Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 29 Apr 1947

Vol. 105 No. 12

Written Answers. - Cúnamh Difhostaíochta.

D'fhiafraigh Gearóid Mac Pharthaláin den Aire Leasa Shóisialaigh an inseoidh sé, alos na bliana airgeadais seo caite, cé mhéad Cúnaimh Difhostaíochta a híocadh: (a) le daoine a raibh luacháil a gcuid talún (i) faoi bhun dhá phunt; (ii) idir dhá phunt agus trí phunt; (iii) idir trí phunt agus cheithre punt; agus (iv) os cionn cheithre punt; (b) le daoine nach raibh aon talamh acu, ach a raibh cleithiúnaithe orthu; agus (c) le daoine gan talamh, gan cleithiúnaithe.

Níl an t-eolas a iarras an Teachta le fáil agus ní féidir é a chur le chéile as na cuntais ar íocaíochta Cúnaimh Dífhostaíochta a fáitear gach seachtain mar nach ndéantar deighilt iontu idir íocaíochta do shealbhóirí talún agus íocaíochta do dhaoine eile.

Barr
Roinn