Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 3 Jul 1947

Vol. 107 No. 7

Supplementary Estimate, 1947-48. - Vote 49—Science and Art.

Tairgim:

Go ndeonfar suim bhreise nach mó ná £1,500 chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31 Márta, 1934, i leith Tuarastal agus Caiteachas na bhForas Eolaíochta agus Ealaíon i leith Seirbhísí Ilghnéitheacha áirithe Oideachasúla agus Cúltúrtha, i leith Chuimhneachán Céad Blian Thomáis Dáibhis agus Ghluaiseachta na nEireannach Óg, agus i leith Ildeontas i gCabhair.

San am ina raibh na Meastacháin i gcóir na Roinne Oideachais á n-ullmhú, bhíothas tar éis an soláthar d'Oireachtas na Gaeilge a mhéadú ó £750 go £1,000. Ach ón am sín i leith, bhí Coiste an Oireachtais ag dianiarraidh £1,500 de dheontas speisialta a sholáthar dóibh i mbliana toise gur féile leathchéad blian an Oireachtais a bheas ann. Cuireadh an tOireachtas ar bun don chéad uair sa mbliain 1897, agus ba mhaith leis an gCoiste go speisialta an Fhéile a chomóradh i mbliana ar chuma a bheadh ina cheiliúradh cuí ar an ócáid stairiúil atá le bheith ann. Chuige sin tá beartaithe acu an Fhéile a choimeád ar siúl go ceann coicíse—in ionad seachtaine mar ba ghnáth—agus a lán gnéithe nua a chur léi. Ar na gnéithe nua sin, beidh Pageant stairiúil ar fhaiche Choláiste na Tríonóide, Taispeántas Leabhar agus Scríbheann Gaeilge, agus Taispeántas Mór Béaloideasa. Áirítear go gcosnóidh a bhfuil beartaithe £5,000 ar a laghad. Toisc cúrsaí speisialta an cháis, tá beartaithe ag an Rialtas géilleadh d'iarratas an Choiste, agus is mian liom a mholadh don Dáil an breisdheontas de £1,500 a sholáthar ar mhaithe le hOireachtas na Gaeilge i mbliana.

h-Aontaíodh leis an Meastachán Breise.

Barr
Roinn