghail nuadh a thabhairt isteach fé cheist cháilíochta a chuirfeadh isteach ar incrimintí nó aon cheist a bhaineas le tuarastal na múinteoirí—ná raibh de chead againn pionós a chur ar na múinteoirí nuair ná raibh na coinníollacha san ins an gconnradh ar dtúis. Mar sin, go raibh gach múinteoir a bhí sa tseirbhís roimhe sin, agus connradh déanta aige le bainisteoir, slán sábháilte ó aon riaghail a deineadh ag gearradh incriminte nó ag baint incriminte dhe—is cuma, ar ndóigh, ar bhain sé leis an nGaedhilg nó aon rud eile. Mar gheall air sin, tá na hoidí sin slán anois ach beidh sé d'fhiachaibh ar na múinteoirí eile, a tháinig isteach sa tseirbhís ó shoin, nó nach raibh connradh déanta aca le bainisteoir roimhe sin, an riaghail do chólíonadh. Ach na daoine a raibh connradh aca roimh an dáta sin, beidh siad saor.

Mar gheall ar an bpoinnte a luaidh an Teachta O Maoláin, dubhairt mé ins an tuairisc a thug me go bhfuil scéim pinsean á réidhtiú againn leis na múinteoirí seo. Tá socruithe againn scéim mar sin a chur i bhfeidhm agus táimíd ag súil go mbeimíd á cur fá bhráid an Oireachtais roimh dheire na bliana airgeadais seo.

Vote put and agreed to.
Supplementary Estimates, 20, 30, 69 and 46, reported and agreed to.
Barr
Roinn