Tairgim: "Go léighfear an Bille seo an dara huair." Sé fáth an Bhille seo comhacht a thabhairt do Chomhairlí Contae agus do Chomhairlí Buirge scéimeanna a cheapadh agus airgead a chur ar fáil fá chóir scoláireachtaí i Meán-scoileanna, i Scoltacha Gairm-Oideachais agus i scoltacha ceaduithe nach iad. Beidh na scéimeanna sin ag braith ar aontú Aire an Oideachais. Ordú a tugadh sa Dara Dáil a thug comhacht i dtosach scéimeanna a cheapadh agus ráta a leagan i gcóir na scoláireachtaí sin. Nuair a ritheadh an tAcht um Rialtas Aitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923, tugadh an chomhacht sin ann in Alt a 17. Ach hathghairmeadh go hiomlán Acht na bliana 1923, nuair a ritheadh Acht Rialtais Aitiúil na bliana 1941. Ar an ábhar sin, níorbh fhuláir dlí a dhéanamh leis an gcomhacht a bhí ag Udaráis Aitiúla scéimeanna den chineál sin a leagan amach agus a riaradh a fhágáil acu. Ní hamháin sin ach bhí sé riachtanach leis na scéimeanna atá i bhfeidhm fá láthair agus a bhí i bhfeidhm ó hathghairmeadh Acht na bliana 1923 a dhéanamh dleathach.
On gcéad lá ar bunuíodh na scéimeanna sin, fuair 6,000 duine idir buachaillí agus cailíní oideachas Meánscoile no Gairm-Oideachas dá mbárr. Cé's moite de chupla cás, daoine iad sin nach mbeadh deis acu a leitheid d'oideachas fháil marach é. Níl bliain dá dteigheann thart nach dtagann athrú ar líon na gComhairlí a cheapas a leitheidí de scéimeanna, do réir mar fheileas dóibh a dhéanamh. Cuireann sé ríméad orm a rá, áfach, nach bhfuilComhairle ná Bárdas in Eirinn, ach ceann amháin, nach bhfuil fútha scéimeanna a cheapadh i gcóir na bliana 1944. Má smaoinítear ar an droch-bhail atá ar an saol fá láthair ní bréag ar bith a rá nach ro-ioncháinte an socrú fá chóir scoláireachtaí atá dhá dhéanamh i láthair na huaire ag na Comhairlí céanna. Ach do réir mar thiocfas malairt cóir ar an saol, tá súil agam go mbeidh ar chumas na nUdarás Aitiúil cur lena gcuid scéimeanna, agus go bhféadfa siad tuille airgid a chur ar fáil do mhalraigh nach mbeadh sé de bhrabach ortha thar oideachas bunscoile fháil, sin dá bhféadaidís a chruthú trí scrúdú no eile go mbeadh ar a gcumas tairbhe a bhaint as an deis a tiubharfaí dhóibh ar oideachas níos fearr fháil.
Gidh gurb iad na hUdaráis Aitiúla, mar adubhras cheana, a chuireann ceann ar gach scéim, agus gur as na rátaí a thagas an t-airgead ina gcóir, socruíodh leis an Aire Riaghaltais Aiteamhail gur ar Roinn an Oideachais, o cheart, ba chóir cúram an Bhille seo a bheith, thárla dlúthbhaint a bheith aige le cúrsaí oideachais.
Glacadh mar bhonn don Bhille seo leis na socruithe i gcóir na scéimeanna seo a bhí in Alt 17 d'Acht na bliana 1923. Ach de thairbhe an eolais a cuireadh o shoin i leith ar riaradh na scéimeanna, gan trácht ar na hathruithe a tháinig o thaobh riartha ar rialú áitiúil féin, ceaptar nach fuláir socrú níos cruinne a dhéanamh maidir le modh oibre agus modh riartha na scéimeanna seo sa saol atá romhainn. Ceist a scrúduíodh go mion, ar chóir iallach a chur ar Udaráis Áitiúla socrú a dhéanamh i gcóir scoláireachtaí no ar chóir a fhágáil fútha féin sin a dhéanamh mar a bhí in Acht na bliana 1923. Taréis gach ní a chur san áireamh shocruigh mé gur fútha féin a fágfaí scéimeanna a cheapadh no gan a cheapadh.
Fá'n socrú nua isé an tUdarás Áitiúil a cheapfas scéim dó féin agus ansin cuirfe sé ós cóir Aire an Oideachais é. Tig leis an Aire aontú no gan aontú le haon chuid de. No go n-aontuighe seisean leis ní thiocfaidh aon scéim i bhfeidhm. Má dhiúltuíonn an tAire aontú leis ní thiocfa sé i bhfeidhm no go ndéantar athrú air do réir mar mheasann seisean a bheith riachtanach. Is cuma cén scéim a ceapfar ní thig le dalta scoláireacht fháil gan scrúdú oideachais a sheasamh. Ach is gnás a bhí ann, agus ní gá aon athrú a dhéanamh air sa mBille seo, é bheith de chead ag Udaráis Áitiúla pé socrú fá leith a dhéanamh a mheasas siad a bheith riachtanach dá gceanntar féin, sin má bhíonn brí agus bunús leis.