Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 17 Jul 1945

Vol. 97 No. 23

Committee On Finance. - Documents and Pictures (Regulation of Export) Bill, 1945—Money Resolution.

Tairgim:—

Go bhfuil sé oiriúnach a údarú go n-íocfaí as airgead a sholáthróidh an tOireachtas an costas faoina raghaidh an tAire Oideachais chun aon Acht do riaradh a rithfear sa tSiosón so do dhéanamh rialála ar onnmhuiriú scríbhní agus pictiúirí d'fhonn breacacháin do choimeád orthu san atá inspéise ó thaobh cúrsaí náisiúnta, staire, geinealais nó litríochta.

Ní dóigh liom go mbeidh morán costais ag baint leis an mBille seo. Beidh an scéim faoi stiúriú Stiúrthóra na Leabharainne Naisiúnta agus a chomh-oibritheoirí ansin. Níl a fhios agam cad é an costas a bheas ann ach ní dóigh liom go mbeidh morán i gceist. Tá an obair ar siúl cheana sa Leabharlainn Naisiúnta agus is mó dhéanfaid faoin scéim nua, ach ní féidir liom aon tuairim chruinn do thabhairt ar an méid airgid a chosnós sé.

Tá tuairim ag a lán daoine go mbeidh ar atúrnaithe uachtanna agus foirmeacha do chur isteach chun an Aire faoin mBille seo agus más mar sin atá an scéal nach mbeidh a lán costaisí ag baint leis? B'fhéidir go mbeadh an tAire i ndon a innsint dúinn an gá ceadúnaisí d'fháil chun scríbhinní mar sin do cur amach as an tír.

Má bhíonn siad níos mó ná céad bliain d'aois. Muna mbí, ní cuirfear aon bhac leo ach tá mé a cur leasú isteach mar gheall ar an gceist. Tá dhá ní ann: d'fhéadfainn ceadúnaisí a thabhairt chun iad d'easpórtáil gan aon chóip a bheith déanta dhíobh agus d'fhéadfhainn eisceacht a dhéanamh, más rud é gúr pictiúirí nó scríbhinní iad. Más soiléir gur beag de thábhacht iad, is féidir linn eisceacht ghinerálta do dhéanamh díobh. Tá an leasú sin ar an bpáipéar inniu.

Ceist curtha agus aontaithe.

Tuairisc tugtha ar an Rún Airgid agus Rún aontaithe.

Barr
Roinn