Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 20 Oct 1943

Vol. 91 No. 6

Election of Leas-Cheann Comhairle.

Molaim:—

"Go dtoghfar Domhnall Mac Meanmain mar Leas-Cheann Comhairle na Dála."

Tá an Teachta Mac Meanmain ina Theachta Dála annso le sé bliana déag agus tá eolas cruinn beacht aige ar chúrsaí oibre na Dála agus na rialacha a stiúruíos ár gcuid díospóireachta. Tá an tuigse agus an eagna agus an fhoighid aige atá riachtanach leis an Dáil a stiúradh mar is cóir. Mar gur dligheadóir é tá an oiliúint agus an cleachtadh aige puintí deacra a réiteach. Tá cuid den draíocht chéanna aige atá agat féin, a Chinn Chomhairle, a ghníos an cam díreach agus an garbh mín. Mar bharr ar an cháilíocht so go léir tá an Ghaedhilig aige ón cliabhán mar tógadh é i nGleann na Finne i lár Ghaeltacht Thír Chonaill Mhic Néill.

Molaim mar sin go dtoghfar an Teachta Mac Meanmain mar Leas-Cheann Comhairle ar an Dáil.

Is maith liom cuidiú leis an moladh atá déanta ag an Teachta Mac Pháidin go dtoghfaí Domhnall Mac Meanmain mar Leas-Cheann Chomhairle ar an Dáil. Sa bhliain seo atá ina fhéile leath-chéad ar bhunú Chonnradh na Gaedhilge ag an té atá anois ina Uachtarán ar Éirinn, is moladh don Teach go mbeidh beirt Ghaelgeoirí ag stiúradh an Tighe —Teachta as Fíor-Ghaeltacht an larthair os cionn an halmadóir, agus Teachta as an bhFíor-Ghaeltacht ó Thuaidh faoi. Deir an Teachta Mac Pháidín go bhfuil go leor cosúlacht ag an Teachta Mac Meanmain leis an gCeann Comhairle ar go leor bealaighe. Mar sin, níl aon chall dúinn faitíos bheith orainn nach mbeidh sé díreach ina chuid gnaithe. Molaim don Teach é thoghadh.

Question put and agreed to.
Barr
Roinn